Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-12-23

Fad Saoil

Is éard atá sa saothar seo ná dánta dírbheathaisnéise Joe Steve Ó Neachtain.  Mac baintrí. Saor cloiche. Aisteoir is drámadóir. Scríbhneoir. Mac, athair, seanathair. Curaidh pobail.
Fear a fáisceadh as saol atá imithe, agus a rinne a chion féin chun saol níos fearr a fhuineadh dá phobail.
Breis is seachtó dán, a bhain deora asam scaití, agus sean scairt gáirí babhtaí eile. Caointe, feartlaoithe, critic sóisialta- tá sé ar fad anseo i nGaeilge shaibhir nádúrtha a tharraingíonn samhail as saol fada ag coraíocht leis an gcarraig lom is le maidhmeanna mara chomh maith le peann - san ealaíon agus i gcoinne maorlathas.
Beidh mé ag filleadh ar an seod seo arís ar thóir lón machnaimh is faoiseamh.
Ba mhaith an rud sílim meabhrú amach anseo ar eagrán le nótaí- bheadh tagairtí nach dtuigfear amach anseo dá uireasa.

Fad Saoil
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar Chonnacht
Táim buíoch as an gcóip léirmheastóireachta a chuir Cló Iar Chonnacht ar fáil dom.

2015-12-20

Daithí Ó Muirí: Litríochtaí

Chuala mé Daithí Ó Muirí ag reic ceann dá scéalta ag ócáid de chuid IMRAM. Bhí mé fiosrach faoi, cé nach nós liom mórán scéalta osréalacha a léamh.
Ceardaí focail é Daithí Ó Muirí, rud is léir ó na gearrscéalta gairide seo. Ach is beag adhmaid a bhain mé féin as na scéalta seo; scéalta atá go hiomlán osréalach, agus go minic an scríbhneoir ag labhairt díreach leis an léitheoir ag iarraidh an léitheoir a tharraingt isteach sa scéal.
Ní leabhar atá anseo a mbeinn ar bís chun an céad scéal eile a léamh; an saol dearóil coimhthíoch ann.
Ach tumadh isteach anois is arís, le blaiseadh a bhaint as ceol na bhfocail, d'fheadfadh sin a shamhlú.
Mar sin, táim buíoch as Cló Iar Chonnacht a chuir cóip léirmheastóireachta chugam.

Litríochtaí
Cló Iar-Chonnacht
Daithí Ó Muirí
Tagairt: 9781784441371

Fuaimrian na Nollag

Ní mór dom a rá i dtosach go bhfuil fuaimrian ar leith Nollag agam féin agus mo theaghlach. Dlúthchuid de Weihnachtsoratorium Bach, canta ag Peter Schreier.Aifreann Nollag Jakub Jan Ryba tábhachtach ann freisin. Sa mhullach ar sin iomainn agus carúl i stíl na meánaoiseanna nó lár na hEorpa. Roinnt duan Gaelacha freisin - é seo le Finola Ó Siochrú abair, dán álainn Máire Mhac an tSaoi.
Tionchar láidir lár na hEorpa mar sin, ceol uasail dáiríre Nollag.

Tá guth binn ag Róisín Elsafty, ach is ceol Nollag lár an Atlantaigh atá anseo don gcuid is mó, cé go bhfuil roinnt dár gcuid féin ann freisin.
Tá amhrán bhreá Pádraigín an Táilliúra ann " Litir chuig Santaí", ach braithim go bhfuil guth Róisín ró shéimh, ró mhilis don gceann seo!


Tá na haistriúcháin a rinne a rinne Treasa Ní Cheannabháin (máthair Róisín) cruinn, cuanna, ceolmhar.

CD deas éadrom ceoil atá anseo, a d'fheilfeadh le píosa a sheinm ar anois is arís ar an raidió. Beidh an úsáid ann do scoileanna silim agus iad ag iarraidh cuir le repetoire na Nollag le leaganacha breátha Gaeilge de na "hits" móra Nollag, go háirithe ós rud é go bhfuil leabhrán beag leis na focail in éineacht leis. Tá na píosaí ceoil éadrom éasca ar an gcluas freisin.

