Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-11-21

Seoda snasta ó chlocha duirlinge béaloidis

Bhí mé ar thuras gnó an tseachtain seo agus inné bhí mé ag filleadh abhaile ar eitilt ó Hamburg. Bíonn a leithéidí leadránach, tuirsiúil ach níor airigh mé an t-am agus mé sáite san saothar seo le Joe Steve. Agus mé ag léamh saothar le Joe Steve tuigim gur liathach mór chuid den Ghaeilge a léim, le hais an leamhnacht láidir nádúrtha a  thagann ina shlaoda óna pheann. Ach ní máistreacht ar an teanga amháin a thugann a luach saothar don léitheoir ach scéalaíocht den scoth. 
Is fíor go bhfuil sé fillte anseo, mar a dúirt sé, ar scéalta a chuala sé le linn a óige - scéalta púcaí agus taibhsí. Ach níl siad smolchaite agus tá casadh breá bainte aige astu, cuid acu lonnaithe aige i saol an lae inniu.
Sa mhullach ar sin tá sé léirithe aige gur sár bhreathnóir é ar an ndúlra agus ar na daoine. Is beag scéal ar an ndúlra atá leithe agam atá chomh corraitheach le Ríocht na nÉan, abair. Agus tá cuir síos iontach in Athphlandáil ar an gcrá croí a bhaineann le heisimirce teaghlaigh agus an doicheall a mhothaítear dá bharr le hinimircigh. 
Abairtí gairide gonta don gcuid is mó a chleachtann Joe Steve, gan barrchleite amach ná bunchleite isteach. Is modh éifeachtach atá ansin pictiúr a thógáil abairt ar abairt: teannas a chothú go dtí go mbaintear buaic amach, go minic le casadh gan choinne san deireadh. Tá na móitíf sna scéalta púcaí aitheanta go maith, ach tá úire san chaoi a phléann Joe Steve leo; níl aon Oisín i ndiaidh na Féinne anseo, agus tá feidhm leis na ceachtanna a bhí sna scéalta béaloidis fós. Tá mar shampla an scéal faoin anfa a reiceann sé in Coipeadh thar a bheith tráthúil agus stoirmeacha an gheimhreadh romhainn amach arís.
Táim fíor sásta gur ghéill mé don cathú an leabhar seo a cheannach, agus táim cinnte go mbeidh mé ag filleadh ar an scéalta ann. (Ach seachnóidh mé sciar acu ag am luí....)

Idir Neamh is Talamh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441074