Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-11-28

An Gael mé?

Ceist atá anseo a tháinig chun cinn le linn seimineár Conradh na Gaeilge Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? Dúirt duine den lucht féachana, ainneoin gur tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath é, nár bhraith sé gurbh Gael é.

Luaigh duine eile gurbh é an bhrí a bhainfí as Gael i dTír Chonaill ná Caitliceach Rómhánach; rud atá ag teacht leis ceann den sainmhínithe ag an Duinníneach.

Ar an lámh eile is gnáth tagairt dóibh féin ag lucht labhartha Gaeilge na hAlban "Gael". Luaigh Ciarán Dunbar go mbíonn daoine áirithe sna sé contae ag tabhairt Gael orthu féin fiú nuair nach bhfuil Gaeilge acu. Nuair a cuireadh an cheist ar Chris McGimpsey dúirt sé nach raibh sé tar éis aon mhachnamh a dhéanamh ar an gceist; ach ó tharla a mhuintir a bheith siar aniar sruth na Maoile leis na céadta bliain gurbh dócha gurbh ea.

B'fhearr liomsa rá go bhfuil Gaeilge agam seachas gur Gael mé nó go deimhin Gaeilgeoir. Ní ionannaím le nath de Hindeberg:
Gael mise agus ní thuigim gur cúis náire dom é.


Risteard de Hindeberg  (1863 - 1916)
Maidir le Gaeilgeoir, bheinn ar aon fhocal le Colm Mac Con Iomaire:
Dar leis an mBéarlóir is fanaiceach teanga agus cancrán, ach dáiríre díol trua an Gaeilgeoir; dar le muintir na Gaeltachta, foghlaimeoir ar bheagán Gaeilge an Gaeilgeoir ... agus díol trua. 
Ní thagann náire ná mórtas i gceist dar liom; agus cinnte ní mhothaím gur díol trua mé.

Leis an siar agus aniar le cúpla lá tá mo mharana déanta agam ar an gceist; sílim go mbaineann mo dhearcadh le mo thaithí agus an dóigh ar múnlaíodh m'fhéiniúlacht agus mo thaithí ar an nGaeilge.

Garmhac de chuid na hAthbheochana mise. Murach gur chinn mo shin shean athair Liam Ó hAlmhain ag tús ré na hAthbheochana Gaeilge a fhoghlaim, agus go ndeachaigh a mhac Diarmuid Ó hAlmhain chun na Gaeltachta(Com Dhíneol i gCorca Dhuibhne) le seilbh ceart a fháil uirthi, ar éigean go mbeadh Gaeilge agam. Thóg Diarmuid a chlann le Gaeilge; thóg a mhac, m'athair, muide le Gaeilge freisin. As lár tíre mo mháthair ach ba oidí a dtuismitheoirí araon, agus chuaigh sí féin le múinteoireacht ag am go raibh ábhar oidí bunscoile sách líofa sa teanga. Fágann sin áfach nach bhfuil ceangal gaoil agam leis an nGaeltacht agus diomaite de saoire teaghlaigh amháin ar Árainn agus mé sna déaga ní cuimhin liom gur chaith muid mórán ama sa Ghaeltacht. Níor fhreastail mé ar aon chúrsa Gaeltachta riamh.

D'fhreastail mé ar bhunscoileanna lán Gaeilge ceart go leor, Scoil Bhríde i dtosach agus ansin Scoil Lorcáin. Ach is trí Bhéarla a fuair mé mo mheánoideachas. Is beag teagmháil atá agam leis an dream a bhí ar an mbunscoil liom; ní bhainim dáiríre le pobal scoile ar bith.

Cé go raibh Gaeilge a labhairt sa bhaile againn, is teanga teaghlaigh agus gaoil a bhí inti, seachas go raibh cúpla teaghlach eile de cineál céanna a raibh aithne ag mo thuismitheoirí orthu a mbíodh muid ag tabhairt cuaird ar a chéile. Bhíodh au-pair ón Spáinn againn go hiondúil, rud a d'fhág go raibh Béarla agus Gaeilge á labhairt timpeall an tí ó thús.

Sa mhullach ar sin bhí doicheall sna 1970í agus 1980í roimh daoine le Gaeilge, is minic talamh slán déanta de bá a bheith ag lucht na Gaeilge leis na Sealadaigh ag am go raibh na Trioblóidí fíor ghránna. Is dócha gur fhág sin cúthail áirithe orm. Sin rud atá athraithe buíochas le Dia; níl aon drogall orm Gaeilge a labhairt le mo leanaí. Cuirtear forrán orm go minic ach is moltach a bhíonn na daoine. (Pian sa tóin atá ansin, ach ní bagairt atá ann)

Agus mise ar an Ollscoil i COBÁC bhí An Roinn Innealtóireachta fós i lár na cathrach, i bPort an Iarla agus Sráid Mhuirfean, agus mórán gach rud eile san Ollscoil i Belfield. D'fhág sin nach raibh ach fíorbheagán teagmhála agam le leithéidí an Chumann Gaelaigh.

Díreach tar éis na hOllscoile chuaigh mé chun na Gearmáine. Is dócha gur shoiléirigh sin m'fhéiniúlacht. Bhí labhairt na Gaeilge lárnach san tuiscint a tháinig chugham ar m'fhéiniúlacht, ach ba lú fós na deiseanna Gaeilge a labhairt thall. Lorg mé Ó agus Mac sna leabhair fón agus d'éirigh liom teacht ar dhuine nó beirt.

Ach dáiríre ar feadh i bhfad, agus go deimhin fós, is Gaeltacht na Leabhair is mó tionchar ar mo chuid Gaeilge. I lár na 1990í tháinig an idirlíon isteach i'm shaol agus d'eascair deiseanna eile Gaeilgeoireachta as sin. Liostaí r-phoist i dtosach, ansin cláir plé, agus anois Twitter.

Fós féin, agus ainneoin mé a bheith fillte anois le cúig bliana déag ar Éirinn, ní mhothaím gur cuid de phobal ar leith mé. Seans gurbh é sin an chúis, ainneoin labhairt na Gaeilge a bheith lárnach i'm fhéiniúlacht, nach ndéanaim ionannú leis an lipéad "Gael" in aon chor.

Ceist eile ná an féidir bheith i do Ghael gan labhairt na Gaeilge.

Luaigh Daithí de Mórdha ar Twitter Cumann Lúthchleas Gael agus Ceol Gaelach.

Tá sé de bhuntáiste ag an dá rud sin go dtig le duine pléisiúir a bhaint as spóirt gan a bheith aclaí, agus as ceoil gan seinm. Ní mór cuir san áireamh freisin go bhfuil CLG ann ón 19ú aois agus pobal mór láidir a chothú, fréamhaithe i ngach paróiste san tír. Bhí an Ceol Gaelach ar an dé deireadh go dtí gur cuireadh tús leis na Píobairí Uilleann agus ansin Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Arís tá pobal tógtha ag CCÉ tríd na craobhacha ar fud na tíre, agus go deimhin na cruinne, agus fearacht comórtais CLG tá na Fleadhanna Contae, Cúige agus Éireann ag CCÉ.

An deacracht le teanga na Gaeilge ná nach mbeadh lucht féachana i gceist go hiondúil. Éiríonn le hIMRAM daoine gan Gaeilge a mhealladh chuig a gcuid imeachtaí - ach is tríd ceol agus fís a mheallann siad daoine.

Tá ról tábhachtach ag TG4 sa ról sin, ach ag deireadh an lae gan í a fhoghlaim ní dóigh liom gur féidir glacadh leis an nGaeilge mar chuid de féiniúlacht.

N'fheadar. Seans gur Gael mé tar éis an tsaoil....