Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-05-07

Goya sa Phrado

Goya, leis féin.
Bhí mé i Maidrid le déanaí. Gnó a thug ann mé, ach shocraigh mé fanacht ann do cóineartú mo neacht a bhí le bheith ann an lá dar gcionn. D'fhág sin roinnt am saor agam le bheith im thurasóir, maidin Aoine.

Mhol scata duine ar Twitter dom aghaidh a thabhairt ar an bPrado.

Thuig mé go maith nach raibh bealach ar bith ann go bhfeadfainn fiú spléachadh a chaitheamh ar gach a bhfuil ann. Shocraigh mé díriú ar roinnt beag ealaíontóirí.

De bharr úrscéal le Lion Feuchtwanger faoi a bheith léite agam, bhí sé i gceist agam ach go háirithe saothair Goya a lorg.

D'aimsigh mé na cinn sorcha i dtosach - pictiúir den uasaicme. Thug mé suntas don dóigh a bhí beatha sna aghaidheanna aige - fiú sna sceitseanna ullmhúcháin a raibh scata acu ann, an cúlra fágtha gan sonraí. Bhí carachtar  ar leith gach duine acu le léamh ann. Bhí mionphictúir cumhachtach ann - méid A4 seans - de Duchessa Alba in achrann lena searbhónta mná. Beag ná chloisfeá an sciolladh agus an eascainí agus iad i ngreim le chéile!

Bhí gan amhras an Maja ann - idir nocht is gléasta. (San úrscéal sí Alba atá ceaptha bheith san dá ceann, agus í i gcaidreamh le Goya. N'fheadar an bhfuil fírinne ar bith ansin).

Bhí fhios agam an Goya eile a bheith ann, agus d'iarr mé treoir chuig na Pinturas Negras - na Pictiúr Dubha. Múrphictúir a bhí iontu seo i dtosach i dteach de chuid Goya, ach baineadh de na fallaí iad agus cuireadh ar chanbhás iad. Mar a deir an ainm, tá siad i bhfad níos dorcha na na cinn eile - radharcanna den drochshaol, nó den mhiotaseolaíocht - ceann cáiliúil de Satarn ag ithe a mhac, abair.

De réir mo thuisceana bhí Goya ag streachailt le gruaim agus na saothair seo á chruthú aige; ainneoin sin ní raibh aon easpa ar a mháistreacht agus thug mé suntas arís don carachtar sna gnúiseanna, fiú agus iad curtha as a riocht beagán ag an drochshaol nó na deamhain.

Tá dhá mhórpictúir eile dá chuid ann a eascraíonn as an cogadh i gcoinne Napoleon - an Dara agus an Tríú Bealtaine 1808. Radharc catha ceann acu, radharc lámhach príosúnaigh an cheann eile. Cé go bhfuil iarracht den síolteagasc tírghrách iontu fós féin is éamh i gcoinne cogaidh iad.

Chaith mé tamall eile ag fánaíocht tríd na seomraí - ag tabhairt aird ar leith ar El Greco, Dürer, Fra Angelico agus duine nó dhó eile. Bhí treoirleabhar chuimsitheach ar fáil ar 9€ in éineacht leis an ticéad 14€ agus táim breá sásta gur roghnaigh mé é chrochadh liom.

Tar éis cúpla uair a chloig a chaitheamh ann, braith mé go raibh póit péintéireachta orm, agus go mbeidh mo chloigeann agus mo shamhlaíocht á scagadh agus cíoradh go ceann i bhfad.