25 July 2015

Fontenoy arís

Agus mé ag saoire d'athléigh mé Fontenoy Mhic Cóil . Ba tairbheach an athléimh a bhí ann. Sílim go raibh barraíocht aird agam ar an eachtra agus níor thug mé na leibhéil san insint faoi deara i gceart. Go deimhin, is dócha gur léigh fánach a fuair smaointe fealsúnachta an údair. Tá mar a bheadh trí ciorcal san reacaireacht. Croí na reacaireachta scéal an Oifigigh Uí Raghallaigh féin, aimsithe mar dheá i gcartlann i sa bhFrainc.
Tá cuma Gaeilge na linne curtha ar na sleachta sin, ach gan é sin a bheith ina fhál go haer don léitheoir líofa i nGaeilge na linne seo.
Ansin tá an comhrá idir an Oifigeach agus staraí de chuid Rí na Fraince, nach n-ainmnítear sa leabhar. Ach tá tagairt do dhán dá chuid agus leathrann as luaite; níor thóg sé mórán taighde orm tuiscint gur Voltaire a bhí i gceist. Níor thuig mé gurbh bolscaire do chogaí an Rí a bhí ann! (Tá teacht ar an dán agus aiste ag dul leis anseo). Tá an chuid seo den reacaireacht suite san am i ndiaidh Blàr Chùil Lodair áit a thráigh an dóchas a bhí ina thuile i ndiaidh briseadh na Sasanach ag lámha Éireannacha i Fontenoy.
Ansin tá smaointe agus tráchtaireacht an údair féin, ag cíoradh agus ag spíonadh an méid a léiríonn Ó Raghallaigh agus Voltaire ina gcomhrá agus ina gcuid scríobh.
Cur síos fuarchúiseach ar ár an chogaidh, ar chúraimí agus smaointe oifigeach coinsiasach laistigh de srianta na linne; ré ina raibh an troid aghaidh ar aghaidh, go bhfaca fir agus oifigeach toradh fuilteach a gcuid oibre ós a gcomhair agus faoina gcosa.
Macallaí áirithe de "Faic nua san Iarthair" Remarque, brúidiúlacht agus éigiall an chogaidh ach na fir ag leanacht orthu mar nach bhfuil an dara rogha acu.
Ach b'fhearr le gach fear a bheith ag tochailt a gharraí féin ag baile, rud atá ceilte air ag naimhdeas agus aindlí na naimhde a a bhfuil a n-arm anois ós a chomhair.
Sár leabhar. Lón machnamh.



Fontenoy
Liam Mac Cóil

€12.50 (bog), 192 lch;
ISBN 978-0-898332-5-7

1 comment:

SeanO said...

Tá saothar seo Mhac Cóil ar ghearrliosta mo rogha leabhar, é léite faoi thrí agam agus creidim go bhfuil mo thuiscint ar a bhfuil le rá ag an údar méadaithe dá réir. Im chás féin feicim gur riachtanach dom bun-théama plé an údair seo a aimsiú chun tairbhe seachas pléisiúr na scéalaíochta a bhaint as an úrscéal. I gcás Fontenoy, creidim gurb é buntéama an leabhair ná go bhfuil géarghá le fáil a bheith ar iliomad leagan ar an stair; an leagan oifigiúil, ar leagan an bhuaiteora é de ghnáth, leagan an lucht chloíte agus lear mór leaganacha nach iad, ar a bhfuil leaganacha béaloidis, tuiscint ag an léitheoir/éisteoir i gcónaí go bhfuil gach leagan fabhtach.
Mar shampla de stair lochtach, seo scéilín daoibh. De réir stair bhéaloidis ár gclainne, stair a chuala mé ó uncail liom agus mé ag éirí aníos, níor fhoghlaim mo sheanathair Joe O’Connor litriú agus scríobh an Bhéarla go dtí go raibh sé mar chime in Frongoch i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Aisteach, mar sin, go raibh sé, roimh an Éirí Amach, fostaithe mar chléireach ag Bardas Bhaile Átha Cliath: cléireach neamhliteartha!