Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-12-30

Íbíotsa

Ón leabharlann a fuair mé an cnuasach láidir gearrscéalta seo le Labhrás Ó Finneadha. Earra ar leith atá ann, gach scéal lonnaithe ar oileán Íbíotsa, mórchuid acu ag plé leis an am i láthair, Éireannaigh ar saoire ┐muintir na háite araon gníomhach iontu. Ag an am céanna friotal shaibhir na Gaeltachta atá sna scéalta, agus ealaíon an scríbhneora agus an tseanchaí lámh ar lámh le chéile. Scéilíní faoi teacht in inmhe, is baois seanaoise. Seanchas smuigléirí. Scéal uafáis. Is iomaí scéal maith atá bainte ag Ó Finneadha as grian agus sáile an oileáin Meánmhara.

Léitheoireacht siamsaíochta pléisiúrtha.

Molaim é!

Labhrás Ó Finneadha
Íbíotsa
ISBN: 978-1-907494-53-6
Foilsithe: 2015
Leathanaigh: 130
€10.00

2016-12-20

Taibhsí an Locha

Go hiondúil cuireann an lipéad 'foghlaimeoirí fásta' ó dhoras mé nuair a fheicim ar leabhar. Ach mheall ainm an údair mé, Antain Mac Lochlainn. Tá roinnt dá shaothair agus colúin léite agam le fonn. Ní dóigh liom gur léigh mé ficsean leis cheana.

Scéal sách simplí taibhsí atá sa leabhar, teach mór, ainghníomh, fuascailt le tabhairt ag daoine.

Ach insint mhaith, gan ró shimpliú ar an dteanga cé nach bhfuil aon chlocha crua ann.

Chuir sé an turas ar obair isteach dom go pléisiúrtha!
Ón leabharlann a fuair mise é, ach tá sé ar fáil ar phraghas cupán caife ón bhfoilsitheoir.

Taibhsí an Locha
Antain Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnacht

2016-12-19

An Nollaig Thiar

Is tráthúil go bhfuil an tseoid seo athfhoilsithe ag Cló Iar Chonnacht, a sheol cóip léirmheasa chugham.
Tá eagrán 1989 agam (áit éigin!) ach spreag seo mé lena athléamh.
Cuimhní cinn Bhreandáin Uí Éithir ar an Nollaig in Árainn blianta an chogadh mhóir, agus é ina pháiste.
Cuimhní cinn spreagtha ag comhrá le pinsinéir san Oir Ghearmáin sna 1980í, comhrá a tharla sna sála ar chuaird a thug sé ar champa géibhinn Buchenwald.

Tugann sin fráma don insint ar shoineantacht agus spraoi na hóige in Árainn ainneoin an anfa a bhí ar coipeadh ar an Mór roinn.

Tá prós láidir saibhir sa leabhar, nathaíocht nuair is cuí. Agus saibhreas mionsonraí ar a shaol agus saol an oileáin.

Is mór is fiú an leabhar seo a léamh, agus tá an athchló glan slachtmhar. Líonadh stoca bhreá don Nollaig!

An Nollaig Thiar
Cló Iar Chonnacht

2016-12-17

Ól Pádraic (agus Ciaráin)

dā lān dēc uighi circi a meisrin, dā meisrin dēc i n-olldeirb, dā oilldeirb dēg i n-oilmedach no i n-ol Patraic, dā [ol P. i n-]ol feine. Cethrar ar fichit do cleirchib imme ┐ dā fer dēc do tuathaib

Bhí cuntas Twitter @edil_dictionary ag trácht ar Ól Pádraic, i.  méid dí arbh ionann é agus toilleadh 1728 blaosc uibhe. Leordhóthain dosaen cléireach nó seisear tútach. Ní léir cén tréimhse atá i gceist, ach ag glacadh leis go bhfuil toilleadh 40 ml i mblaosc uibhe, is ionann sin agus 70l.

Tráthúil go leor, bhí mé i láthair ag an Beoireachtas i gClub Conradh na Gaeilge aréir. Ciarán Mac Fhearghusa, col ceathrair liom a d'eagraigh. (Fear seacláid is caife snasta blasta, chomh maith le Óga Yoga).

Ach sé Pádraic Ó Griallais ó Micil Poitín a bhí ina fhear an tí. Fear a bhfuil ana theacht i láthair aige, agus ar léir a chuid spéise agus a chuid eolais i gcúrsaí dí.

Chuir sé na beoracha i láthair, ag mealladh tuairimí ón dream a bhí i láthair. Mhínigh sé ról na leannlusa agus conas a déantar braiche, agus tábhacht na gabháil a úsáidtear. An tionchar a imríonn na cumaisc éagsúla agus na modhanna oibre ar an mblas agus an neart. Ceithre leann a cuireadh inár láthair (agus inár ngloiní!)

Althea ó Galway Bay, leann atá beagán rua agus blas láidir leannlusa air.  Péire ó ghrúdlann Ó Cléirigh - Virginja agus Whisht. Ceann órga ab ea Whisht agus gan é bheith chomh leannlusach. B'é ab fhearr a thaithin liom. Bhí bairille úr den Hurler ó Four Provinces ann freisin.

Bhí Pádraic sásta a chuid eolais a roinnt go fial, é beagán claonta i leith an dreama thiar, agus ní raibh Four Provinces ólta roimhe aige rud a d'fhág faoi mhíbhuntáiste é!

Ansin bhí deis againn clos ó Oisín Ó Muirthile faoin aistriúchán atá déanta aige - i mbliain a ardteiste! - ar Chluiche na Corónach.

Bhí deis ansin Poitín Micil a bhlaiseadh - i bhfoirm scailtín agus manglaim (sheachain mé sin) agus braon de craorag.

Bhí sé ana mhall faoi seo - go hiondúil sé bus a 11 an deis deireadh agam filleadh abhaile.

Ach bhí fonn orm biotáille Ghinéive an Daingin a bhlaiseadh agus ar ábharaí an tsaoil tá traenacha déanacha ag an DART.

Rinne Pádraic G+T blasta dom le caora aitil ann.

Ardoíche. Treise leo as an eagrú.

2016-12-16

Gáirscéalta - gaois, greann ┐graostacht

An Club Leabhair ┐Caitlín Nic Íomhair a spreag mé chun fios a chuir ar An Grá Riabhach tríd an leabharlann.
Tá mé ag dul i dtaithí diaidh ar ndiaidh ar shaothair shaibhir Biddy Jenkinson, cé nach mbím riamh iomlán ar mo chompord le gach a scríobhann sí. Tharlódh áfach gurb fónta an rud sin.

Tá tagairtí don litríocht ársa agus idirthéacsúlacht fairsing sna gearrscéalta seo. Tá mo dhóthain léite agam le scata acu a aithint- Feargus ┐Bebo, an Dagda is leite na bhFomhórach, Suibhne Geilt. Is dócha go bhfuil oiread ann nár aithin mé. Cuireann aithint na bhfoinsí léas beag breise pléisiúr sa léamh. Seans nach bhfaigheadh duine atá dall ar na seanscéalta blas ar na scéalta seo.

Ach ní ársaíocht atá iontu, ach scéalta breátha de chuid an lae inniu. Graosta uaireanta, ach is ag fónamh don scéal atá an chollaíocht seachas a mhalairt. Greann dorcha agus casadh agus corr sna scéalta.

Lón bhreá léitheoireachta, an gaois agus an eolas atá ag an údar ag fónamh don léitheoir gan galamaisíocht.

Táim buíoch gur spreagadh mé le tabhairt faoi! (Cé nach bhfuilim iomlán cinnte an gáirí nó gairsiúil nó an dá rud atá i gceist le gáirscéal)

2016-12-07

Laoch na Laochra

Bhí saothar seo Réamoinn Uí Ciaráin i measc na leabhair a bhronn Foras na Gaeilge orm píosa siar. Idir seo is siúd, níor scríobh mé faic faoi anseo. Cuid den chúis ná nach bhfuil an t-iomlán léite agam fós.

Tá an dúrud den ábhar ó na lámhscríbhinní agus an béaloideas faoin Rúraíocht cnuasaithe idir na clúdaigh anseo ag Réamonn. Tá a athinsint sách dílis do na bunleagan, rud ar gá dul i gcleachtadh air agus an cúis nár léigh mé ó tús go deireadh in aon racht amháin mar is nós liom. Leabhar téagartha tagartha atá ann, a bhfuil ionad buan ar an leabhragán dlite do. Ní saothar tur acadúil atá ann áfach, ach bailiúchán de sheoda litríochta agus snas curtha orthu.

Is maith liom filleadh ar an saibhreas ann ó am go chéile. Feictear dom freisin go mbeidh leas le baint as freisin ag scríbhneoirí Gaeilge ar mian leo saothar nua a chruthú ó claisicí na Rúraíochta.

Ní hé ealaíon Dara Vallely an cineál saothar is ansa liom, ach ní mór a admháil go bhfeileann sé go maith don spleodar sna scéalta, a riastradh féin sna línte agus dathanna.

Tá creidiúint ag dul do chách a raibh lámh acu san saothar uaillmhianach seo.

Laoch na Laochra
Réamonn Ó Ciaráin
Gael Linn

2016-12-06

Petra Oelker

Ní cuimhin liom anois cad a chas saothair Petra Oelker inár dtreo i dtosach.  Tá flosc chun cérinneacháin a léamh ar mo nuachar agus orm féin, is bhíomar go minic ag ceannach úrscéalta le Ellis Peters i siopa leabhar beag áitiúil i mBeirlín. Shamhlóinn mar sin gur mol an ceannaí leabhair Petra Oelker dúinn.

I Hamburg na 18ú aoise atá an sraith is iomráití aici. Rosina, ball de chompántas fán aisteoirí a bleachtaire. Bean a nochtar a cúlra buirgéiseach diadh ar ndiaidh. Fágann a cúlra go bhfuil sí ar a compord le teaghlach mór bhuirgéisigh ceannaithe.

Tugann sin scóip do Petra Oelker gach aicme i Hamburg na linne sin a tharraingt isteach ina hinsint lán sonraí agus daonnacht.