Ach is anois is arís, le píosa nó dhó a bheidh mise ag éisteacht leis! Táim buíoch mar sin féin do Chló Iar-Chonnacht a chuir cóip léirmheastóireachta chugham.


Amhráin na Nollag: Favourite Christmas Songs in Irish
Róisín Elsafty, Ronan Browne, Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: CICD 200 

2015-12-13

Seacht mBua na Nua Litríochta

Bhí an tríú léacht san sraith "Seacht mBua an Éirí Amach" oíche Déardaoin.  
Seal na litríochta a bhí ann, agus b'í Máirín Nic Eoin a thug an léacht. Seachas plé le tionchar dhíreach an Éirí Amach ar an litríocht - na saothair a spreag sé; mar shampla leabhar Uí Chonaire a thug teideal don sraith, nó Dé Luain Uí Thuairisc - roghnaigh Máirín seacht mBua atá ag nualitríocht na Gaeilge, nach mbeadh ann murach an Éirí Amach, seans.

De réir na nótaí garbha a bhreac mé síos, is iad sin
  1. Bua na Cuimhne
  2. Bua na Critice Sóisialta
  3. Bua na Saoirse (ó thaobh ábhair agus foirme)
  4. Bua an Nochtadh (fírinne, ag diúltú don brú faoi chois)
  5. Bua an Athshaothraithe
  6. Bua na Feasachta Domhanda
  7. Bua an Neamhinthuarthacht

Duine í Máirín a bhfuil grinn staidéir déanta ar an litríocht féin agus an chritic faoi, mar sin tá sí cáilithe thar an gnách le suirbhé mar seo a thabhairt ar litríocht Nua na Gaeilge. San am céanna iompraíonn sí a héirim go héadrom agus is sár chainteoir í.
Labhair sí gan stró ar feadh beagnach uair go leith, ag coinneáil aird an tslua, fiú mo leithéidí de dheargthuata i gcúrsaí critice.
Léirigh sí úire agus nua-aoiseacht litríocht na Gaeilge, idir litríocht na nua chainteoirí agus litríocht a fáisceadh as an nGaeltacht Bheo.

Tuigtear dom go bhfoilseofar an sraith seo amach anseo, sa chaoi is nach mbeidh daoine ag braith ar mo chuir síos bhacach ar léacht den scoth. 

Bua Ealíona an Éirí Amach

Ar an 12ú Samhain i léachtlann R COBÁC thug an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith an dara léacht san sraith comórtha 'Seacht mBua an Éirí Amach'. Is ag plé leis na hamharcealaíona a bhí sé, go sonrach leis an plé i mín ealaíon le téama an Éirí Amach.

Thosaigh sé a léargas fíor spéisiúil le maíomh Thomás Dáibhis go mbíonn ealaíontóirí na hÉireann neamartach i imeachtaí móra na staire a chíoradh ina gcuid péintéireachta, murab ionann agus ealaíontóirí na mór roinne. 

Rianaigh sé an bheagán ealaíon atá ann ag eascairt as an ngorta mór, agus tionchar na grianghrafadóireachta a tháinig chun cinn i dtreo deireadh na 19u  aoise mar chúlra dá chaint ar thionchar an éirí amach ar na healaíona an uair úd agus ina dhiaidh.

Lavery: Triail Ruairí Mhic Easmainn
Ainneoin nach sa chineál seo ealaíne atá a chuid spéise ná saineolas féin, thug sé cur síos chuimsitheach ar an méid beag atá ar fáil. Ina measc saothar le Kathleen Fox a rinne pictiúir comhaimseartha de ghabháil an chuntaois Markiewicz bunaithe ar sceitse a ghlac sí ar an láthair. Tá freisin pictiúir ag John Lavery de thriail Ruairí mhic Easmainn, atá ar iasacht fadtéarmach ag óstaí an rí ó cúirteanna Shasana a fuair le huacht é dá mbuíochas.

