Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-01-19

Sofi Oksanen: Páis na hEastóine

De bharr tagairt a rinne Alex Hijmans don úrscéal "When the Doves Disappeared" ar Twitter (rinne sé léirmheas ina dhiaidh sin ar Tuairisc) chuir mé fios ar an leabhar seo le Sofi Oksanen ón leabharlann; chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus fuair mé an úrscéal Purge ón leabharlann freisin.

Pléann an dá úrscéal le grúpaí beaga daoine atá gaolta, agus an tionchar uafásach a bhí ag láthair a dtíre idir dhá impireacht bhrúidiúil - Gearmáin na Naitsithe agus an Rúis - ar a dtír agus dá bharr ar na daoine aonair. Fite fuaite leis sin tá grá agus gráin laistigh de theaghlaigh.

Tá taithí éigin agam ar litríocht na hOir-Ghearmáine a fáisceadh as an ré chéanna, leithéidí Jurek Becker Stefan Heym.

Ach is dán eile ar fad dán na críocha Bailt agus an Eastóin ach go háirithe, iad riamh agus fós faoi scáil a gcomharsana santach thoir; gaol lag lena gcol-ceathracha ó thaobh teangain de sa bhFionlainn atá iad féin le fada ag maireachtáil faoi scáth na himpireachtaí thart orthu.

Bhí mionlach suntasach lucht labhartha na Gearmáinise ar fud lár agus Oirthear na hEorpa roimh an Dara Cogadh mór, iad ann ina gceardaithe nó ina mion uaisle, leis na glúnta. Tá sé intuigthe mar sin go mbeadh tírghráthóirí sna críocha Bailt a chonaic a slánú ón Rúis i comhpháirtíocht le Gearmáin neartaithe. Daoine eile a bhí neamhspleách ina meon. Dream sách measctha ab ea Bráithre na Coille, atá luaite le pearsan san dá úrscéal.

Ach an rud in mó a chuaigh i bhfeidhm orm - go háirithe san úrscéal Purge a bhfuil gnéithe de ag baint leis an ré seo, san 1990í tar éis neamhspleáchas a bheith bainte amach arís ag an Eastóin, ná na gníomhartha uafáis atá ar chumas daoine atá ag iarraidh iad féin a tharrtháil ó ghníomhartha uafáis daoine eile. An tréas a imríonn siad ar ghaolta fiú. 

Mheabhraigh na húrscéalta samhail George Orwell dom - "Más mian leat an t-am atá le teacht a shamhlú, samhlaigh buatais mhíleata ag satailt aghaidh daonna, go deo". Tá boladh na péine sna scéalta seo.

D'éalaigh muide in Éirinn ó go leor de huafáis an Dara Chogadh Dhomhanda; ach ní stair ársa atá anseo san Eastóin, agus de bhrí go bhfuil críocha Bailt anois san Aontas Eorpach, agus an Rúis ag buaileadh sciath arís, beidh tionchar ag na créachtaí in anamacha na pobail thoir ar ár saol. Is mithid tuiscint a fháil orthu, agus is bealach iontach ealaíon chumasach Oksanen chun sin a dhéanamh.