Sa bhreis ar an sraith le Rosina, tá dornán eile úrscéalta bleachtaireachta scríofa aici, idir stairiúil agus comhaimseartha.

Tá mná láidre atá beagán i leataobh ón sochaí lárnach iontu ar fad, rud a thugann deis di insint réalaíoch a thabhairt atá dílis don stair, cé nach mbeadh an tsaoirse céanna ag gach bean san ré atá faoi chaibidil.

(Fonóta- feictear dom gur minic staraithe i mbun pinn ar úrscéalta bleachtaireachta. Tá Rosina i féin bunaithe, de réir mo thuisceana, ar phearsa stairiúil a ndearna Petra Oelker taighde uirthi. Tá an taighde sin foilsithe ach níl sé léite agam.)

Níl fhios agam an bhfuil na leabhra aistrithe go Béarla. Molaim mar sin féin iad dóibh siúd ar breá leo bleachtaireacht.

2016-12-05

Bleachtaire mná

Ina cuid cainte ag Meanmanra faoi cheist na mban in úrscéalta stairiúla rangaigh Síle Ní Choncheanainn úrscéalta bleachtaireachta i rannóg na bhfear. Caithfidh mé a rá (agus dúras ar an lá) nach dtagann sin le mo thaithí léitheoireachta féin. Is breá liom cérinneachán. Agus mar a tharlaíonn is údar mná is mó a léim san seánra sin.

Ní hamháin go mbíonn mná ag scríobh na húrscéalta a thaitníonn liom - ach go hiondúil is mná atá i mbun bleachtaireachta.

Ritheann an dá sraith le Anne Perry liom, mar shampla. Tá siad lonnaithe i ré Victoria, mar sin bíonn fear i gceist mar bhleachtaire oifigiúil- an Cigire Thomas Pitt nó William Monk. Ach sa dá chás bíonn a nuachair lárnach i bhfuascailt na gcás. Gan Charlotte agus Hester ní bheadh scéal le reic. Go deimhin i sraith Pitt bíonn mná láidre neamhspleácha eile i gceist freisin.

Ansin tá Candace Robb ann, a bhfuil a húrscéalta lonnaithe sna meánaoiseanna. Cé gur le fear an príomhról - Owen Archer - arís tá a nuachar lárnach agus gníomhach sna scéalta.

Is manach le linn cogadh cathartha Rí Stiofán ┐an banimpire Mathilda i Sasana bleachtaire Ellis Peters ina sraith iomráiteach Cadfael. Níl an scóip céanna ansin do mhná ach táid ann agus tábhachtach.

Bleachtaire mná i Fidelma in úrscéalta Peter Tremayne atá lonnaithe in Éirinn ársa. Bíonn blas síolteagaisc ar na húrscéalta seo scaití, agus é ag idéalú an Eaglais Ceilteach agus ag damnú eaglais na Róimhe.

Ar ndóigh is tríd súile an lae inniu a fheictear an stair in úrscéalta, agus is minic ceisteanna an lae inniu faoi chaibidil dáiríre.

Tá scríbhneoir suntasach as gearmáinis, Petra Oelker ar banaisteoir fáin i Hamburg a bleachtaire. Ach measaim go bhfuil blagmhír dá cuid féin dlite di. Fillfidh mé ar an gceist dá réir.

2016-12-04

Ardrí

Rás constaice atá i gceist leis an gcluiche Ardrí ó Leabhar Breac. Cheannaigh mé mar bronntanas lá breithe dom féin é le linn an samhraidh agus d'imir muid roinnt babhtaí é.
Chun dul thar na constaicí, is gá an cárta ceart a bheith ag imreoir - carta den arracht nó an cárta Fionn nó Bómall. De réir na rialacha ní fhaigheann gach imreoir ach cárta amháin ag an tús, agus faigheann cárta breise nuair a sháraíonn constaic. D'oibrigh an cluiche níos fearr dúinn nuair a roinn muid amach 3 chárta ag an tús. Tá na constaic ar fad bunaithe ar scéalta fiannaíochta. Is breá liom na cinn ar leith, an Giolla Deacair a thugann an imreoir ar seachrán ar feadh seal, nó an lios inar féidir le himreoir bheith gafa i bhfad.
Tá an obair ealaíona álainn (an obair ealaíona céanna atá sna leabhar san sraith Fionn ó Leabhar Breac). Is trua gur píosa imeartha plaisteach atá sa bhosca - bheadh adhmaid níos féiliunaí measaim ach is dócha gur ceist costais a bhí ann.
Cluiche taitneamhach boird atá ann, le gné straitéise sa mhéid is gur féidir le himreoir camchuairt an chonair seachtraí a ghlacadh ar féin ar mhaithe le breis cárta a chnuasach chun na constaicí ar an mbealach chuig an Ardrí a shárú.
Anois is an Nollaig agus saoire a druidim linn táim ag tnúth le roinnt deiseanna eile an cluiche a imirt!
Níl an cluiche ar fáil faoi láthair ón suíomh ach measaim go mb'fhéidir go bhfuil roinnt fágtha ag an Siopa Leabhair.

Mian na súl

Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.

Cathair shamhrata. Sráideanna plódaithe. Brollaigh ris. Tóineanna teanna. Cosa cuanna. Cuartha gan cheilt. Coimeanna seanga. A thiarcais, tá go leor acu níos óige ná do leanaí. Bí cóir. Ná nochtach do ghnúis drúis. Fútsa atá sé do mhiangas a smachtú. Dall do shúil. Ná stán.

Spreagtha ag dán de chuid Ciara Ní Éanacháin, dán a léiríonn go paiteanta mothúcháin mná óg a bhfuil a colainn ag péacadh agus a fhulaingíonn catsúil drúisiúla na bhfear.

2016-12-03

Na Díshealbhaigh

Tógadh mise trasna an bhóthair ó Leabharlann, agus ba chraosléitheoir riamh mé. Léigh mé cuid mhaith ficsean eolaíochta, agus tá meathchuimhne agam ar an úrscéal The Dispossed le hUrsula le Guin a léamh i bhfad siar.

Tá mo chuid spéise inti athmhúscailte le déanaí, agus ar ámharaí an tsaoil tá leabharlann trasna an bhóthair ón oifig s'agam.

Chuir mé fios arís ar an leabhar, mar sin.

Tá an scéal suite roinnt céadta bliain sa todhchaí, ar chruinne i bhfad i gcéin, ach go bhfuil daoine daonna ann. (Tá cúl scéal chun sin a mhíniú).

Tá pláinéad agus a ghealach i gceist. Tá cónaí ar an ngealach le roinnt glúin. Pobal ainfhlaitheach, ar díbríodh a sinsir ón bpláinéad. Ina measc a saolaítear laoch an scéil, Shevek. Fear a bhfuil bua neamhghnách fisice, agus é ar thairseach fionnachtain a chuirfidh ar chumas daoine teachtaireachtaí a sheoladh ar an bpointe tríd an ollchruinne iomlán.

Ag tús an úrscéil tá sé ag dul go dtí an pláinéad, áit a bhfuil creachlathas i réim, agus atá scoilte freisin mar a bhí an domhain seo le linn an chogadh fuar. Áit freisin a bhfuil mná go hiomlán scoite amach ón saol acadúil agus gnó, sna haicmí a bhfuil maoin acu cibé. Ar an ngealach tá cothromaíocht iomlán idir fir is mná, cé go bhfuil macasamhail an phósadh ann ach gan de cheangal ach toil na beirte.

Gearann an insint idir an méid a thiteann amach ar an bpláinéad, agus amharc siar ar a óige agus a shaol ar an ngealach.

Ar an dóigh seo cíorann Ursula le Guin mórán ceisteanna, faoi ceart agus mícheart, cairdeas, dílseacht, saothrú. Léiríonn sí na deacrachtaí a eascraíonn as flaitheas agus ainfhlaitheas araon.

Ní ag tabhairt aitheasc a bhíonn sí, ach ag léiriú an méid atá le rá tríd na heachtraí sa scéal.

Táim ag ceapadh gur beag adhmaid a bhain mé as mar déagóir, seachas gurbh eachtraíocht den scoth a bhí ann.

Is taitneamh níos meabhraí a bhain mé as an athléamh. Tharlódh, i gceann scór bliain eile, go mbeadh pléisiúr eile san léamh.

Deá theist ar máistir ar a ceard.

Nod libh gur chum mé (sílim) an focal ainflaitheas mar nach bhfuil ainriail oiriúnach mar chuir síos ar an sochaí ar an ngealach.

2016-12-01

Seachrán Eoin

Bhí mé i láthair agus Alex Hijmans faoi agallamh ag Micheál Cronin mar chuid de Féile IMRAM agus cheannaigh mé an leabhar ar an oíche. Chuala mé á phlé ag Réaltán agus daoine eile ar chlár Aon Scéal ar Raidió na Life, agus go deimhin bhí Alex é féin faoi agallamh arís ag  Róisín Adams.
Bhí sé ráite ag Alex féin nach raibh aon ghean aige ar Eoin, pearsa lárnach an scéil. Fear a bhfuil 'máistreacht i gcearta daonna' aige, mura mhiste leat. Tagtha chun na Brasaíle chun buille a bhuaileadh ar son cearta na mbundúchasach atá sé, dar leis féin. Nó an ag teitheadh ó caidreamh a d'éiligh níos mó ná a theastaigh uaidh géilleadh atá sé?
Ainneoin an scolaíocht atá air, duine mí aibí é Eoin. Is beag réamh obair atá déanta aige, agus gan an Phortaingéilis sealbhaithe ró mhaith aige fiú. I ngrá lena aisling féin den bundúchasach uasal i dtiúin leis an dufair atá sé.
Luaigh Réaltán nach bhfuil mórán doimhneacht i gcuid den na carachtar eile. Is fíor sin, dar liom. Dáiríre an t-aon phearsa a fhaigheann muid léargas air ná Chico, fear atá i bhfeighil Brú do lucht surfála ar phlandáil crann cáco a bhí ag a mhuintir le cúpla glúin, ach atá san áireamh sa réimse atá geallta ag an rialtas do threibh bundúchasaigh. Geallta, ach gan faic déanta.
Tá cuid den talamh tógtha le lámh láidir ag an treibh, agus gabhann Eoin ina measc. Glactar leis, is bíonn sé in aontíos le deirfiúr duine de lucht ceannais na treibhe.
Gabhann sé le fána, gan mórán machnaimh ar an ábhar, ainneoin comhráití fhada le Chico.
Tá sé cuí measaim gur thug Alex an scéal go buaic foréigneach a fhágann Eoin idir dhá thine Bhealtaine. É ann de thoradh a ghníomhartha éidreoracha féin.
Tagann deireadh tobann leis an scéal, é fágtha faoin léitheoir teacht ar a réiteach féin. Modh éifeachtach measaim.
Cuireann Eoin míchompord orm. Aithním roinnt dá thréithe ionam féin, seachrán, ag maireachtáil ó lá go lá.
Tá an chaoi a chaitheann sé le mná míthaitneamhach, leithleasach. Ach inchreidte, measaim.
Tá lón machnaimh is dris coinsiasa san úrscéal.
An Tearmann
ISBN: 978-1-907494-66-6
Foilsithe: 2016

2016-11-28

Scéinséir alltarach

Ós rud é nach raibh faic cloiste agam faoin úrscéilín seo, is maith an rud gur sheol Cló Iar Chonnacht  cóip léirmheasa chugham!

