27 May 2015

Saol as Gaeilge amháin?

 In alt leis ar Tuairisc ar na mallaibh bhí an méid seo le rá ag Alex Hijmans
an té a bhfuil níos mó ná teanga amháin ar a thoil aige, ní bheidh sé go brách ina sclábhaí ag teanga ar bith.
An bhfuileann sibh ag éisteacht, sibhse a mhaíonn go dteastaíonn uaibh bhur saol a chaitheamh as Gaeilge amháin?
Fearacht Alex, caithim mé shaol idir cúpla teanga. Gearmáinis agus Gaeilge ag baile,  Béarla go gairmiúil. (Bhí seal ann go raibh mé ag obair trí Ghearmáinis; scaití bíonn sí fós in úsáid agam le cliant). Mar sin féin is dóigh liom gurbh fíor dó Phadraic Ó Conaire nuair a dúirt sé:
'Is é an bás atá i ndán don uile teanga gan dream éigin daoine... nach labhraíonn ach í'
Nó ar a laghad go bhfuil gá le daoine a bheith ag saothrú na teangain i ngach réimse den saol, idir léann agus leann.

Ní mhairfidh teanga nach bhfuil in úsáid ach cois teallaigh nó cois cuntair.

Tharla go raibh mé i mBarcelona an tseachtain seo chaite. Thug mé suntas do bheocht poiblí na Catalóinise. Tá roinnt éigin Castellano agam ach níl mo chluasa géar go leor chun rá an mó Castellano nó català a chuala mé ar an sráid. Is eol dom áfach go raibh Catalóinis á labhairt ag roinnt d'fhoireann an óstáin ina raibh an comhdháil - mar níor thuig mé iad agus cuir mé an cheist! Bhí an raidió ar siúl ag fear an taxi ar an mbealach go dtí an aerfort - ceol raic (cuid de i mBéarla) láithreoireacht as Catalóinis, fógraíocht as Spáinnis!

Ní sin a chuaigh i bhfeidhm orm áfach ach an fhógraíocht.  Sráidainmneacha as Catalóinis amháin. Fógraí oifigiúla as Catalóinis amháin, nó Spáinnis agus Catalóinis (agus scaití Béarla freisin). Sin an Rialtas. Ach bhí tréan fógraí sna siopaí as Catalóinis amháin. Ní fhaca mé mórán graifítí. Chonaic píosa amháin ag tacú le lucht inimirce, as Spáinnis a bhí sin.

Ba mhaith liom go mbeadh áiteanna in Éirinn mar sin. Tá codanna den Ghaeltacht - an Buailtín in Iarthar Dhuibhneach abair, go háirithe nuair nach bhfuil mórán turasóirí thart.

Tá aibhleoga ann go bhfeadfaí tine a fhadú astu.

Bhí mé ag Fóram Díospóireachta Teacht Aniar ag an deireadh seachtaine (An Ghaeilge Idir Réaltacht agus Dóchas). Bhí go leor cainteanna spéisiúla. Ina measc bhí Breandán Ó hEaghra ó Meas Media. Mhol Breandán brandáil agus margaíocht a dhéanamh ar an nGaeltacht agus an Ghaeilge le mórtas a spreagadh. Bhí Alan Titley ag caint ar aineolas a scaipeadh. Bhí Conchur Ó Giollagáin ag léiriú dé an chúis gur gá don pobal a ndán féin a ghlacadh ina seilbh féin. Sorcha Ní Cheilleachair ó Tuismitheoirí Na Gaeltachta ag léiriú go bhfuil an chéad glúin eile i mbun gnímh.

Meascán dóchas is dúshláin.

Tá gá le cainteoirí cumasacha ar gach gné den saoil. Mar sin, is maith ann iadsan atá ag streachailt chun saol iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge.

Ní daoirse é an eire a ghlactar d'aon uaim le haidhm a bhaint amach.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

11 May 2015

Iarracht canóin úrscéalta na Gaeilge a dheimhniú

Pléite ag Tuairisc agus  Irish Central. Comhdháil de chuid Notre Dame. Mo smaointe thíos (nó nasc chucu) faoin sciar de atá léite agam, cé gur duine mé atá drogallach fé liostaí agus comparáid ar saothar iomlán litríocht ar bith a aicmiú. Ar son pléisiúir is mó a léim.

