Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-02-02

Ailtreacht iar Éirí Amach

Sean Keating 'Night Candles are burnt out'
B'é Tarla Mac Gabhann a thug an caint ar Ailtireacht san sraith Seacht mBua an Éirí Amach de chuid Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis.
Thug sé léargas spéisiúil ar na snáithe idir forásacha agus frithghníomhach in ailtireacht an stáit nua; an spéis a chuir Airí an stáit nua in Ailtireacht nua aoiseach, agus gur cuireadh ailtirí óga chun na mór roinne le foghlaim; go bhfuil a lorg sin ar roinnt de na hárasáin thart ar bhaile Átha Cliath, agus sna hospidéal suas síos na tíre. Fiú na heaglaisí a tógadh bhí cuid acu réabhlóideach agus nua; mar a bhí Aerfort Átha Cliatha tráth a thógtha. Ach go raibh ársaíocht ann freisin, daoine ag filleadh ar an ré roimh theacht na nGall ag cruthú stíl Hiberno Romanesque. Agus gur loiceadh ar na hidéil, mar a tharla leis na túr i mBaile Munna atá scriosta ó shin, nuair a fágadh amach an timpeallacht seirbhísí a bhí ceaptha do na hárasáin, "ceal airgead". Luaigh sé go bhfuil líon sách ard ban gníomhach sa ghairm in Éirinn, 30% le hais thart ar 10% i SAM. Nuair a cuireadh an cheist faoi cén fáth nach 50% atá ann dúirt sé go lom nach bhfeileann an caoi a oibrímid san Iarthar do mhná. 
Caint thar a bheith fiúntach, agus an pictiúr thuas le Seán Keating in úsáid aige mar leitmotif, ag léiriú contrárthaí agus teannais.