Bé Seán Keating a rinne cuid de íomhánna íocónacha an tréimhse, Men of the West, a rinneadh roimh an éirí amach, agus Men of the South le linn cogadh na saoirse. B'é freisin a rinne Allegory agus a  dhóchas ag trá de bharr cogadh na gcarad. Pictiúir a léiríonn go héifeachtach tús deacair an stáit nua. 
Keating Men of the West

Thug sé spléachadh freisin ar na hiarrachtaí a bhain le ealaíon a chuir ar fáil don gcomóradh a rinneadh i 1966 agus atá ar bun anois, ag tarraingt as saothar le Robert Ballagh - sna 1960í ag athshamhlú múnlaithe Eorpacha le leithéidí Delacroix, agus anois a chuir íomhá le stair spéisiúil ar fáil bunaithe ar ghrianghraf de pictiúir lonnaithe san GPO le Paget, a athdhearadh le dath agus ag tabhairt seachtar na cásca chun tosaigh ann.

Cé gurbh ar na pictiúir is mó a bhí a ard, phléigh freisin le dealbh Cú Chulainn le Sheppard atá anois sa GPO ó chuir de Valera ann sna 1930í - saothar atá níos sine ná an éirí amach!
Léacht thar a bheith spéisiúil, lán eolais a bhí ann. D'admhaigh sé go raibh mórán eile le rá faoi ealaín an phobail, bonn, stampaí agus araile nár fhéad sé plé, cé go ndearna roinnt tagairt do shaothar Jim Fitzpatrick.
Birth of the Irish Republic: William Paget
Robert Ballagh
Keating: An Allegory

2015-12-11

Mo chroí i'm bhéal ag léamh

Tháinig féirín gan choinne chugam ó Chló Iar Chonnacht i ndiaidh an mór-sheoladh le déanaí. Beart mór groí leabhair.
Ina measc 'An Mianadóir', úrscéal nua le údar 'Aileach', Jackie Mac Donncha.
Scéinséir comhaimseartha. Tagann imirceach abhaile tar éis na blianta i Meiriceá go teach a muintire. Iadsan marbh le cúpla bliain. Gan aithne ar bith air san áit.
Níl sé ach fillte tamaill gairid nuair a théann mac óg na comharsana ar iarraidh, buachaill a raibh beagán caidreamh aige leis.
Tá cúpla dearcadh reicthe sa scéal, scéal an chuardaigh nochtaí diaidh ar ndiaidh ó dhearcadh athair, máthair, deirfiúr. Tranglam mothúcháin.
Scéinséir atá anseo agus tá drogall orm nod ar bith a scaoileadh a mhillfeadh pléisiúr na léitheoireachta ar dhuine eile.
Níl le rá agam ach go raibh mo chroí i mo bhéal agam le linn an chuardaigh. Corr ar chorr sa scéal. Comhbhá múscailte ionam le pearsana éagsúla an scéil.
Téamaí láidre comhaimseartha, tromaíocht ar scoil, amhras faoi strainséirí bunaithe ar nuacht léanmhar. An caidreamh teaghlaigh ina cíor thuathail ag fóin cliste (íorónta gur ar fón póca atá seo á scríobh agam).
Tá an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí dar leis an bhfoilsitheoir.
Is cinnte go mbainfeadh siad pléisiúr agus tairbhe as, ach sílim go bhfuil sé feiliúnach do dhaoine fásta freisin, go háirithe iadsan a dtaitníonn scéinséirí leo.
An Mianadóir
Jackie Mac Donncha
Cló Iar Chonnacht

Faic nua san Iarthar

Mhair sé na blianta i gcac, fuil ⁊ draoib na trinsí.
Chonaic comrádaithe á leagan.
Chonaic slad na n-ógánach.
Bhí a chnámh droma righnithe - ag fuath don sáirsint brúidiúil oiliúna.
D'éag ar lá suaimhneach, de dheasca piléir fáin.
Gairid roimh críoch.
Tuairisc lae na ceannasaíochta; Faic nua san Iarthar

Cloch ar Bholg

File? Fileoir? Nathadóir!
Tranglam smaointe i'm cheann.
Ag úscadh mar a bheadh cré ró fhliuch trí mhéara criadóra.
Gan foirm.
Gan meadaracht.
Ní díreach mo dhán.
Mithid filleadh ar an mboth dhorcha, troscadh.
Namhaid an cheird gan a fhoghlaim.
Fotha filíochta.... 

