22 September 2016

An Trodaí

Ní léitheoir minic filíochta mé. Tá dosaen éigin leabhair filíochta, roinnt díolaim ina measc, ar mo leabhragáin. Seanfhondúirí den chuid is mó. Ó Ríordáin, Ó Direáin, ┐araile. (Níl cnuasach ceart de chuid Mhac an tSaoi i leabhar agam. Bearna). Corr chnuasach nua, go minic toisc go raibh mé ag seoladh.

Anois is arís buaileann taghd mé is léim dán nó trí.

Is don gcluas filíocht áfach, agus tá leathdosaen file agus a ndánta á reic acu  ar mo sheinnteoir ceol, ag giorrú mo thurais dom nuair a bhíonn an fonn sin orm.

Mar sin féin, tá Dairena Ní Chinnéide cloiste agam cúpla uair ag imeachtaí de chuid IMRAM agus chuaigh a fuinneamh i bhfeidhm orm. Croch mé liom a saothar dhá theangach An Trodaí  dá réir nuair a tháinig mé air i measc an beagán leabhair Gaeilge atá i leabharlann Mullach Íde.

Toisc gur ar iasacht a bhí sé agam, rinne mé iarracht é léamh ó chlúdach go clúdach- bun os cionn le mo ghnáth nós i leith filíochta.

Ní raibh pioc díomá orm. Tá na dánta láidir, lán de mórtas áite agus cine ainneoin an file bheith ag iomrascáil lena saol agus a cuid deamhain, neacha nach bhfuil éinne saor orthu.

Réabann grá máthair ach freisin na dúshláin a bhíonn roimh tuismitheoir ar bith as na dánta a luann a mac.

Tá Iarthar Dhuibhneach ina phearsa geal leis sna dánta, an tírdhreach as ar fáisceadh an file is a muintir.

Tarlaíonn sé go bhfuil go leor den talamh úd, atá beannaithe ag béaloideas na glúinte, siúlta agam, mar atá Reilig agus Tobar Ghobnatan atá luaite i ndán. (Níor leag mé cos ar na Blascaod fós, ach sin scéal eile).

Mhúscail na dánta macallaí i mo shamhlaíocht agus smaointe. Buíochas le Dia níl na deacrachtaí i mbím féin i ngleic leo ach íseal. Níor bhlais mé mar sin ach macallaí faon de na gnéithe sin sa bhfilíocht.

Ba bhreá liom taifead de Dhairena a léamh na saothair a bheith i'm chnuasach agam.

(Saothar dhátheangach atá anseo ach níor fhéach mé ar na leaganacha Béarla, is annamh a teagmhaíonn filíocht béarla le mo chroí)

No comments: