29 May 2016

Seacht mBua an Éirí Amach

Tá an leabhar seo ar mo leabhragán le fada agus do léigh mé cúpla uair é. Ach léigh mé arís le déanaí é, spreagtha ag Club Leabhar i COBÁC.

Caithfidh mé ag rá gur dóigh liom nach é seo buaic saothar Uí Chonaire ná baol air. Tá cuid de na scéalta fíor lag; fiú dá mbeadh eagarthóir fónta ag Ó Conaire, ní dóigh liom go bhfeadfaí iad a fheabhsú, agus is léir nach raibh eagarthóir aige.

Mar sin féin, tá scéalta de scoth an, agus tá roinnt den na scéalta ann i measc a rogha a rinne Tomás de Bhaldraithe i Scothscéalta.

Cé go raibh Ó Conaire gníomhach sa ghluaiseacht agus ana chairdiúil le Micheál Ó Coileáin, abair, bhí sé ina Thimire de chuid Conradh na Gaeilge in Uladh i 1916 agus ní raibh lámh ná páirt aige san Éirí Amach.

Braithim go bhfuil iarracht de leorghníomh le braith ar an leabhar seo - go bhfuil léargas ar a mhothúcháin faoi ann. Feicim tréithe de chuid Ó Conaire san File Caol Dubh, abair.

Mar a tharlaíonn sé tá aistriúchán go Béarla ar na scéalta ar na bacáin ag Diarmuid de Faoite. Chonaic mé léiriú Diarmuid de Faoite ar Phádraig Ó Conaire ag Imbolc i mbliana. Bhí na dréachtaí á léamh aige i léamh dhá theangach oíche Aoine, le tionlacan amhráin agus ceoil ag Nuala Ní Chanainn. Léim Diarmuid sall is anall idir Béarla agus Gaeilge, ag léamh sleachta as na scéalta, a aistriúchán orthu, nó ag roinnt a eolas ar chúlra na scéalta. Ag an nóiméad ceart ghearradh Nuala isteach le hamhrán nó port de chuid na linne ar an bhfidil.

Bhí an ócáid ar siúl i seomra beag thuas staighre san Teach Tábhairne an Lord Edward, mar a bheadh parlús ann. Tá an Lord Edward buailte ar Ardeaglais Chríost agus chuir cloig na hArdeaglaise go comthráthúil leis an imeacht, ag bualadh mar shampla agus Nuala ag canadh faoi na "the Angelus bells o'er the Liffey swell, rang out in the Foggy Dew"

Ócáid thar a bheith taitneamhach a bhí ann, agus tá fonn orm anois filleadh ar roinnt de na scéalta; ach táim fós den tuairim nach é seo buaic saothar Uí Chonaire.

Tá seans ann go mbeidh deis eile blaiseadh den ócáid seo nuair a sheoltar aistriúcháin Dhiarmuid - agus b'fhiú. Agus ba cheart go mbeadh deis san Ardchathair a léiriú ar Phádraig Ó Conaire a fheiceáil san Fómhair.

Tá an eolas ag Diarmuid de Faoite ar Ó Conaire agus a shaothair, agus roinn sé roinnt den eolas sin le linn na hócáide; luaigh sé mar shampla nach raibh eagarthóir ceart ag Ó Conaire ón am a d'éirigh Pádraig Mac Piarais as eagarthóireacht an Chlaíomh Solais - agus go bhfuil sin soiléir i dtitim caighdeán an méid a d'fhoilsigh sé.

Eagrán dara láimhe atá agam féin, a athfhoilsíodh sna 1970í agus an clúdach thuas air, Ach tá an leabhar ar ais i gcló; agus beidh leagan dhátheangach le haistriúcháin Dhiarmuda á fhoilsiú amach sa bhliain.

Seacht mBua an Éirí Amach
Pádraic Ó Conaire,
Cló Iar-Chonnacht

No comments: