Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-01-03

Léirmheas: Aisteoirí an Spidéil

Stair cumann amaitéarach drámaíochta an Spidéil atá anseo, roinnt ina thrí mór chuid - óna thús 100 éigin bliain ó shin, a ré órga i seascaidí an chéad seo chaite nuair a bhí an cumann ag glacadh páirte i gComórtais Béarla le drámaí i nGaeilge agus ag baint an chraobh, agus ó na 1970í anall.

Scaití is cineál Who's who de scéal na Gaeilge sa cheantar atá i gceist mar go dtáinig cáil san aisteoireacht nó réimsí eile ar go leor de bhaill an Chumainn.

Tugann Joe Steve Ó Neachtain ach go háirithe an chreidiúint don drámaíocht as muinín a mhúscailt ann, agus gach seans murach an Cumann gur thar saile anonn a bheadh sé imithe fadó.

Is mó ná scéal cumann drámaíochta atá anseo, mar sin, mar gurbh crann taca do phobal a bhí i ndroch-chaoi ab ea an Cumann, fearacht gluaiseachtaí pobail eile.

Cuid thábhachtach de scéal TG4 agus Ros na Rún atá san scéal seo freisin, mar gurbh sna drámaí a chuir cuid de chliar Ros na Rún agus TG4 faobhar ar a gcuid scileanna. 

Luaitear siar is aniar idir an Taibhdhearc - agus roimhe sin Amharclann na Mainistreach agus na haisteoirí anseo freisin. Feictear dom go bhfuil a leithéidí imithe i léig, agus a rian sin ar Amharclann na Mainistreach agus gan ach 3 drámaí i nGaeilge, stáitsithe ag dreamanna eile, ar Ardán na Péacóige ó 2010 i leith.

Ag barr a réime bhí Aisteoirí an Spidéil ag fáil comhairle agus tacaíocht ó Amharclann an Mainistreach, rud a chuaigh chun tairbhe don Amharclann níos faide anonn agus ábhar aisteoirí ag teacht chucu ón gcumann.

Le hachainí a dhúnann an leabhar, sé sin go dtiocfaidh toradh ar mhian na nAisteoirí ionad buan dá gcuid féin a bheith acu. Feictear dom gur infheistíocht fónta a bheadh ansin i dtodhchaí pobail agus ar mhaithe le daoine a oileadh i scileanna a rachadh chun tairbhe do réimsí eile den tsaoil.

Admhaím gur caolseans go mbeadh an leabhar seo léite agam murach go dtáinig chugam i mbeart leabhar le léirmheas a dhéanamh orthu ó Chló Iar Chonnacht. 

Bhraith mé é bheith fadálach scaití, liosta d'ainmneach daoine nach bhfuil aithne dá laghad agam orthu a ghlac páirt sa dráma seo agus sa dráma siúd, ach tuigim go mbeadh léamh eile ag gaolta na ndaoine sin ar an scéal.

Tá tagairtí d'fhoinsí agus fonótaí sa leabhar, rud a bheidh ina chabhair do staraithe pobail eile, agus tá roinnt ghrianghraif ann freisin, ina measc ceann den trí lánúin a phós de bharr iad a bheith casta ar a chéile sa chumann. (An t-aon ionadh atá orm ná a laghad cleamhnais a d'eascair as, ach seans go bhfuil níos mó nach bhfuil luaite)

Cloch fónta ar stair na háite thiar agus na drámaíochta atá anseo, agus go deimhin stair na scannánaíocht agus TG4 de bhrí gurbh as an úir seo a d'eascair sin.

Aisteoirí an Spidéil
Máirín Breathnach Uí Choileáin
Cló Iar-Chonnacht,
Tagairt: 9781784441173