Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-04-13

Seachtar Dearmadta

Tá go leor trácht ar Éirí Amach 1916, mar is dual. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-tógtha leis an gclúdach atá ag TG4 ar an stair ina gcuid scannáin faisnéise. De bhrí go bhfuil bosca glic agam tig liom na cláir a thaifid agus faire orthu ag am a oireann domsa (mochóirí de'm ainneoin mé agus ní réitíonn 21:30 mar tús am dom de ghnáth!).

Bhí codanna de Seachtar na Cásca feicthe roimhe seo agam ach táim ag faire ar na cláir san dá sraith go córasach faoi láthair. Bhí an leabhar "Seachtar na Cásca" agam cheana, agus chuir mé fios ar "Seachtar Dearmadta" mar chuid den gcnuasach a bhronn Foras na Gaeilge orm.

Ní dearmadta a bhí an Seachtar agamsa - ní dóigh liom go raibh puinn eolas agam orthu seachas gurbh "Í Dálaigh" atá ar stáisiún Iarnróid Bhré.

D'fhoghlaim mé go leor ó na cláir mar sin, agus breis ón dtaighde le hAindrias Ó Cathasaigh atá sna leabhair a ghabhann leo. Cuireann sé go mór le mo thuiscint ar an ré; fearacht go leor is dócha go raibh scáil miotais an Phiarsaigh - agus go pointe an Conghalaigh - ag ceilt na fir eile a bhí lárnach orm.

Mionrud faoi na leabhair a bhraith mé bheith aisteach - grianghraif den aisteoir sa pháirt atá ag tús gach caibidil, seachas grianghraif den duine féin.

Go deimhin, bhraith mé go gcuirfí leis an mioneolas scríofa ach breis pictúir a bheith ann.

Ach ní bheadh drogall ar bith orm na leabhair a mholadh, saothar fiúntach, lán eolais agus soléite.

1916 Seachtar Dearmadta
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim 2013
ISBN 6-660012-130597

1916 Seachtar na Cásca
Aindrias Ó Cathasaigh
Coiscéim / Abú Media 2010

Tá DVD ar fáil freisin don tsraith Seachtar na Cásca