Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-12-23

Fad Saoil

Is éard atá sa saothar seo ná dánta dírbheathaisnéise Joe Steve Ó Neachtain.  Mac baintrí. Saor cloiche. Aisteoir is drámadóir. Scríbhneoir. Mac, athair, seanathair. Curaidh pobail.
Fear a fáisceadh as saol atá imithe, agus a rinne a chion féin chun saol níos fearr a fhuineadh dá phobail.
Breis is seachtó dán, a bhain deora asam scaití, agus sean scairt gáirí babhtaí eile. Caointe, feartlaoithe, critic sóisialta- tá sé ar fad anseo i nGaeilge shaibhir nádúrtha a tharraingíonn samhail as saol fada ag coraíocht leis an gcarraig lom is le maidhmeanna mara chomh maith le peann - san ealaíon agus i gcoinne maorlathas.
Beidh mé ag filleadh ar an seod seo arís ar thóir lón machnaimh is faoiseamh.
Ba mhaith an rud sílim meabhrú amach anseo ar eagrán le nótaí- bheadh tagairtí nach dtuigfear amach anseo dá uireasa.

Fad Saoil
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar Chonnacht
Táim buíoch as an gcóip léirmheastóireachta a chuir Cló Iar Chonnacht ar fáil dom.