Scéinséir atá ann, triantán grá- dhá thriantán grá dáiríre agus an mbean céanna ag spuaic an dá thriantán.

Tá an alltar lárnach san scéal, a insítear tríd léargais na pearsain éagsúla a thabhairt i caibidil ar leith. Taibhse duine acu. É ag iarraidh teachtaireacht a thabhairt don dream beo ach bac air.

Fear cathrach ag teitheadh ó strus na cathrach ar oileán mara. Lionn dubh ina chompánach aige, míshuaimhneas buan. É oscailte do fuinneamh, a mhothaíonn sé ach go háirithe i nDún ar an oileán.

Grá tintrí múscailte ann do bhean ar an oileán, agus inti dó, ach grá nach gcuirtear i ngníomh mar go bhfuil lámh is focal idir í is fear ón oileán.

Leathbhádóir an fhir céanna ag faire uirthi freisin.

Duine le Dia ar an oileán a fheiceann go leor.

Cor agus casadh sa scéal go deireadh amach, a thugann deis don údar plé le go leor téamaí: an tionchar ag strainséirí ar phobal beag dlúth, éad, saint, an alltar.

Scéal fuinte go maith.

Tá amscaíocht amháin ann. Tá an scéal ceaptha a bheith lonnaithe ar oileán nua de chuid oileáin Árann na Gaillimhe. N'fheadar cén fáth, mar go mbaintear feidhm as ainmneacha daoine cáiliúla san insint. Cé go bhfuil an oileán nua, tá dún ársa ann, agus an pobal ann le cúpla glúin ar a laghad...

Mar sin féin tá an chuid eile den scéal agus den reacaireacht láidir. Thaitin an scéal go mór liom agus measaim go raibh sé inchreidte, fiú agus an osréalachas go smior ann.

An Strainséir
Brian Ó Tiomáin
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441432

2016-11-26

An Fhuil

Taitníonn an amhrán seo ó Aeons agus Muireann Nic Amhlaoibh go mór liom. Thug sí - agus Séamus Barra - ana thaispeántas ar TG4xx agus cheannaigh mé an rian seo agus an rian Bealtaine ar CD Baby ó shin.

Ardaíonn na smaointe ann, an mórtas cultúir, mo chroí.

Ach is dris chosáin dom an fhuil mar mheafar don nasc idir Gaeil. Ní haon locht ar Mhuireann é agus tuigim cad chuige atá sí.

Is amhlaidh áfach gur deacair dom na macallaí den idéolaíocht ich Blut und Boden (fuil agus talamh) a bhíonn á spalpadh ag an dream a fheiceann fiúntas ar leith i sliocht amháin seachas sliocht eile, a bhíonn ag maíomh as íne.

Rud is ea cultúr ar féidir roinnt, measaim agus is tríd teanga seachas gaol fola a roinntear é. Fiú má tá gaol ar leith ach sliocht na treibhe leis an gcultúr agus cearta oidhreachta acu.

Ceiliúrann an rian sin le focail agus ceol, agus is fiú é cheannach agus éisteacht leis.

Agus tá súil agam go bhfuil an col díbeartha agam asam féin is an píosa seo scríofa agam!

2016-11-24

Bithiúnaigh

Do dhéagóirí óga a scríobhadh an úrscéilín seo, ach bhain mé féin ana thaitneamh as. Scéilín i ndomhan fantaisíochta, a thosaíonn go tobann agus a thagann deireadh leis le go leor snáithe ar foluain. Súil agam go bhfuil Peadar ag obair ar scéalta eile leis an géarú goile atá cothaithe aige a shásamh.

Beirt ógánach atá mar laochra, duine beag glic, Lorcán L Ó Longadáin, Lorgaire agus Mac Giolla, atá mór agus craosach ach caoin.

Tús obann leis an scéal agus tóraíocht dragan (agus bia) i gceist.

Cor agus casadh agus arrachtaigh go deireadh. Nodanna thall is abhus a thugann le fios go bhfuil an scéal neadaithe i sága níos leithne, cogadh an Mhóroilc leis an maith.

Cairdeas is caoine, agus úsáid bhreá as coinbhinsiúin béaloidis scéalaíochta.

D'iarr Dennis réalta as cúig. Ní nós liom sin a úsáid ach ceithre cinn, measaim.

Bithiúnaigh
Peadar Ó Cualáin

104 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-71-1

Tá leagan Kindle ann freisin.

2016-11-22

Uraiceacht scéalaíochta ón alltar

Is dóigh liom gur tríd a chomhoibriú le Terry Pratchett ar Good Omens,  úrscéal faoi dheireadh an domhain lán greann is gaois a chuir mé aithne i dtosach ar Neil Gaiman.

Le roinnt blianta táim ag ransú leabharlanna sa tóir ar saothair leis. Bhain mé an-taitneamh as American Gods agus Anansi Boys. Is breá liom an úsáid a bhaineann sé as scéalaíocht ársa agus an dóigh a bhaineann sé casadh úr as. Léigh mé freisin roinnt dá úrscéalta graifeacha.

Tháinig ar an gcnuasach Trigger Warnings le déanaí. Gearrscéalta ón alltar, uafás iontu go minic. Máistir gearrscéalta a bhfuil úire smaoineamh iontú fiú nuair atá amhábhar ársa in úsáid aige. An tromluí leithead gruaige ón gnáthshaol.

Tá leagan iontach aige de Coladh Céad Bliain aige, casadh iomlán as an nua ann agus Plúirín Sneachta mar banlaoch fuascailte ann.

Ainneoin an alltar agus an t-uafás daonnacht agus an duine is ábhar do na scéalta, mar is dual do scéalaíocht máistriúil.

Ach an rud a dhéanann uraiceacht as an gcnuasach seo ná an brollach ina chuireann sé síos ar a fhoinsí inspioráide agus a laochra.

Laoch dá chuid is ea Ray Bradbury, agus insíonn sé conas ar chaith sé siúd leathlá ag plé ceird an scríobhneora le buachaill óg.

Feictear dom go bhfuil comaoin á chuir aige ar a leithéidí leis an crobhaing scéalta seo agus a léirmhíniú fóinteach sa bhrollach.

Ní scríbhneoir mise ach léitheoir. Mar sin féin bhí tairbhe ann dom.

2016-11-21

Poblacht Chaitliceach?

Féile Chríost Rí na nUile a bhí ann inné. Dé Domhnaigh seo chughainn céad domhnach na hAidbhinte, tréimhse réitigh do bhreith an rí sin i stábla i mBeithil. I stábla toisc gur éiligh na húdaráis ar a mhuintir filleadh ar baile a sinsir ón áit a raibh siad ina dteifigh eacnamaíochta. Go gairid ina dhiaidh sin ba teifigh san Éigipt iad de bharr formad údaráis. Iarrthóirí tearmann.

Tá gníomhaire antoisceach abhus ag iarraidh é féin a chuir i mbéal an phobail arís le reitric frith imirceach agus caint bhladhmannach éilitheach faoi ginmhilleadh. Más fíor dó féin is Poblacht Chaitliceach atá ag éileamh ag a Pháirtí Náisiúnta.

Uilíoch is brí le caitliceach ar ndóigh. Comhionann gach neach i láthair Dé.

Tá sé le tuiscint óna reitric áfach gur aiséirí an smacht dialathas chúng Jansenach cléireach a shantaíonn sé.
Smacht a rinne urlabhraithe na gciorcal órga measúla órga de na hEaspaig seachas fáithe Chríost. Tá cliarlathas nua ag feidhmiú ar son na ciorcail órga anois ar ndóigh, agus ceartchreideamh úr á theagasc acu.

Ní ón bPápa, atá ag éileamh féile ó thús na géarchéime,  atá sé ag glacadh treoir.

Thar rud ar bith eile tá sé ag tabhairt droim láimhe do theagasc na hEaglaise ar mhaithe le meirge treibhe a dhéanamh arís den gcreideamh.

Scrios ar Eaglais is ar Stáit an toradh a bhí ar sin cheana.

Níor mhiste liom athnuachan ar an eaglais, ach is ó iompú croíthe a thiocfaidh sin. Tíolacadh is ea an chreideamh ar gá glacadh go saor leis. Ní le lámh láidir ná auto-da-fé a mhealltar anamacha do Chríost.

Dá mbeadh creideamh láidir gníomhach bunaithe ar an foirceadal fairsing seans go mbeadh poblacht fónta chaitliceach againn. Ach ní bheadh a leithéidí cúng údarásach náisiúnta.

Cé gur cúis dóchais é nach bhfuair drong mar seo riamh níos mó ná 2% i dtoghchán, nílim iomlán ar mo shuaimhneas san ré iarfhírinne seo go bhfuil cloigeann gránna an hiodra ag ardú.