  • Séadna (1905) leis An tAthair Peadar Ó Laoghaire Léite agam. Fadálach, go leor athrá ann; athinsint ar scéal idirnáisiúnta béaloidis, fear a fhaigheann buntáiste ón Diabhal ach a bhuaileann bob air ag deireadh. Tábhachtach mar saothar luath agus mar uirlis ag an Athair Peadar i cur chun coinn caint na ndaoine.
  • Deoraíocht (1910) le Pádraic Ó Conaire Léite agam. Sách osréalach agus duairc. Saothair eile le Ó Conaire a thaitníonn níos fearr liom, ach tábhachtach mar gur bhris le maoithneachas agus tuath.
  • Mo Bhealach Féin (1940) le Seosamh Mac Grianna. Léite agam. Ach níor shíl mé gur úrscéal a bhí anseo; shíl mé é dírbheathaisnéiseach agus é ag cíoradh a fhealsúnacht.
  • An Béal Bocht (1941) le ‘Myles na gCopaleen’ Léite, agus athléite. Fíor greannmhar, aor den scoth ar ghnéithe de gluaiseacht na Gaeilge.
  • Cré na Cille (1949) le Máirtín Ó Cadhain Léite le fonn. Clasaiceach agus úrscéal ar leith, caint ar fad!
  • Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) le Breandán Ó Doibhlin. Léite. Leabhar deacair ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
  • Dé Luain (1966) le Eoghan Ó Tuairisc Le léamh.
  • Caoin Tú Féin (1967) le Diarmaid Ó Súilleabháin Le léamh.
  • An Uain Bheo (1968) le Diarmaid Ó Súilleabháin Le léamh.
  • Fuíoll Fuine (1970) le Máirtín Ó Cadhain. Le léamh. Gearrscéal atá anseo.
  • Méirscrí na Treibhe (1978) le Alan Titley. Léite
  • An Fear Dána (1993) le Alan Titley. Léite
  • Cuaifeach mo Londubh Buí (1983) le Séamas Mac Annaidh Léite.
  • Éagnairc (1994) le Pádraig Ó Siadhail Le léamh.
  • Desiderius a Dó (1995) le Pádraig Ó Cíobháin Le léamh.
Ní dóigh liom go bhfuil faic le Diarmuid Ó Suilleabháin léite agam; ach is cinnte gur scríbhneoirí tábhachtacha de chuid na Gaeilge i mo thuairim agus taithí féin gach duine eile ar an liosta. Bheadh dornán eile ina gcomhluadar agam; is ait liom mar shampla gan "Lig sin i gCathú" bheith luaite.

09 May 2015

Ó Chósta go Cósta



Chuir teideal an leabhar seo rud beag mearbhall orm nuair a bhí sé léite agam; bhí mé ag súil le haistear amháin san Afraic. Shoiléirigh fiafraí den údar an cheist - fear ó Chósta Chonamara ag taisteal ar Chósta Thoir na hAfraice.
Sin go deimhin atá ann, dialann scaoilte ar dornán turas pléisiúrtha a thug Frank Reidy ar taobh tíre a ndeachaigh sé ann i dtosach ag obair i ndiaidh ár Ruanda.
Ní turasóir a thugann a chlaontuairimí Eorpacha leis é Frank, ach duine a bhfuil bá agus meas aige do mhuintir na háite, tuiscint dá stair agus don lorg a d'fhág aineolas agus saint na gcoilínithe ar an áit.
Tráchtann sé freisin ar roinnt den dream geal a rinneadh cine ar leith díobh ann - an Happy Valley Set - dár daoibh Karen Blixen, údar ar léir é bheith ceanúil uirthi.

Tá trácht ann freisin ar an scúp a bhain sé amach agus cuairt tugtha aige ar mhamó Obama nuair a bhí Barack ag seasamh d'ainmniúchán na nDaonlathach, sular raibh mórán iomrá air dáiríre.

Thaitin an eolas faoi na hoileáin ar thug sé cuairt orthu go mór liom, agus an cur síos ar ainmhithe agus dúlra na háite; agus an trácht ar na Masai. Is léir gur áit ar leith an Afraic, áit a fhágann lorg domhain ar an té a théann ann le súile oscailte. 

Is fiú a leithéide seo de leabhar a léamh d'fhonn blaiseadh de chuid den oscailt súil sin!

Bhí corr rud a chuir isteach agam faoi thairgeadh an leabhair: na grianghraif ina dhá slám i lár an leabhair, iad a briseadh suas alt. Tuigim go bhfuil sin níos saoire, ag mar sin féin...

Frank Reidy, Cló Iar-Chonnacht
ar fáil freisin mar eLeabhar.

