Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-09-14

An tábla peiriadach

Ní cuimhin liom go baileach cad a chas saothair Primo Levi i mo chosán an chéad lá. Tá tuairim agam gur tháinig mé ar a dhírbheathaisnéis féna thréimhse in Auschwitz i siopa leabhair go gairid tar éis dom féin cuaird a thabhairt air. An leagan Gearmánach- Ist das ein Mensch-
a léigh mé, bhí mé i mBeirlín san am, sna 1990í.

Fuair sé greim orm. Chuaigh mé sa tóir ar saothair eile dá chuid. Taitníonn a chnuasach 'An Tábla Peiriadach' go mór liom, é léite agus athléite agam (as Béarla). Cnuasach próis atá ann, cumasc de fhicsean agus cuimhní cinn a shaol roimh agus i ndiaidh Auschwitz. Cúis an teidil ná go bhfuil gach sliocht ainmnithe as dúil - ceimiceoir ab ea Levi agus baineann go leor de na scéalta lena ghairm agus an intinn daonna i ngleic leis na dúil. Bíonn gaois uilíoch le feiceáil sna heachtraí, streachailt an oibrí intinne le daoine agus dúlra. Stíl éadrom, mar a bheadh sé ag comhrá leat, a chleachtann sé. D'fhéadfá tú féin a shamhlú ina chomhluadar, béile breá ite, ag babhtáil scéalta thar gloine fíona.

Bhí áthas orm nuair a chonaic mé go raibh leagan Gaeilge le foilsiú, aistrithe ag Matt Hussey. Eolaí eile a bhfuil obair na gcapall déanta aige le heolaíocht a chuir ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Iris 'An Eolaí' curtha amach aige ar feadh na blianta, dhá ciclipéid- An Gasaitéar Eolaíochta agus Fréamh an Eolais (codanna móra de  sin ar fáil ar an Vicipéid). Leabhar ar an Fortheamh Domhanda freisin.

Bhí sé le tuiscint gur on Iodáilis a bhí an aistriú le tarlú.

Bhí breall agus díomá orm áfach.

Ar an gcéad dul síos, lig an foilsitheoir- Coiscéim- síos an aistritheoir agus an léitheoir. Níl profléamh déanta ar an leabhar, tá sé breac le botúin cló. Tá gach fleiscín nach mór in easnamh. Cuireann a leithéidí as go mór don léitheoireacht.

Tá sé soiléir freisin go bhfuil Gaeilge ró litriúil curtha ar nathanna Béarla- leithéidí ráiteas ceithearnaigh nuair a ghabhtar é:  'ró olc do mo chrómasóim'. Tharlódh go bhfuil nath mar é san Iodáilis dar ndóigh, tá ' tant pis' sa bhFraincis. Ach in áit eile is teideal béarla a tugtar ar a dhírbheathaisnéis.

Is mór an trua é. Molaim saothar Levi a léamh, tá gearrscéalta agus eachtraí lán gaois is daonnacht scríofa aige. Faraor, ní féidir liom an tiontú seo a mholadh. Is mór an feall nár caitheadh an dua cuí le heagarthóireacht chun a gceart a thabhairt don aistritheoir agus don údar araon.