Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-11-13

Deich bliana ag blagadóireacht

Blagmhír scríofa de réir míosa
Cothrom an ama seo deich bliana ó shin, bhí mé ag iarraidh píosa eolais a roinnt le duine a raibh blagmhír scríofa aige. Ba ghá cuntas Blogger a oscailt le tagairt a scríobh ar a bhlag. Rinne mé amhlaidh, agus diaidh ar ndiaidh thosaigh mé ag scríobh anseo ar téamaí éagsúla. 

Mar is léir ón bpictiúr thuas thosaigh mé amach go mall, agus is i 2009 agus 2010 is mór a bhí míreanna á fhoilsiú agam, Cuid acu sách gairid, cúpla focal le nasc chuig píosa eile a chuir i láthair. Píosaí eile níos téagartha. Bhíodh go leor á scríobh agam faoi chúrsaí teicniúla. Bím ag scríobh go minic faoi turais nó siúlóidí, agus go minic faoi leabhair atá léite agam. 

Is cosúil go bhfuil an scéal deiridh sin scaipthe; is faoi leabhair a cheannaigh nó a fuair mé ón leabharlann a thosaigh mé ag scríobh; ach scaití cuirtear leabhar chugam le léirmheas a dhéanamh orthu. Roinnt den léirmheastóireacht sin is ar son An Tuairisceoir a rinne mé é, cuid eile foilsíodh abhus é.  Más mise féin a roghnaigh an leabhar, ní fhoilsím faic murar thaitin sé liom. Le leabhar a chuirtear chugam, déanaim mo dhícheall breithiúnas cóir a thabhairt. Fós tá sé ionam abhus gurbh fearr gan faic a rá mura bhfuil rud dearfach le rá agam. Aithním go bhfuil baol agus dúshlán ansin. Ach is léitheoir mé a léann ar son siamsaíochta agus ní criticeoir le oiliúint.

Tá toise eile le cuir san áireamh; i mo shaol gairmiúil bíonn baint agam le promhadh agus deimhniú bogearraí - fiú anois agus mé fillte i dtreo an fhorbairt. Ciallaíonn sin go bhfuil sé de dhualgas orm lochtanna a lorg agus a aimsiú, tréaniarracht a dhéanamh rudaí a bhriseadh. Éiríonn an cumas sin scíth, bíonn mar a bheadh crampa ar an anam a fhágann duine duairc dá bharr. Bíonn cóimheá saoil áirithe i gceist le píosa dearfacha a scríobh.

Is ar mhaithe liom féin atá an blag seo ann, pé scéal é, seachas ar mhaith le léitheoirí!

An mana atá agam, cuid den fíor bheagán atá fanta liom ó mo chuid scolaíochta ná nath Bacon ina aiste ar staidéir:
Léamh a dhéanann duine iomlán 
Allagar duine deisbhéalach 
Scríobh duine cruinn 
Francis Bacon 

Tá dhá líne dearg ar an léaráid thuas. Seasann an líne ar dheis, thart ar deireadh 2010, don am a thosaigh mé ar Twitter;  is ansin anois a tharraingím aird ar phíosa atá scríofa ag daoine eile. Seasann an líne ar dheis do thús an bhlag Rogha Gabriel.

Tá go leor den comhrá ar Twitter anois - is annamh a bhíonn comhrá sna tráchtanna ar an mblag seo ná ar bhlaganna eile go deimhin.