Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-08-14

An Piarsach agus 1916

Sheol Cló Iar Chonnachta cóip den leabhar seo chugam chun léirmheas a dhéanamh air. Is beag mo scil i cúrsaí staire, ach feictear dom go bhfuil slacht ar an saothar seo. As sraith léachtaí ar Raidió na Gaeltachta, sraith a mhol Micheál Ó Conghaile a eascraíonn an leabhar. Chuala mé codanna de chuid de na leachtaí, agus threisigh léamh an leabhar mo thuairim go raibh saineolas agus staidéar curtha isteach sna léachtaí, ag plé le gnéithe éagsúla de shaol agus saothar an Phiarsaigh. Cé nach dócha go bhfuil an t-aitheantas a bhronntar air mar cheannaire an Rialtas Sealadaigh ag teacht leis an ról a bhí aige - bhí Ó Cléirigh agus Mac Diarmada níos tábhachtaí don Éirí Amach dar liom - níl aon cheist ach go raibh sé ceannródaíoch i gcúrsaí Conradh na Gaeilge, litríocht na Gaeilge agus san oideachas; agus faigheann gach gné acu sin a cheart san leabhar seo.
Cuirtear clabhsúr leis an leabhair le léirmheas Gearóid Ó Tuathaigh ar na beathaisnéis éagsúla a rinneadh ar an bPiarsach thar na blianta, an taighde a spreag iad agus meon an phobail agus na n-údair ina leith.
Saothar téagartha atá ann, agus mar is dual dá leithéid, tá tagairtí ag deireadh gach léachta do na foinsí a luaitear chun go bhfeadfadh léitheoir sciliúil an scéal a chíoradh níos faide.

Tá go leor le foghlaim ón leabhar seo! Tá breis sonraí maidir le húdair agus ábhair na léachtaí ar shuíomh Chló Iar Chonnacht.