Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-05-27

Cad Is Saoirse Náisiúnta Ann?

Bhí mé ag caint ana thaitneamhach aréir a d'eagraigh an Chomhdháil Cheilteach

Alan Titley a labhair, ag tarraingt as a thaithí fairsing saoil agus léitheoireachta, seal i gcliabhán an chine san Afraic sa áireamh. Rinne sé spior spear den teoiric gur tógán nua aimseartha an náisiún; cé go dtugtar treibheanna orthu scataí, tá difríochtaí follasacha idir daoine Ibo, Yoruba agus araile. Aon chine amháin muid, ach táimid inár mbuíonta a mothaíonn gaol le chéile - minic go leor mar difríocht idir bhuíon eile.

Maidir le muid a bheith inár aon chine amháin, aontaím go mór leis - cé go bhfuilim amhrasach faoine mhaíomh go bhfuil an tuiscint sin ag croí gach creideamh. Tá aicmeachas ina dhlúth agus inneach den Hiondúchas, abair. Feictear dom gur rud sonrach Chríostaí atá ann gur leanaí aon athair sin uilig. (Cé gur minic go ndearna agus go ndéanann Críostaithe féin dearmad nó faillí sa bhfíric sin)

Maidir le saoirse, tá saoirse ó rudaí agus chun rudaí ann, ach tá an saoirse fréamhaithe i ndínit an duine, agus ó tharla gaol ag gach duine le  - ar a laghad - náisiún amháin is cuid de shaoirse an duine saoirse an náisiún chun a dhínit a bhaint amach.

Rinne sé géar cháineadh ar an dtuairim - a chloistear sách minic ós íseal nó ós ard faoi láthair - gur botún ab ea Éirí Amach 1916 agus go mbeadh muid níos fearr inár ngéillsinigh de chuid na Ríochta seachas inár saoránaigh de chuid an Stáit seo ainneoin a neamhfhoirfe is atá an Stáit.

Mháigh sé go léiríonn comparáidí idir stáit nach mbeadh muid níos fearr as faoin Ríocht; go bhfuilimid go hiondúil i measc na tíortha is fearr ar Domhan sna hinnéacs úd fearacht an Innéacs Forbartha Daonna, níos fear de ghnáth ná an RA.

Thar aon rud eile tá síocháin i réim san dlínse seo ó lár na 1920í, agus táimid ar na dlínsí is fada ina bhfuil daonlathas i réim san Eoraip. Níl fir óga Éireannacha seolta thar lear le mic náisiún eile a mharú nó a bheith maraithe acu.

Is fada muid ó Mac Morris agus an séanadh ar a náisiúin a chuir bolscaire na dTudor, Shakespeare, ar a bheola.

Tá cúis mórtais againn agus spreagadh le saoirse an náisiúin agus dínit na daoine inti a fhoirfiú.