08 May 2015

COGAÍ le Dáithí Ó Muirí, Fearghus Ó Conchúir, Enda Reilly & Margaret Lonergan

COGAÍ/ WARS

DÉ MÁIRT 19 BEALTAINE 2015

Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, 6-7 Sráid an Mhalartáin Íocht., Baile Átha Cliath 8

Cead isteach: €10/8
Ticéid le fáil ag an nasc: http://ilfdublin.com/event/cogai-wars/
 
 

 
Damhsa, ceol, prós, íomhánna ar scáileán – léiriú ar an gcogaíocht agus ar an bhforéigean síoraí, bunaithe ar chnuasach gearrscéalta den teideal céanna le Dáithí Ó Muirí. Páirteach ann tá Fearghus Ó Conchúir, rinceoir agus fear cóirithe rince, giotáraí agus cumadóir Enda Reilly, agus Margaret Lonergan a bheidh i mbun na n-íomhánna scáileáin.



FÉILE LITRÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA BÁC i gcomhar le hIMRAM

SCÉINSÉIRÍ STAIRIÚLA le Liam Mac Cóil, Darach Ó Scolaí agus Seán Ó Dúrois

SCÉINSÉIRÍ STAIRIÚLA le Liam Mac Cóil, Darach Ó Scolaí agus Seán Ó Dúrois 
IMRAM AG FÉILE LITRÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA BÁC

DÉ LUAIN 18 BEALTAINE 2015 6.00pm
AN SIOPA LEABHAR
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
Cead isteach €5
Ticéid: ilfdublin.com 
 




SCÉINSÉIRÍ STAIRIÚLA

Tá an-éileamh go deo ar fhicsean stairiúil le blianta beaga anuas agus tá an tóir chéanna air as Gaeilge agus atá air as Béarla. Bígí linn le haghaidh díospóireacht bhríomhar phainéil le Cathal Póirtéir mar chathaoirleach uirthi ina ndéanfar plé ar chuile rud ó Chath Fontenoy go húrscéalta bleachtaireachta atá spreagtha ag gnéithe áirithe den stair. I measc na bpainéalaithe beidh Liam Mac Cóil, údar Fontenoy, a bhí ar ghearrliosta na Comhairle Ealaíona le déanaí le haghaidh an Laureate i gComhair Ficsean Éireannach, Darach Ó Scolaí, údar An Cléireach a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Leabhar na Bliana i 2008 agus Seán Ó Dúrois, údar Rí na gCearrbhach agus Crann Smóla.

Áras na Scríbhneoirí Éireannacha i gcomhar le IMRAM agus FÉILE LITRÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA BÁC

Seimineár ar an Satharn an 23ú Bealtaine "An Ghaeilge idir Réaltacht agus Dóchas"



02 May 2015

Foghlaeireacht focail, Domhnach is Dálach....

Dá mhéad a léim as Gaeilge (agus léim go leor) sea is mó a thuigim go bhfuil bearnaí suntasacha i'm fhoclóir agus go bhfuil an dúrud focal bhreátha imithe as an gcaint coiteann.


Bhí mé riamh tugtha do póirseáil i bhfoclóirí, ag fiosrú gaol is sanas focail. Tá Dinneen ar mo leabhragán i bhfochair FGB agus de Bhaldraithe; tá leithéidí An Béal Beo ann freisin, maraon le Troscán na mBánta agus scata leabhair eile faoin ndúlra. Tá roinnt foclóir Gearmáinise agus ilteangacha agam freisin.

Ach ó thaobh foghlaeireacht focail is deacair an idirlíon a shárú; go háirithe agus togra fearacht http://www.teanglann.ie curtha i gcrích go snasta; is nasc geall leis gach focal, mar sin tá sé thar a bheith éasca focal Béarla a roghnú agus na comhchiallaigh Gaeilge dó a aimsiú, ag dul siar is aniar idir FGB agus de Bhaldraithe.

Tá súil agam go dtiocfaidh scríbhneoirí agus aistritheoirí i dtír ar an cumas seo; bealach a bhí Breandán Ó Doibhlin ag iarraidh réiteach le Gaoth an Fhocail. Tá teacht freisin ar na nathanna sna foclóirí freisin, saibhreas a rinne Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chnuasach i nDíolaim d'Abairtí Dúchasacha.

Tá deis againn i ré seo na Dána Digiteacha agus sean leabhar á chuir ar líne diaidh ar ndiaidh cuid den saibhreas atá imithe as ár gcaint - go háirithe do mo leithéidí de chainteoirí athdhúchais - a athshealbú.  Tapaímis an deis!