28 September 2015

Crann smola

Táim fíor bhuíoch de Réaltán a spreag mé chun an scéinséir seo a léamh. Táim ag léamh cérinneachán stairiúla le fada, leithéidí saothar Anne Perry - agus is an iomair sin atá á rómhair ag Ó Dúróis anseo.
Tá an scéal lonnaithe i mBéal Feirste agus Oirthear Uladh, agus cuid thábhachtach den scéal an teannas idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh atá ag teacht chun cinn de bharr feachtas Reipéal an Chonallaigh agus freisin de bharr na cúinsí eacnamaíochta a fhágann go bhfuil Caitlicigh ag bogadh isteach sa chathair. Tá scáil an Ghorta ar an scéal freisin.
Protastúnach a tógadh le Gaeilge le muintir a mháthair, arbh Caitlicigh iad an lorgaire san scéal. Fear ionraic i gcóras lofa. Fear a chaith seal thar lear, agus léargas dá réir aige.
Cérinneachán atá ann mar sin níl fonn orm mórán a rá faoin scéal ag eagla go mhillfinn ar dhuine eile é; ach go mbaintear feidhm éifeachtach as an Ghaeilge, an stair, an polaitíocht agus an tíreolas ann. Bhíos iomlán tumtha san scéal.
Téann an scéal pas beag i bhfad uaireanta, ach níl sé deacair glacadh leis go bhfeadfadh eachtraí mar sin tarlú. Ní thagaim áfach leis an mblurba a deir gur leis an alltar a bhaineann gnéithe den scéal - d'fheadfadh a leithéid d'eachtraí titim amach; go deimhin táim sách cinnte go ndearna!

Beidh súil in airde agam do breis de shaothar Mhic Uí Dhúrois.Tá fios curtha agam ar Rí na gCearrbhach, leis an lorgaire céanna, ón leabharlann,

Crann Smola
Seán Ó Dúrois.
Coiscéim 2001

12 September 2015

Earnán de Blaghd

Spreag Enigma de Blaghd mé le dul sa tóir ar an méid a bhí scríofa ag Earnán de Blaghd. Tá an trí imleabhar dírbheathaisnéise agus an saothar smaointeoireachta "Briseadh na Teorainn" léite anois agam.
Tá díoma orm gur tháinig deireadh leis na dírbheathaisnéisí i 1919 sula raibh neamhspléachas bainte amach ná fiú Cogadh na Saoirse tosaithe i gceart. Tuigim anois níos fearr ná roimhe go bhfuilim dall cuid mhór ar smaointeoireacht na glúine a bhunaigh an Stáit, arbh duine ar leith ina measc é an Blaghdach. Duine a bhí spreagtha ag cúis na Gaeilge thar aon chúis eile agus ainneoin gurbh Protastúnach ón Tuaisceart é, spreagtha ag poblachtachas na nÉireannach Aontaithe (arbh Protastúnaigh ón Tuaisceart cuid mhór dá gceannródaithe).
"Uaslathas atharthaíoch" an cur síos a bhí ag Conchúr Ó Giollagáin ar a dhearcadh i leith na Gaeilge agus lucht a labhartha; agus tá fianaise láidir don dearcadh sin sna scríbhinní - ar cheisteanna eile freisin shamhlóinn. Fear a bhí cinnte go bhfaca sé réiteach na ceiste agus a bhí mífhoighneach le daoine eile. 

Ach is dócha go bhfuil gach réabhlóid ag brath ar a leithéidí. Táim sásta gur léigh na leabhair. Tá siad scríofa go maith agus tá mo spéis san fear agus ina ré múscailte.