Baineann cuid de amhrath píobairí breaca dá leithéidí abhus,  murab ionann agus ar an mór roinn,  le nádúr treibheach cliantachta na polaitíochta abhus. Áit a mbíonn boic mhóra sa rialtas ag scríobh litreacha ag a dtoghthóirí ag gealladh nach lonnófar teaghlaigh den lucht siúil i mbaile fearann s'acu. Nó a ligtear do iarrthóirí tearmainn lobhadh i gcóras soláthar dhírigh a cheileann saoirse orthu ach a ghineann brabach thar chuimse do lucht gaimbín.

Praghas saoirse síor faire.

2016-11-18

Loisceadh Njal

Tharraing an leabhar Njal Saga mo shúil agus é ar leabhragán ar leith i leabharlann Mhullach Íde. Bhí fhios agam go raibh tagairt ann do Chath Chluain Tarbh.
Ficsean stairiúil atá ann, a scríobhadh san 13ú céad ag amharc siar ar an 10ú aois.
Tráth a raibh an Íoslainn ina dhaonlathas de chineál, údarás ag fir gustalacha. Tá caidreamh bhríomhar le riochtaí eile Lochlannacha, in oileáin na hAlban ina measc.
Cé go raibh córas dlí acu, bhí an fíoch fola chomh láidir céanna leis an dlí.
Scéal slad agus díoltas atá i gceist, thar cúpla glúin.
Tá cuir síos spéisiúil ann ar imeachtaí dlí agus cleamhnais agus an tábhacht a bhain le foclaíocht agus foirm i gcúrsaí dlí.
Tá sleachta fada ginealach ann, ach ní mór dom admháil gur sleamhnaigh mé tharstu sin.
Tá roinnt mná láidre luaite, ach dáiríre is scéal na bhfear agus a gcuid troid thar glúinte atá ann.
Tá cuir síos ar an athrú creideamh go Críostaíocht ann, agus an cineál naomhsheanchas míorúilteach atá luaite le Pádraig abhus fairsing ann.
Tá cuir síos ó dhearcadh Lochlannach ar chath Chluain Tarbh mar chríoch an leabhair, áit a bhasaigh mórchuid an slua a bhí ciontach as coirloscadh arbh trúig bháis Njal iad.
Dlíodóir agus fear onórach an Njal a thugann a ainm don scéal, fear síochánta ach a mbíonn formad agus foréigean thart air.
Leabhar spéisiúil. Táim sásta go bhfaca mé é.
(Leagan aistrithe ó leagan údarásach Íoslainnise, atá dílis don bunleagan is cosúil. Nótaí go leor leis do scoláirí, ach is sa scéal a bhí mo spéis)

2016-11-16

Oidhrí Seanchán Torpéist?

Is annamh mé ag freastal ar dhrámaí nó imeachtaí cultúrtha ina bhfuil Béarla in uachtar. Níl ach méid áirithe ama agus fuinneamh agam agus is fearr liom é a chaitheamh ar éigse na Gaeilge.
Ach thug Réaltán cuireadh liom bheith ina chomhluadar agus comhluadar Yoseba Peña ag an taibhiú Shadows of the Táin in Amharclann Smock Alley. Shíl mé gur cluiche scáil a bhí le bheith ann, ach dáiríre is complacht seanchaithe iad Candlelit Tales agus bhí reacaireacht Sorcha agus Aron Hegarty sa phríomh áit. Insint sách dílis den Táin, na réamhscéalta san áireamh acu. Athghabháil an scéil ó thaibhse Fhearghuis, réamhstair Donn Cuailgne agus an Fionnbheannach. Seanchas den scoth acu, dílis don scéal ach sáite sa freacnairc. Slaiseanna glice faoi iomrascáil fear is bean - rud a luíonn go maith le Medb is an dinimic idir Ailill, Feargus agus í. Rinne siad dailtíní D4 as na Gaeileoin in insint greannmhar, agus bhí Aron ach go háirithe glic ina aithris ar bhlasanna cainte na linne seo leis an aighneas idir na cúigí atá ag croí an scéal a léiriú.

Bhí ceoltóirí agus lucht scáil a chaitheamh ag tacú leo. Ceol deas, leathbhealach idir traidisiún is claisiceach. Scaití bhíothas ag amhránaíocht. Níor aithin mé an teanga, bhí macallaí den nGaeilge ann. Measaim go raibh siad ag baint feidhm as blúirí sean-ghaeilge ach foghraíocht as alt.

Is trua go raibh siad ag scalladh a sleamhnán agus scáthanna ar bhalla garbh cloiche- d'oibrigh sin do cuid de na híomhánna ach bádh go leor acu. Bhí scáth chath is allagar Ferdia agus Con Chualann, beirt ar stáitse agus a scáthanna teilgthe ar an bhalla iontach éifeachtach mar shampla, iad ag bogadh i dtreo agus i gcoinne an tsolais le béimniú. Níor oibrigh cath deireadh an dá thairbh, léirithe le puipéid dá gcloigeann chomh maith céanna, bhí na scáthanna ró dhoiléir.

Bhí an geatsaíocht is an damhsa go maith, cé go bhfeadfaí roinnt snas a chuir air.

Ach b'é,  ainneoin corr sciorradh focail, reacaireacht Sorcha agus Aron crann taca an taibhiú, agus bheadh fonn orm éisteacht arís leo- fiú sa Sacs-bhéarla agus gan ach iarsmaí Gaeilge mar a bheadh orthaí acu.

Tá a gcion féin á dhéanamh acu do seanchas na nGaeil!

Tá an taibhiú ar siúl i Smock Alley go dtí an 18ú.

2016-11-15

Wejen Ausdrücke

Cad chuige a bhí an bhean meánaosta sa phríosún ag lucht an treas ríocht? Wejen Ausdrücke! As nathaíocht! Téann focail le gaoth? Tuige scaoll údarás éagórach roimpe mar sin? Cuireann faisisteachas focail as riocht, mar a léirigh LTI Klemperer. Déanaimis cúram de cruinneas, ionracas is beart de réir ár mbriathair.

Bernhard Lichtenberg

'Tá an teampall faoi bharr lasrach. Áras Dé sin freisin'
Labhair an sagart amach, oíche réabtha an ghloine. Agus roimhe. Agus ina dhiaidh. Gráin Goebbels ar le fada. Cháin drochíde Giúdaigh. Dhamnaigh dúnmharú easláin. Nocht céasadh braighdeanaigh. Bhí seasmhach faoi bhuillí. Gabhadh as Kanzelmissbrauch. Mí-úsáid crannóige? A mhalairt. Fíréan i measc na ciníocha.

(Íomhá ó Yad Vashem)

Claus Graf Schenk von Stauffenberg

An clós inár básaíodh é. Dealbh. Lomnocht? Níor thuig an déagóir. Col piúratánach le colainn ann. Táire nochtadh, ní urraim. Míníodh dó. Tugann cuntanós aitheantas don laoch. Seasann colainn nocht do comhionannas gach ball den cine daonna. Rugadh nocht muid. Tuigim anois.

2016-11-14

Babylon Gaeilgeoir

Truslóga fada ó imeacht lár cathrach amháin go himeacht. Deabhaidh ina fhallaing cosanta umam. Sníomh gasta idir tuairteálaithe i marbhfháisc snaoisín an diabhail nó bainne glas na heasóige. Cailleacha an fháidh is na gcóisir cearc. Díthreabhaigh burláilte i ndoirse. Mo chathair, coimhthithe orm.

2016-11-13

Fornocht do chonac tú

De bharr a laghad fógraíochta a bhí faoi, is beag nár chaill mé dráma na Taibhdheirce sa Phéacóg. Ach d'éirigh liom dul oíche Shathairn agus tá mé iontach sásta go ndearna.

Fionnó glúin na réabhlóide mise, gan nasc ar bith dáiríre le 1916. Agus glúin na ndubhó atá i dtreis anois dáiríre.

Garmhac fir a bhí san GPO atá i pearsa lár an dráma (Micheál Ó Dubhghaill), fear a tógadh ag an seanathair sin a bhí go mór faoi tionchar an Phiarsaigh. Piaras dá réir ar a garmhac.

Dealbhadóir, amhail athair an Phiarsaigh agus a dheartháir Willie. Ar maos i soiscéal ealaíona an Phiarsaigh de bharr an oiliúint a thug a sheanathair dó. Ainm in airde aige tráth de bharr gaiscí ealaíne ar an gcoigríoch. Mar is dual don ealaíontóir Éireannach nach bhfaigheann aitheantas in Éirinn gan é bhaint amach ar an gcoigríoch i dtosach.

Corr ina chinniúint de bharr buille a bhuail sé i gcoinne ealaíon a shíl sé bheith ró bhuirgéiseach.  Maraíodh leanbh mar thoradh indíreach ar an mbuama a leag sé, agus é céasta ó shin ag a choinsias.

Sa riocht sin, beo ar fuisce is toitíní atá sé nuair a chuireann muid aithne air. Meirdreach déanta aige dá thallann, ag greannadh corr leac úir sa stíl bhréag cheilteach a bhfuil col aige leis d'fhonn bheith beo. Ach ag cuir le bró muilne a chiontacht ag an am céanna.

Tagann múinteoir óg ealaíne (Gráinne Beasdale) ionsar é, tairiscint aici go ndearfaidh sé leac cuimhneacháin don bPiarsach. Ag feidhmiú thar ceann coiste buirgéisigh atá sí, í ag iarraidh fíor ealaíon a thabhairt i láthair atá sí, mar a bhíonn sí ar scoil, ach i mbraighdeanas í féin dáiríre.

Níl ach triúr ar stáitse, ach cuireadh an choiste inár láthair ar físeán. Coiste a sheasann cuid mhaith do na fórsaí a bhfuil seilbh glactha acu ar an stáit, poblacht an Phiarsaigh i marbhfháisc acu.

An tionsclóir Gearmánach. Bean d'iarsma an tseanreachta a bhfuil brabach a bhaint aici as an talamh a ghabh a sinsir. Teachta dála de dhearbhfine glúin na réabhlóide, bean óg í atá beo ar éacht a sheanmhuintir agus dílis don gcóras. An fear gaimbín scéimeach. (Cúis iontais i bhfianaise ré a scríofa easpa an chléir ar an bhfoireann seo).  Iad ag iarraidh feabhas agus forbairt, ag cnuasach leathphingin le pingin. Ag glacadh leis go bhfaighidh siad obair sásúil ar phraghas íseal ón ainniseoir imeallaithe.

Doireann Ní Foighil an tríú pearsa ar stáitse- sprid a fheidhmíonn mar choinsias, mar chiontacht, ach freisin mar bhé is tinfeadh.

Dráma foclach atá anseo, sleachta fada ó scríbhinní an Phiarsaigh go háirithe, Terrible Beauty Yeats, corr tagairt eile.

Ach bhí mise i mo shuí sách gar don stáitse go ndeachaigh súile fiáine Phiarais i bhfostú ionam, go raibh mé faoi gheasa ag gothaí na n-aisteoir agus an t-ábhar físe ar an scáileán a threisigh éifeacht na bhfocal.

Ní thugann saothair ealaíne freagraí simplí. Ach cuireann saothar fónta téada an anama ag crith. Beidh a phort féin ag cách.

Táimse fós faoi gheasa ag súile céasta Phiarais.

Ní ceadmhach neamhshuim...

2016-11-06

Iománaí ón Iasacht

Sheol Cló Iar Chonnacht cóip léirmheasa den scéal seo do dhaoine óga chugham. Is breá liom an smaoineamh, buachaill ón bPolainn a thagann go hÉireann agus a éiríonn gafa le iománaíocht. Éiríonn go maith leis agus faoi dheireadh an leabhar tá áit bainte amach aige ar fhoireann mionúr an chontae.
Tá ábhar bhreá scéil ansin, ach faraor chuaigh an údar ar bóiléagar i scéalta thairis, ag seoladh a laoch abhaile chun na Polainne, á bhreith aniar arís ach mórán tubaist ar a thuras. Bhí ar dul i muinín deus ex machina i mórán chuile caibidil.
Thosaigh scéal grá ag bláthú, agus déanadh dearmad ansin air.
Ní fear CLG mé, ach chuir sé ionadh orm gur iománaíocht scoile ar fad a bhí á phlé, gan puinn trácht ar chlubanna.

Seans ná beidh daoine óga chomh géar ar an scéal is atáimse, ach feictear dom gur chuir an údar an sliotar go mór ar foráil. Is trua, mar tá ábhar iontach tráthúil scéil aige.

Iománaí ón Iasacht
Cló Iar-Chonnacht
Seán Ua Cearnaigh
Tagairt: 9781784441418 

2016-11-03

An tOllríomhaire i mo phóca

Le tamall anois is tríd aip ar mo ghuthán póca atá mé ag breacadh na smaointe fánacha seo, toisc go mbím ag taisteal ó cheann ceann an líne DART fé dhó sa ló, am le meilt agus ceangal WiFi ar fáil.

Go deimhin, is annamh a bhainim feidhm as an ngléas chun glaoch guthán a chuir. Ach bainim feidhm as seasta mar teirminéal idirlín, agus chun grianghraf a ghlacadh. Tá gléas ar leith agam fós chun éisteacht le ceol agus mé ar an mbóthar, ach tá ar chumas an fóin a leithéidí a dhéanamh freisin. Glacadóir FM atá ann freisin, agus glacadóir loingseoireachta. Go deimhin, tá dosaen éigin feidhm raidió ann, Bluetooth, WiFi, an bunchóras teileachumarsáide, GPS, cumarsáid garraoin...

Gléas ilfheidhmeach ilmheáin.

Bhíodh mana fadó ag Sun gurbh é an líonra an ríomhaire. Bítear ag trácht coitianta ar néalríomhaireacht - níl ansin ach an leagan is déanaí den mhana sin, crua earraí scaipthe tugtha le chéile ag bogearraí chun tásc a chuir i gcrích.

Tá gné nua anois, agus na fathaigh idirlín fearacht Google agus Facebook ag cnuasach agus ag scagadh sonraí. Fágann an ollmhéid sonraí a chuirimid ar fáil dóibh go bhfuil scóip ar leith ag modhanna staitisticiúla chun brí a bhaint as na sonraí céanna.

Níl sin gan chonspóid, mar ag deireadh an lae is daoine atá ag dearadh na halgartaim, ní cinnteacht eolaíocht nádúrtha atá i gceist. Tuigtear le fada go ndéantar an rud a thomhaistear. Tá léargas maith ar an gceist ag Antain Ó Lachtnáin anseo (as Béarla)

Is éachtach an athrú atá tagtha ar chúrsaí ríomhaireachta ó bhí mise ag clóscríobh go pianmhar clár fhada FORTRAN i teirminéal mall Vax a bhí á roinnt agam le scata mór mic léinn go inniu, nuair atá ollríomhaire ilnasctha i póca mo léine. Sin uilig lastigh de tríocha éigin bliain.

Tá deiseanna agus baol ag baint leis, ar ndóigh.

2016-11-01

Buille Marfach

Ón leabharlann a fuair mé dara úrscéal bleachtaireachta seo Anna Heussaff.
Lonnaithe i mBéara arís, roinnt den gcliar céanna is a bhí i Bás Tobann, Aoife Nic Dhiarmada agus a teaghlach lárnach arís.

Scéal láidir Ilsnáitheach, léargais iontacha ann ar an gcaoi a réabann coir tromchúiseach saoil as a chéile, rúin a chartadh isteach i solas an lae ag póilíní- ach freisin ag iriseoirí, cuid acu suarach go maith ina gcuir chuige. Uaillmhian is uaigneas núíosach Garda nach bhfuil a ionad san fhoireann aimsithe aige de bharr a ghuagacht féin. Teannas idir máthair agus iníon atá ag teacht in inmhe.

Go leor casadh agus corr sa phlota, ach bunús agus ciall leo - gan gá le Deus ex machina le fadhbanna plota a réiteach ach an scéal fuinte go maith gan bunchleite amuigh ná barrchleite isteach.

Buille a shroich amas.

2016-10-25

Dlíonn foghlaimeoir foighne

Bhí mé i bpluais na cúise le déanaí toisc go raibh mo mhac agus cara leis ag seinm ann. Bhí an áit thar a bheith ciúin, ní raibh istigh ach mé féin agus ciorcal cainte foghlaimeoirí.
Thug siad cuireadh dom suí leo, agus rinne mé amhlaidh.
Ní múinteoir mé, níl an scil agam, agus ní bhíonn fonn orm Béarla a labhairt san áit a raibh súil agam a bheith ag labhairt Gaeilge. Tá's ag Dia go mbíonn na deiseanna í labhairt sách tearc ag mo leithéidí atá scoite amach ó chainteoirí eile. An nós atá agam ná iarracht a dhéanamh an méid a dúirt mé a rá arís, i bhfocail eile. Níl fhios agam an cur chuige inmholta atá ansin go teagascach. Tuigim gur fusa ag go leor an rud a rá as Béarla ach feictear dom go bpolltar an comhrá ag an bpointe sin.
Bhí duine ann ag rá gur mheas sé nach raibh fáilte roimh a leithéidí ag ócáidí shóisialta as Gaeilge, nach raibh cainteoirí líofa sásta a gcomhrá a chuir in oiriúint dá chumas.
Is cinnte gur fíor dó. Ní minic go dtagann daoine nach bhfuil iomlán líofa an dara uair chuig an Ciorcal Díospóireachta, abair. Ní hé go gcuirtear ó dhoras d'aon uaim iad, ach is chun comhrá bhríomhar a bheith againn atá muid cruinnithe.
Rinne mé iarracht míniú dhó go bhfuil riachtanais ag cainteoirí líofa freisin, gur mian linn pléisiúr a bhaint as deá chomhluadar agus deisbhéal.
B'é a mhaíomh go mba cheart dúinn bheith ag spreagadh a leithéidí ar mhaithe leis an dteanga.
Is dócha gur fíor dó go pointe. Mar sin féin ní dóigh liom gur féidir dualgas teagascóra a leagan ar gach duine a bhfuil Gaeilge ón gcliabhán.
Tá cuid mhór againn gann ar an bhfoighne agus an t-eolas riachtanach chuige cibé. Fiú má tá ar cuid gramadaí cruinn (rud nach fíor fúmsa faraor) ní minic go bhfuil an cruinneas céanna comhfhiosach.
Ceist sách casta iompar teanga.
Éilíonn dul chun cinn foighne, ó thaobh an chainteora líofa, ach freisin ó thaobh an fhoghlaimeora.
Agus sin mo racht.

2016-10-24

Ridire an ghaiscidh

Ar foghlaimeoirí fásta atá an an leabhar seo dírithe dar leis an réamhrá. Foláireamh mar sin nach oide mise. Agus cé go bhfuilim síoraí ag foghlaim, tá go leor taithí léitheoireachta Gaeilge agam. Mar sin féin, ó chuir Cló Iar Chonnacht an leabhar faoi mo bhráid, déanfaidh mé iarracht é a mheas do na léitheoirí ar a bhfuil sé dírithe.

Maíonn Caitríona Hastings san réamhrá gur sás foghlama ab ea na scéalta béaloidis riamh anall, gaois an chine, teanga agus nósmhaireacht á iompar iontu ó ghlúin go glúin.

Tá eolas domhain agus leathan aici féin ar an mbéaloideas, rud a chuir sí chun tairbhe léitheoirí óga roimhe seo sna leabhair léaráithe a d'fhoilsigh An tSnáthaid Mhór.

Buan tréith de scéal a bhíonn á aithris ós ard is ea na ruthaig, sleachta a chuireann le rithim an scéil agus a mbíonn foirmle agus athrá i gceist iontu. Tá sé luaite aici san réamhrá go measann sí iad seo ach go háirithe a bheith ag fónamh don bhfoghlaimeoir. Tá úsáid éifeachtach bainte aici as na sleachta seo, le casadh beag anois is arís le aird an léitheora a phriocadh.

Is éard atá anseo ná sintéis an scéil ársa faoi mhac rí a oiltear ar leithligh ag ban gaiscíoch agus ar gá do a ionad san saol a bhaint amach tríd gníomhartha gaile. Ar ndóigh bíonn bé álainn a tharrthálann sé ó arrachtach mar luach saothair aige.

Tá go leor scéalta den seánra curtha le chéile anseo, rud a chuidíonn leis an athrá maille athrú atá le bheith ina chuidiú don bhfoghlaimeoir. Measaim go bhfuil an scéim éifeachtach.

Ní insint iomlán traidisiúnta atá i gceist- scaití caitheann an údar amhras ar na gnása, agus tá éadroime agus greann ag baint leis an áibhéil.

Bheinn amhrasach maidir leis an úsáid a bheadh i gcuid den bhfoclóir san lá atá inniu ann, ach is cinnte go bhfuil go leor múnlaí gramadaí san reacaireacht a rachaidh an léitheoir i dtaithí orthu mar thoradh ar an athrá.

Tá foclóir ag deireadh an saothair, ach seachnaítear fonótaí, rud atá inmholta measaim - ní bhainfear aird an léitheora ón scéal.

Bhain mé taitneamh as an leabhar mar léitheoir mé féin, cé gur mheas mé go ndeachaigh sé chun fadálachta beagán de bharr eachtraí a bhí ana chosúil le chéile. Ach fónann sin don aidhm teagascach.

2016-10-21

Dia linn um fáir

Tá an sagart i'm séipéal áitiúil cnagaosta, oilte sa ré ina raibh Laidin in uachtar. Deireann sé aifreann de réir an ord urghnách mórán gach Satharn, aifreann Laidine móide léachtaí as Béarla. Aifreann 'íseal' beagnach i gcónaí, i. gan cantaireacht.

Éistim féin an t-aifreann seo go measartha rialta.

Cuirtear síos ar go minic mar an sagart ag rá aifreann 'lena chúl leis na daoine' de bhrí go mbíonn a aghaidh leis an altóir ar feadh mórchuid den deasghnáth. Deirtear go leor de na paidreacha i nglór íseal freisin. (Chuala uair éigin gur micreafóin a thug an chaidhp báis don nós san, go raibh sé dofhulaingthe ag an pobal gan gach rud a chlos).

Mar a tharlaíonn, thiar seachas thoir atá an altóir san séipéal, mar sin cailltear cuid den siombalachas den Ad Orientem - ag féachaint i dtreo na fáire agus Críost ag aiséirí. Mo thuairim anois bunaithe ar mo thaithí ná go bhfuil sé níos soiléire san deasghnáth urghnách go bhfuil an sagart ag fónamh dá phobal agus do Dhia, go bhfuil an sagart agus an pobal ag guí le chéile.

Tá gnéithe eile a threisíonn an tuairim sin, paidreacha a leagann béim ar umhlaíocht agus fónamh an sagart.

Mar shampla, ag tús an Aifrinn deir an ceiliúraí an faoistin choiteann - an confiteor - é féin, agus is an freastalaí agus an pobal a iarrann maithiúnas ó Dhia dó; ansin deir an pobal an paidir céanna.

Tá sé suntasach go mbaineann go leor de na paidreacha a deirtear ós ard, le poncúlacht a chuir leis an deasghnáth, le umhlaíocht agus fónamh an sagairt.

Feictear dom go bhfuil ról an sagairt níos ceannasaí san ord ghnách Aifreann, ag braith ar ndóigh ar an sagart.

Tá gnéithe eile ar maith liom, sollúntacht na Laidine; an athrá i gcodanna áirithe; tús soiscéal Eoin mar dara soiscéal.

Is maith liom freisin na paidreacha achainí agus buíochas a deirtear mar phobal le chéile ag deireadh an Aifrinn.

Bíonn éide Aifreann dubh á chaitheamh ag an sagart in aifreann cuimhneachán na mairbh- nós atá ceadaithe ach imithe i léig thairis sin.

Deasghnáth is ea an aifreann, agus is maith roinnt mistéir agus sollúntacht a bheith bainteach leis.

2016-10-18

Canathaobh nach dtagann Saintí isteach an doras?

Ceist mós meabhrach, a chuir a iníon ar Daithí de Mórdha. Is cuimhin liom duine éigin a rá go raibh ról ag an bhfear céanna i saol an pháiste - ag múineadh an cheacht riachtanach, nach iomlán na fírinne a insíonn a dtuismitheoirí i gcónaí.

Teach ilchultúrtha s'againne, tá cúpla scéal. Líonann San Nioclás na bróga le féiríní ar a lá fhéile, 6ú Nollaig. Bíonn bronntanais cois teallaigh, i stocaí ar leith, Lá Nollag. Is ar féile na foilsithe fágann Caspar, Balthasar is Melchior féiríní cois beithilín don líon tí.

Tá na scéalta faoi San Nioclás fréamhaithe i naomhsheanchas San Nioclás Myra a  luaitear le tarrtháil iníonacha ceannaí ó striapachas tré spré a chuir ar fáil in am an ghátair. Tá scéalta eile faoi mar cosantóir leanaí agus faoina fhéile. Ar ndóigh, tá tréithe eile i Santí na linne seo, a fuineadh as corcán na gcultúr i Meiriceá, Seán Séamus Seaca na Rúise, abair.

Mairimid i ré a deir ós ard nach bhfuil d'fhirinne ann ach fírinne inphrofa na heolaíochta nádúrtha, atá ar fáil do na céadfaí. Ós íseal áfach géilltear don teoiric chomhcheilge, don bpisreog is don ráfla.

Dúshlán ar leith atá ansin don creidmheach, a bhfuil an parabal is an fabhalscéal tábhachtach i seachadadh an fhírinne dó. A ghéilleann do fhreagra Íosa ar cheist Phíolóid fé cad is fírinne ann:

 “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha."
Eoin 14:6

Bhain Íosa úsáid éifeachtach as parabail, ag maíomh go mba ghá don té a bhfuil cluasa air éisteacht. Ar ndóigh, sé foirceadal na hEaglaise Caitlicí gur faoi tinfeadh Dé a scríobhadh na Scrioptúir. Ní hionann sin is gur lámhleabhar eolaíochta atá le léamh go litriúil atá ann. Mar a dúirt Bellarmine le Galileo, múineann scrioptúir dúinn conas dul chun na flaithis seachas conas mar a bhíonn na flaithis ag dul.

Leabharlann ina bhfuil filíocht, stair, gaois, aoir agus teagasc atá sa Bhíobla. Is ann atá fotha an naomhsheanchais; is taca don traidisiún atá ann. Ach is gá é a scagadh agus a thuiscint.

Maíonn Terry Pratchett gur Pan Narrans - ápa inste scéil - an duine dáiríre. Creidim go bhfuil a mhéir leagtha aige ar rud thar a bheith tábhachtach. Is tríd scéalta a insint a fhaigheann muid tuiscint agus smacht ar an saol. Ach is gá gan eithne na fírinne a chuir trína chéile le blaosc fileata an scéil.

Focal ana úsáideach dá réir 'canathaobh', agus tá freagra ionraic dlite do cheist páiste nó duine fásta. Tharlódh go minic gur 'N'fheadar' an freagra cuí!

Tosach feasa foghlaim, ach fotha gaoise umhlaíocht.

Beatha Dhónaill Dhuibh

Tá Séamus Barra feicthe agus cloiste agam, ag Reic agus ar físeáin. Meas file taibhe a bhí agam air,  reacaire rapúil rithimiúil. Nuair a chuala go raibh cnuasach i gcló aige, bhí amhras áirithe orm conas mar a sheasadh a ealaíon ar an leathanach lom, gan tionlacan a ghutha ná buillí ceoil.

Tháinig Cló Iar Chonnacht roimh m'amhras áfach agus bhronn cóip léirmheasa orm.

Baineann b'fhéidir dhá dtrian den leabhar le scéalta Dhónaill Dhuibh. Is deacair lámh a leagan ar Dhónaill - cé hé? Scaití is taobh dhorcha, alter ego an file é. Scaití eile fear gaoil scothaosta a chuaigh i bhfeidhm air, nó duine dá sinsir ón mbéaloideas teaghlaigh. Nó an galar dubhach. Nó a bhé. Nó...

'Ó ní
nach ionadh
a bhuachaill
tá a Dónall féin
ag gach aon chlann... '

(Cistin i mBaile an Sceilg)

Tá m'fhichidí drabhlásacha i bhfad siar is níor caith mé riamh rud níba crua ná fuisce. Agus buíochas le Dia níos bhlaiseas riamh níos mó ná lán béil dubhróin - chuaigh cailís nimhe an lionn dubh tharam gan blaiseadh. Ní mhaífinn go bhfuilim saor ón drúis ach tá imdhíonadh sa chiontacht Caitliceach ar go leor dá iarmhairtí!

Tá fiántas drabhlásach na hóige uirbeach sna dánta seo, ardán agus ísleáin saol fuinniúil. Agóid síoraí an óige i gcoinne an status quo. Juvenalia sciar dá bhfuil ann gan amhras, ach tiocfaidh an móramh slán agus beidh le léamh amach anseo i Rogha Dánta Shéamuis Barra.

Dánta uirbeacha, nó an dánta ógánaigh atá ag fánaíocht idir cathair, tuath agus bruachbhailte atá anseo. Bheith istigh ag an lucht siúil iontu freisin. Foiréigneach, macnasach, drabhlásach, fonóideach, feargach.

Ach ní liathuisce uirbeach atá san teanga ann ach caint bheo Uíbh Ráitheach. Caint atá saibhrithe ag sár eolas ar litríocht na Gaeilge. D'aithin mé féin macallaí as saothair eile thall is abhus - táim measartha cinnte go bhfuil breis ann a aimseoidh na léitheoirí oilte géarshúileacha.

Tá dhá rannóg eile sa leabhar -
Loitríocht  - dánta fada ar aon dul cuid mór le scéalta Dhónaill Dhuibh, agus a ndúchas stáitse le aithint i gcló agus caint cuid acu. Agus Gunsaku Tuathail, dánta trí líne áiseacha. (Níor áirigh mé na siollaí, ach ní dóigh liom gur haiku atá i gceist). Téamaí gaolmhara á gcíoradh iontu.

