Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-03-27

Hula Hul

Tá an leabhar seo ar mo mhianliosta le tamaill; nuair a bhronn Foras na Gaeilge luach €100 de leabhair orm thapaigh mé an deis roinnt den mianliosta a ghlanadh.

Shíl mé gur scéal faoi Chogadh na gCarad a bhí, ach is scéal grá atá ann leis an gCogadh mar chúlra; scéal faoi daoine ar imeall an chomhluadar, tionchar an bhéaloidis agus nósmhaireacht ar saol dhaoine, agus na laincisí ar féidir le béadán agus aicmeachas a chuir roimh gnáthdhaoine.

Tugtar cúlra an laoich dúinn le giotaí gairide, mion gearrscéalta iontu féin, dáiríre. Ach cuireann an cúlra sin go mór leis an insint san príomhscéal mar go dtuigimid a íogaireacht agus na deacrachtaí atá aige feiceáil nach bhfuil an bean atá sé i ngrá léi as a raon tar éis an tsaoil.

Tá scéal fir eile fite fuaite leis an scéal, é gafa agus le pósadh dá dheoin féin toisc gur fhág sé bean torrach in eachtra sách fánach. Deireadh sona a bhíonn ar an eachtra sin freisin, ach inchreidte.

Fuair an leabhar greim orm ón tús, agus bhain mé taitneamh as an insint. Tá mionsonraí ann a chuireann go mór leis an scéal, Tá na pearsan ar fad inchreidte agus bá againn dóibh agus dá gcinniúint. Tá an cúlra staire éifeachtach, agus riachtanach mar gurbh le líon corraíl amháin a d'fheadfadh na heachtraí atá sa scéal titim amach.



Hula Hul
Seán Mac Mathúna

€12.00
Leabhar Breac
104 lch; clúdach bog;  
ISBN 978-0-898332-40-7