Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-08-14

Leabhar salach?

Bíonn ribe i mbrille ag daoine áirithe maidir le hanghrá a chuir ar fáil do lucht foghlamtha na Gaeilge d'fhoinn iad a spreagadh. Bodaigh eile ag maíomh nach dtig an bobailín a scaoileadh amach as Gaeilge, nach bhfuil an friotal ann chuige. Tá foclóir na collaíochta ann, ach as cló. Tá An Leabhar Craicinn curtha ar fáil ag Panu, ar ndóigh. Fir a bhí i mbun pinn sna cásanna sin, agus chuala cáineadh ar an bhfoclóir ach go háirithe nach dtugann sé a cheart do na mná.

Seachnaím féin a leithéidí go hiondúil. Níl aon ghá ag heitrighnéasach fir meánaosta le spreagadh chun drúise, go háirithe san samhraidh agus brollaigh ar leis agus tóin teanna gach áit.

Ach spreag blaisíní Réaltán dá saothar aistriúcháin m'fhiosracht. Físeáin chliste ar Vimeo (tá guth baolach aici mar Réaltán)

Chuir sí chugam na nóibhillí (atá ar fáil i bhfoirm leictreonach anseo 1,2,3) .

Go hiondúil diúltaím don focal salach agus cúrsaí collaíochta faoi chamáin. Ní bhaineann salachar le gean nó miangas cuma cé chomh drúisiúil nó graosta is atá.

Ach tá salach cuí mar chuir síos ar iompar na bhfear anseo, fir nach bhfeiceann ach pit chun ainmhian a mbod a shásamh go sealadach.  Maith go leor tá spéis acu i mása agus cíocha chun a mbod a chuir ag at. Ach is beag spéis acu sa duine. 

Tá dóchas éigin i scéal Shirley sa mhéid is go nglacann sí féin greim ar a saol, ar a pósadh, agus faigheann a nuachar tuiscint nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid den cúnant, sa leapa ná lasmuigh. 

Suaracháin na fir san dá scéal eile áfach, nach bhfuil le rá ar a son ná ar a laghad nach ndeachaigh siad chomh fada le héigniú ina n-andúil. Seachas sin d'fhill duine acu ar na striapacha a íoctar as cuir suas leis, agus an duine eile ar a lámhchartadh suarach.

Is eagal liom gur fuinneog isteach i saol na meánaicme seo, an dream sin a bhfuil a bpostaí tar éis clis ceal aire agus atá ag útamáil thart ag únfairt i bpraiseach a cuid saolta. 

Saol sách ghruama, ach réalaíoch is dócha. Réabhlóid na collaíochta ag ithe a hál.

Tá an saol curtha inár láthair go fiúntach ag Réaltán, rogha cúramach friotail.