Clocha is ea na dánta so
á gcur i lámhaibh
léitheora

is fútsa
a dhéanamh amach

cá luífidh amas

a dteilgthe

(Clocha)

Tá an léitheoir seo sásta go maith go dtáinig Cló Iar Chonnacht aniar aduaidh air. Ach sílim gur dá chomhaoisigh féin is fearr a feileann na dánta seo, go dtugann sé guth dóibh. Lucht Reic? Bímid ag caint ar Fhilí INNTI. Measaim go mbeidh caint amach anseo ar filí Reic. Agus beidh Séamus Barra ag a gceann.

2016-10-17

Ní lia dlíodóir, aguisín

Argóint a déantar go minic ar son an chosc ar ginmhilleadh a aisghairm ná go bhfuil sé ag tarlú cibé. Go háirithe anois agus piollaí ginmhillte ar fáil.
Ní ghéillim do sin. Ní tomhais ar ceart nó mícheart ruda an líon daoine a déanann é.

Ach tá rud amháin ar mithid aghaidh a thabhairt air. Bhí clinicí áirid ag comhairliú do mhná bréaga a insint dá dochtúirí, rá leo go raibh breith anabaí nádúrtha acu. Comhairle baolach, mífhreagrach  atá ansin. Cé go maítear na piollaí seo a bheith slán, níl aon leigheas nach bhféadadh iarmhairtí gan choinne a bheith aige, go minic tar éis blianta. Tá sé tábhachtach go mbeadh eolas cruinn ag lia chun fáthmheas ceart a dhéanamh.

An t-imní atá ar na mná ná go sceithfí orthu agus go mbeadh iarmhairtí dlí dóibh.

Creidim go mba cheart go mbeadh macasamhail séala na faoistine i gceist le dochtúir i gcás mar é; go mbeadh dualgas gan aon eolas a nochtadh seachas dá mbeadh sé práinneach ar mhaithe le sláinte na mnaoi.

B'fhiú machnamh ar modh éigin tuairiscithe anaithnid chun sonraí faoi méid na húsáide a mheas. Ach go háirithe cionn is go m'bhféidir go mbeidh iarmhairtí sláinte amach anseo.

Tuigtear anois nasc a bheith idir an piolla frithghiniúna agus an galar dubhach- agus manglam eile hormóin atá i gceist leis na piollaí ginmhillte.

Arís seo cás arbh fhearr i lámha lucht leighis ná lucht dlí.

Ní lia dlíodóir

Airteagal 40.3.3 an cnámh spairne:

Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

Soiléir go leor, shilfeá. Ach de bharr meatacht rialtais le triocha bliain anuas, ní raibh go dtí 2013 aon reachtaíocht dearfach. Tá an píosa reachtaíochta sin féin amscaí, brúite le deifir tríd an oireachtas. Fágann sin gur i lámha na cúirteanna agus dlíodóirí a bhí an cheist. Is iontach na castachtaí ar féidir le dlíodóir baint as nath simplí fearacht 'sa mhéid gur féidir é'. Ní mór a rá freisin gurbh iad na cásanna is castaí agus is truamhéalaí a thagann ós comhair na cúirteanna.

Maíonn roinnt cnáimhseoirí go bhfuil an cosaint ar an mbeo gan breith ina chosc ar deá chleachtas leigheas. Tá frídín amhrais orm. Ní hamháin go bhfuil na dochtúir céanna chun tosaigh ag éileamh eascú ar ghinmhilleadh, ach is iad freisin a bhíonn ag iarraidh neamhspleáchas mná glúine a mhúchadh, agus a bhíonn ag maíomh as a 'mbainistíocht gníomhach ar luí seoil' a chuireann an máthair agus leanbh faoi chúng clár ama agus oibre monarchanúil an oispidéal, seachas a ceann a ligeann leis an nádúr, mar ba cheart i mórchuid na cásanna.

Luaitear tragóid Savita mar fhianaise don dearcadh seo. Tá an tuiscint seo bunaithe ar nath fánach le banaltra a dúirt gurbh tír caitliceach í seo. Léirigh trí iniúchadh áfach gur faillí lucht leighis, a scaoil ocht deis gníomhú tharstu, ba cúis lena bás. Más rud é go raibh siad srianta ag an dlí, ba dheacair tuiscint cad chuige go dtáinig FSS ar shocrú lena nuachar. Mura raibh faic mícheart déanta acu faoin dlí, ní bheadh cúis le freagairt acu.

Mar sin féin ní cheart a leithéidí seo a bheith i lámha dlíodóirí seachas dochtúirí.

Fágann córas achrannach an dlí coiteann go mbíonn brú ar dhochtúirí a gcuid botúin a cheilt- a shéanadh fiú- agus a bheith iontach cúramach má tá aon amhras ann. Daoine is ea dochtúirí, ag obair faoi ardbhrú ag teorainn bás agus beatha. Neacha iontach casta othair, agus níl cinnteacht ann maidir le cén éifeacht a bheadh ag íocshláinte.

Tá gá, ar mhaithe linn ar fad, le córas dlí a thugann cosaint do dhochtúir coinsiasach. A thugann spreagadh botúin a admháil go luath, chun go mbeadh deis na hiarmhairtí a mhaolú agus chun foghlaim agus cleachtais a leasú dá réir. Is gá gan amhras dochtúirí bradacha a aithint, ach níl barántas sa chóras reatha go ndéanfar amhlaidh.

Mar chuid de sin tá gá le córas a chuidíonn leo siúd atá thíos le míthapa leigheas- chun plé leis na hiarmhairtí nuair a fhágtar duine faoi míchumas, agus chun tuiscint a thabhairt do theaghlaigh faoi bhrón. Ní ceart go mbeadh ar a leithéidí achrann is costas cás cúirte a tharraingt orthu féin agus iad cheana féin buailte is brónach.

Sin leasú a bheadh mé in ann lán tacaíocht ó chroí a thabhairt dó.

2016-10-13

Na réamhdhaoine

Roinnt blianta ó shin bhí mé gafa le scríbhneoireacht Phillip K Dick. Samhlaíocht sách dhorcha atá aige, faoi anáil an chogaidh fhuar. Buanchogaidh síoraí ábhar cuid mhór dá scéalta; sciar mór eile ag plé leis an gcogadh ar dhrugaí. Scagadh ar leith déanta aige ar dhaoine saorga, as ar eascair an scannán Blade Runner. (Ar ghearrscéal dá chuid atá an scannán Total Recall bunaithe freisin).

Tá scéal ar leith dá chuid tráthúil. I 'The Prepersons' samhlaíonn sé domhain nach nglactar le daonnacht linbh go dtí go mbíonn smacht aige ar ailgéabar. Bíonn ar leanaí roimh an aois sin teastas inmhianaithe óna dtuismitheoirí a bheith acu de shíor chun iad a choinneáil slán ó na maoir a bhíonn ag lorg leanaí nach bhfuil de dhíth ar a muintir níos mó, le fáil réidh leo trí plúchadh i monarcha.

Cíoradh spéisiúil ar an gceist eitice, cad is duine ann. Ní haon rún mo sheasamh, ar ndóigh. Tá duine ann ón dtuisme dar liom, agus tá sé baolach daonnacht neach a bheith spleách ar mhianta daoine eile. Ní cheart bás nádúrtha duine a bhrostú, ná ní ceart fad saoil saorga a bhrú ar dhuine. Aithním gur cás ar leith an leanbh sa bhroinn agus gur minic cásanna casta le réiteach ag lucht leighis, cásanna nach aon chabhair ladar aos dlí bheith iontu. Ach seasaim leis na prionsabal mar threoir.

Tá gné amháin de scéal Dick a bhfuil col agam leis. Tá mná imeallaithe ina scéal. Na mná atá ann tá siad aontoiseach leithleasach cruálach gránna.

Ainneoin an chaint ar fad fé rogha na mban feictear dom gur faoi bhrú óna gcomhluadar  - muintir, oidí, fostóirí a shamhlaítear do mhná nach bhfuil de rogha acu ach fáil réidh leis an 'bhfadhb'. Ar ndóigh bíonn fear i gceist i gcónaí le coimpeart. Is minic áfach gur fir foinse an bhrú ar mná an 'fhadhb' a réiteach, iarracht a dhéanamh an clog a chasadh siar.

Ní sin an ghné atá i dtreis i scéal Dick. Fuaireas fuascailt na ceiste ar na mallaibh. Is cosúil gur scríobh sé an scéal faoi anáil colscaradh achrannach lena bhean, tréimhse ina ndearna sí ginmhilleadh ar a leanbh. A fraoch léi siúd a chuir ainriocht ar na mná sa scéal.

2016-10-12

B'ait leo bean

Bhí plé againn arís eile ar Twitter fé easpa aitheantais do scríbhneoirí ban. An splanc a d'adhain an plé an bhabhta seo ná an iarracht roinnt blianta ó shin canóin na húrscéalta Gaeilge a leagann síos. Fiche leabhar a moladh, measaim, agus bhí comhdháil a scag na moltaí. Ní raibh mé i láthair, agus níl fhios agam cén plé a bhí ann. Bhí lámh ag Brian Ó Conchubhair sa chomhdháil agus luaigh sé gur díríodh go sonrach ar easpa mná.

Ní ceist nua atá ann, ar ndóigh. Foilsíodh leabhar roinnt blianta siar bunaithe ar chomhdháil- 'Leath na Spéire' an teideal. (Rinne mé iarracht é léamh, ach dáiríre is beag adhmaid a bhainim as critic is teoiric). Scríobh Máirín Nic Eoin saothar údarásach 'B'ait leo bean'.

Tá piseog láidir, nath cainte, sa Ghaeltacht, nach gabhann filíocht thar bean. i. Go dtagann deireadh le bua na filíochta i teaghlach má bhíonn banfhile orthu. Maítear gurb sin a tharla i gcás Muintir Laoghaire Mhúscraí tar éis Máire Bhuí. N'fheadar an eascraíonn an geis seo as féinchosaint céimleathas aos dána anallód? Formad gairmiúil? An cineál ruda a spreag dán míchlúiteach an Ríordánaigh, gur filíocht seachas file í an bhean?

Fathach d'file mná a spreag an formad sin, is cosúil- Máire Mhac an tSaoi. Feictear dom go bhfuil sliocht filí aici féin agus ag leithéidí Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson anois, go bhfuil guthanna láidre baineann le clos, chun cinn fiú, i lucht éigse na linne seo.