2015-12-10

Aois Fir: Imram Mara agus Eachtra teacht in Inmhe

Seod is ea an úrscéal seo, curtha inár láthair i  seod de leabhar le léaráidí áille. (Níl an leabhar le lámh agus mé a scríobh seo, mar sin ní thig liom an t-aitheantas cuí a thabhairt don ealaíontóir)

Baineann an scéal le teacht in inmhe fir óig, ar aistear dúshlánach mara. A sruth chomhfheasa siúd atá san reacaireacht, rud a thugann scóip don údar roinnt gnéithe den saol a chíoradh.

Oscailt pléascach atá san leabhar; an aosánach ag halmadóir an bháid, imníoch. Diaidh ar ndiaidh tuigeann muid nach bhfuil sé ar a shuaimhneas, nach aistear atá anseo go bhfuil taithí aige ar a bheith ag láimhséail bád uirthi. Agus tá an aimsir ag dul chun doinnine.

A athair agus a uncail, atá ceaptha a bheith i bhfeighil an bháid, táid ina pleisteanna san holt tar éis babhta ragairne an talamh a lean ar aghaidh ar boird.

Tríd smaointe an bhuachalla léirítear dúinn cúinsí a shaol. Gur cliamhain isteach an athair, nár ghlac an seanathair leis, agus a bhfuil achrann idir é agus máthair an bhuachalla. Ól foinse áirithe san achrann.  Inneall costasach nua sa bhád; fiacha le glanadh.

Cé gur finscéal atá anseo de réir an údar, tá go leor de réalaíoch; cé is moite d'eachtra amháin nuair a thagann speabhraídí de bharr tuirse agus fuacht ar an ngasúr agus go samhlaíonn sé é féin sáite in eachtra le fathach, Cioclóps na Gréige, b'fhéidir, nó b'fhéidir ainspiorad na mara a bhfuil sé i ngleic leis anois san fíor saol.

Tá teannas san insint agus is i dhá seal craosach léitheoireachta a léigh mé an leabhar seo. Tig le Ó Muirthile bheith scaoilte, agus an scéal a dhul ó smacht uaidh agus é ar thóir idé éigin (mar a tharla dar liom i ndeireadh An Colm Bán) ach níl a dhath de sin anseo. 

Bheadh an leabhar seo feiliúnach d'aosánach ach cumas maith Gaeilge a bheith aige nó aici; tá scéal maith ann, agus lón machnaimh faoi teacht in inmhe agus an gaol casta idir baill teaghlaigh. Tionchar an óil leis, gan amhras. 

Ní fear mara mé, agus tá an muir fite fuaite leis an scéal seo, agus seoltóireacht agus bádóireacht. Cuma an chruinnis air, gan mé a bheith in ann breith ceart a thabhairt air. 

Níl ach clamhsán amháin agam faoin leabhar; sin an gluais GA-EN atá curtha leis. Cinnte, tá focail ann nach mbeadh le fáil go héasca sa bhfoclóir, mar gur téarmaí bádóireachta iad. Ach cén mhaith rá liom gur "sheet" "siota" abair, seachas rá liom gur rópa nó slabhra atá ann leis an seol a stiúradh. Is mór an feall nár tapaíodh an deis anseo na focail seo a mhíniú le léaráid.

Táim sásta gur ghéill mé don gcathú agus gur cheannaigh mé an leabhar seo.

Liam Ó Muirthile
Aois Fir
Cló: ISBN: 978-1-907494-50-5
Kindle (Amazon): 
ePub (KoBo)
Closleabhar (Saor in aisce ar Soundcloud, léite ag an údar)

2015-12-06

1915: Dorn cruach staire i láimhín veilbhit grinn

Bhí ard oíche amharclainne agam oíche Aoine i Smock Alley. Tá 178 suíochán san "Príomh Spás" acu, amharclann atógtha san áit a raibh céad amharclann Bhaile Átha Cliath.
Bhí cuid mhór acu lán.
Ceathrar bean agus seachtar fear de chuid Aisteoirí Bulfin ar an ardán, leagan grinn den Éirí Amach á léiriú acu - bliain ró luath, agus san Oifig an Phoist mícheart.
Ach cé go raibh an greann i dtreis agus an lucht féachana craite go minic ag taom fíochmhar gáirí, bhí go leor den stair san dráma.
Léiríodh na haicmí is na deighilt laistigh de na gluaiseachtaí a ghlac páirt san Éirí Amach. I radharc fíor ghreannmhar ach le blas láidir na fírinne bíonn siad ag cíoradh cén feabhas a bheadh ar ar tír de bharr baint amach na poblachta. Cantar iomann molta na leithris poiblí mar bhuaic! Gan amhras, rachadh sin chun tairbhe gach aicme sa chathair.
Ba dheacair an radharc a shárú inar thug Hutchinson (Gearóid Ó Mórdha) agus Johnny Long (Tadhg Ó Conchubhair) léargas shoiléir ar uafáis trinsí na Beilge don Óglach saonta Micí Doyle (Colm Ó Broin). Go deimhin, cé gur thug gach duine den cliar taispeántas bhreá, sílim go bhfuil an Curadh Mhír ag dul do Hutchinson (Gearóid Ó Mórdha) - léargas iontach ar an saighdiúir dóite de chogaíocht Gall agus fonn ar buille a bhuaileadh ag baile. Amhrasach faoi oifigigh na nÓglach ar léir gur lucht brionglóide buirgéiseach atá iontu, dar leis. Rinne sé aithris den scoth - i gceann de mhacallaí láidre na staire - ar an gcaoi a mbeadh ionrach na Lancers.
Bhí an ceathrar ban suntasach san dráma agus réimse leathan á chlúdach ag na bpearsan - bhean rialta antoisceach (Emer Ní Mhéalóid), éirí in airde buirgéiseach Maria Markiewicz (col seisear, Aoife Ní Ghlaicín Riain), flosc chun troda ag Síle Ní Dhonnchadha (Aoileann Ní Chonchubhair) agus banaltracht agus banúlacht ag Áine Ní Bhriain (Helena Ní Mhaoláin) .
Bhí go leor col seisir ann - Réamonn de Valera (Lionel Mac Cárthaigh), Dara Mac Piarais (Ronan Lynagh), Seosamh Ó Conghaile (Con Ó Tuama).
Fágadh faoi Micheál Ó Gruagáin  - as Béarla agus i modh Gilbert & Sullivan - sotal agus brúidiúlacht fórsaí na nGall a chuir i láthair ina aonair.
Bhí radharc maoithneach ann inar chuir Réamonn de Valera (Lionel Mac Cárthaigh), Dara Mac Piarais (Ronan Lynagh), Áine Ní Bhriain (Helena Ní Mhaoláin) agus Síle Ní Dhonnchadha (Aoileann Ní Chonchubhair) tnúthán an ghrá i láthair.
Tá peann, cluas agus súil grinn ag Aodh Ó Domhnaill, agus feidhm éifeachtach bainte as foinn na linne leis an scéal a chuir ar aghaidh. Bíonn Aisteoirí Bulfin i gcónaí gairmiúil, cé nach n-íoctar iad, agus ba léir gur bhain siad tairbhe as an léiritheoir Barry Barnes.
Anois is arís mhúch an ceoil agus an amhránaíocht na focail, go hairithe dóibh siúd nach mbeadh go leor cleachtadh acu ar an nGaeilge a chlos canta.
Bhí an dearadh stáitse agus solais simplí ach éifeachtach - spás deas is ea an Main Space.