Níl an tréith chomh soiléir céanna i measc na gearrscéalaithe, ach tá mná ag scríobh prós den scoth.

Ainneoin gur líon Alan Titley leabhar mór téagartha agus é ag trácht ar an úrscéal Gaeilge, bíonn sé deacair teacht ar na húrscéalta céanna. Ní hansa. Tá am agus dua i gceist le húrscéal. Ní heol dom go bhfuil aon scríbhneoir lán aimseartha Gaeilge ann, seachas Liam Mac Cóil, a bhfuil nuachar tacaíoch tuisceanach aige. Agus tá seisean é féin taobh le ceardlanna agus léachtaí leis na pingneacha a shaothrú.

De bharr a dheacracht is teacht ar úrscéalta nó fiú scéal scéil orthu, tharlódh go bhfuil bearnaí móra i'm eolas. Ach níl eolas agam ar aon úrscéalaí mná ón fichiú aois ach Siobhán Ní Suilleabháin. Tá úrscéalta scríofa ag Máire Mhac an tSaoi, Eilís Ní Anluain, Biddy Jenkinson. Tá Anna Heussaff ag scríobh sraith úrscéalta coiriúla.

Anois agus go leor mná gníomhach i saol acadúil na Gaeilge bheadh dóchas agam go n-aimseoidh cuid acu spás chun úrscéalta a scríobh.

Beidh an dúshlán rompu ansin an scéal a scaipeadh, agus teacht ar lucht léitheoireachta a diongbhála!

Taobh le seoltaí leabhair a bhímse go hiondúil chun eolas a fháil. Bainim feidhm as leabharlann go minic, ach go hiondúil ní bhíonn i gceist ach cúpla méadar de leabhragán ag leabhair i nGaeilge. Agus go minic go leor acu faoi ghlas sa stóras. Caolseans go dtiocfadh léitheoir ar sheod d'úrscéal trí thaisme, mar sin.



2016-10-11

Comhionannas pá

Ó tharla gur fear geal meánaosta meánaicmeach heitrighnéasach ardoilte mise, is dána an maise dom mo ladar a chuir sa cheist seo, ach táim chun é dhéanamh pé scéal é. Má loisctear mé...

Tá rudaí spéisiúla scríofa le déanaí ag Réaltán agus bhí tús le comhrá spéisiúil ar Cormac ag a Cúig. Is mór an trua go dtáinig caint an Choimisinéara aniar aduaidh uirthi, ag bearnú a cuid plé.

Cúram agus cultúr croí na ceiste, mar a deir Réaltán, agus is eagal liom go bhfuil an ceart aici go bhfuil gá le feidhm smachta agus oideachais reachtaíochta chun dlús a chuir faoi leasú cultúir.

Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuilim rud beag níos fearr ná an meáin, ó thaobh cúraimí tíos.

Ach má táim ionraic, ní mór dom admháil go bhfágann cúrsaí oibre go mbím as láthair ar feadh breis is 12 uair sa lá go hiondúil. Ní dóigh liom go raibh aistear chun na hoibre faoi bhun uair an chloig riamh agam. Fiú sa Ghearmáin. Ar an lámh eile, thall, bhí ar ár gcumas bheith beo ar mo thuarastal amháin, agus ghlac mo bhean leis an saoire máithreachais flathúil a bhí ar fáil di mar fhostaí de chuid an iarnród. Ní raibh pá i gceist tar éis an céad cúpla mí, ach bhí barántas fostaíochta aici ar feadh trí bliana i ndiaidh breith an linbh is óige.

A bhuí le mo mháthair féin ní haon strainséir mé d'obair tíos, cé nach bhfuil gean ar bith agam air. Ó bhíos óg, d'fhéach sí chuige go ndearna mé roinnt. Go deimhin tá scéal grinn teaghlaigh againn. Chaith mise an samhraidh sa Spáinn agus mé naoi mbliana d'aois. Nuair a d'fhill mé, bhí miasniteoir faighte acu. Mheas mé go raibh siad ag iarraidh déanamh de m'uireasa...

Bhí clúidíní cáidheacha athraithe agam sách minic sula raibh na déaga críochnaithe agam. (Sin dualgas nach ídíonn do chol leis riamh!)

Fós féin fágann cúinsí simplí eacnamaíochta go mbíonn tromlach an chúram ar mo nuachar. Táimse riamh ag obair go lán aimseartha- ragobair scaití. Tá tuarastal níos airde agam. Tá gá lena tuarastal sise chun na costais a ghlanadh, go háirithe ós rud é go raibh teach le ceannach i 2003. Ach oibríonn sí ón mbaile, agus ar seachtain gairid.

Tá an cheist curtha as a riocht ar go leor bealaí de bharr eagar an tsochaí. Tomhaistear fiúntas taisc de réir an luach saothair a bhaintear as, nó an costas a ghearrtar air. Fágann sin obair tíos, tógáil clainne agus cúram na sean faoi dímheas. Fiú iadsan atá fostaithe chun é dhéanamh, is beag a luach saothair agus a stádas dá réir.

Is éagóra fós cás na máthrach nó iníne a chaitheann a saol ag fónamh do dhaoine eile. Ceal tuarastal is minic gur uaigneas ar an ngannchuid a dán i ndeireadh a saoil.

Sin ag fágáil as an áireamh dán na mban a bhíonn fostaithe, seal. Réabann cúraimí teaghlaigh poill sa taifead tuarastail. Ní bhíonn deis acu obair déanach nó taisteal don ngnó mura bhfuil nuachar ar leith acu. Fágann sin constaicí roimh ardú céime agus pá dá réir.

Tá an Acht um Comhionannas Pá ann gan amhras. Acht a bhrú Pádraig Ó hIrighile, agus é ina choimisinéir Eorpach ar rialtas drogallach abhus. Ach níl réiteach gach faidhbe ansin, mar níl ansin ach tuarastal cóir ar an obair céanna. Fágann sé taithí, idirbheartaíocht agus araile as an áireamh.

Is cuimhin liom scéal faoi acadúlach mná i Críocha Lochlainn a léamh fadó. Bhí sé ar chomh thaithí le iarrthóir fireann do phost. Bhí seisean níos óige áfach. Bhí an bord agallamh den tuairim dá bhrí sin gurbh é ab fhearr, go raibh an taithí bailithe níos fhloscúla aige. D'éirigh léi cuir ina luí orthu go mba mhithid tógáil a clainne a chuir san áireamh. Ba léir ansin gurbh aici a bhí an chraobh!

Tá an cheist casta, tá gá le hatheagar ó bhonn. Creidim nach mbainfear comhionannas ceart amach go nglactar le cúram óg agus sean mar bun dhualgas gach saoránaigh, fireann nó baineann. Agus an saol oibre a eagrú dá réir.

2016-10-10

Go mbeinnse choíche saor

Níos lú ná praghas cupán caife a chosain an leagan Kindle den leabhar seo orm. Cnuasach láidir gearrscéalta. Cuid acu réalaíoch, cuid eile osréalach, agus cuid eile le cos amháin sa cheantar agus cos eile san alltar.

Tá an teach foilsitheoireachta Éabhlóid dílis do chaint bheo Ghaoth Dobhair agus is guth Máire Dinny atá anseo againn saor ó leaba Phrocrustes an chaighdeáin. Ní dóigh liom áfach go mbeidh sin ina dhris cosain don léitheoir, tiocfar isteach go gasta ar an insint.

Mná na pearsain lárnacha sna scéalta seo. Mná a bhfuil fulaingthe acu - batráilte nó neamhaird déanta orthu ag fir a dtug siad gean dóibh. Ní íospartaigh laga iad áfach, ina ndaoir ag iarsmaí an ghean, ach mná misniúla atá sásta a ndán a stiúradh agus dul chun cinn a dhéanamh.

Tá scéalta eile ann atá lonnaithe sa samhlaíocht, agus a spreagann machnamh.

Scéalta comhaimseartha atá anseo, ach iad fréamhaithe sa bhéaloideas agus sa litríocht, gan sin a bheith ina mharbhfháisc orthu. Tagairtí d'fhilíocht i gcuid de na scéalta. (Táim buíoch go raibh liosta ag an deireadh ag tabhairt foinsí do na tagairtí, nár aithin mé ach sciar acu).

Ghiorraigh an leabhar oíche fhada dom, agus ós rud é go bhfuil sé anois ar mo leabhragán fáin, beidh mé ag filleadh ar scéalta ar leith le fonn.

2016-10-05

Lón Leningrad

Mar chuid d'Fhéile IMRAM, beidh gearrdhráma le hAodh Ó Domhnaill, Lón Leningrad, á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i Scoil na mBuachaillí, Amharclann Scabhat Smock (Smock Alley) ar an gCéadaoin 12 Deireadh Fómhair ar 8pm.

Ticéid: €10/€8
Is féidir iad a chur in áirithint ar líne nó glaoch ar (01) 6770014

Foireann
Anna Akhmatova: Fidelma Ní Ghallchobhair
Daniil Kharms: Tadhg Ó Bric
Maria Svetlova: Bríd Ní Ghruagáin
An Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh

Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh
Bainisteoir Stáitse: Aoileann Ní Chonchubhair
Cultacha: Gráinne Nic Fhirléinn
Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue

Sa bhliain 1941, tá Leningrad faoi léigear ag Arm na Gearmáine. Rúisigh na cathrach cráite ag buamáil, ag fuacht agus ag an ocras. Ina hárasán beag lom, tá an file Anna Akhmatova ag plé le cuairteoir, an t-údar éigiallta Daniil Kharms. Cuireann bean a' tí isteach orthu, bean fhiosrach go mb’fhéidir gur spiaire do na póilíní í. Cíorann an dráma seo an dóigh ina spreagtar scríbhneoirí agus iad i ngleic le saol uafásach. Cabhraíonn an tsamhlaíocht chruthaitheach le duine acu plé leis an saol. Ag an duine eile, is uirlis éalaithe í ón saol céanna.

Scaipigí an scéal le bhur dtoil. Tá sé i gceist an dráma a léiriú ag an Oireachtas i gCill Airne oíche Shathairn 5 Samhain chomh maith.