29 May 2016

Seacht mBua an Éirí Amach

Tá an leabhar seo ar mo leabhragán le fada agus do léigh mé cúpla uair é. Ach léigh mé arís le déanaí é, spreagtha ag Club Leabhar i COBÁC.

Caithfidh mé ag rá gur dóigh liom nach é seo buaic saothar Uí Chonaire ná baol air. Tá cuid de na scéalta fíor lag; fiú dá mbeadh eagarthóir fónta ag Ó Conaire, ní dóigh liom go bhfeadfaí iad a fheabhsú, agus is léir nach raibh eagarthóir aige.

Mar sin féin, tá scéalta de scoth an, agus tá roinnt den na scéalta ann i measc a rogha a rinne Tomás de Bhaldraithe i Scothscéalta.

Cé go raibh Ó Conaire gníomhach sa ghluaiseacht agus ana chairdiúil le Micheál Ó Coileáin, abair, bhí sé ina Thimire de chuid Conradh na Gaeilge in Uladh i 1916 agus ní raibh lámh ná páirt aige san Éirí Amach.

Braithim go bhfuil iarracht de leorghníomh le braith ar an leabhar seo - go bhfuil léargas ar a mhothúcháin faoi ann. Feicim tréithe de chuid Ó Conaire san File Caol Dubh, abair.

Mar a tharlaíonn sé tá aistriúchán go Béarla ar na scéalta ar na bacáin ag Diarmuid de Faoite. Chonaic mé léiriú Diarmuid de Faoite ar Phádraig Ó Conaire ag Imbolc i mbliana. Bhí na dréachtaí á léamh aige i léamh dhá theangach oíche Aoine, le tionlacan amhráin agus ceoil ag Nuala Ní Chanainn. Léim Diarmuid sall is anall idir Béarla agus Gaeilge, ag léamh sleachta as na scéalta, a aistriúchán orthu, nó ag roinnt a eolas ar chúlra na scéalta. Ag an nóiméad ceart ghearradh Nuala isteach le hamhrán nó port de chuid na linne ar an bhfidil.

Bhí an ócáid ar siúl i seomra beag thuas staighre san Teach Tábhairne an Lord Edward, mar a bheadh parlús ann. Tá an Lord Edward buailte ar Ardeaglais Chríost agus chuir cloig na hArdeaglaise go comthráthúil leis an imeacht, ag bualadh mar shampla agus Nuala ag canadh faoi na "the Angelus bells o'er the Liffey swell, rang out in the Foggy Dew"

Ócáid thar a bheith taitneamhach a bhí ann, agus tá fonn orm anois filleadh ar roinnt de na scéalta; ach táim fós den tuairim nach é seo buaic saothar Uí Chonaire.

Tá seans ann go mbeidh deis eile blaiseadh den ócáid seo nuair a sheoltar aistriúcháin Dhiarmuid - agus b'fhiú. Agus ba cheart go mbeadh deis san Ardchathair a léiriú ar Phádraig Ó Conaire a fheiceáil san Fómhair.

Tá an eolas ag Diarmuid de Faoite ar Ó Conaire agus a shaothair, agus roinn sé roinnt den eolas sin le linn na hócáide; luaigh sé mar shampla nach raibh eagarthóir ceart ag Ó Conaire ón am a d'éirigh Pádraig Mac Piarais as eagarthóireacht an Chlaíomh Solais - agus go bhfuil sin soiléir i dtitim caighdeán an méid a d'fhoilsigh sé.

Eagrán dara láimhe atá agam féin, a athfhoilsíodh sna 1970í agus an clúdach thuas air, Ach tá an leabhar ar ais i gcló; agus beidh leagan dhátheangach le haistriúcháin Dhiarmuda á fhoilsiú amach sa bhliain.

Seacht mBua an Éirí Amach
Pádraic Ó Conaire,
Cló Iar-Chonnacht

27 May 2016

Cad Is Saoirse Náisiúnta Ann?

Bhí mé ag caint ana thaitneamhach aréir a d'eagraigh an Chomhdháil Cheilteach

Alan Titley a labhair, ag tarraingt as a thaithí fairsing saoil agus léitheoireachta, seal i gcliabhán an chine san Afraic sa áireamh. Rinne sé spior spear den teoiric gur tógán nua aimseartha an náisiún; cé go dtugtar treibheanna orthu scataí, tá difríochtaí follasacha idir daoine Ibo, Yoruba agus araile. Aon chine amháin muid, ach táimid inár mbuíonta a mothaíonn gaol le chéile - minic go leor mar difríocht idir bhuíon eile.

Maidir le muid a bheith inár aon chine amháin, aontaím go mór leis - cé go bhfuilim amhrasach faoine mhaíomh go bhfuil an tuiscint sin ag croí gach creideamh. Tá aicmeachas ina dhlúth agus inneach den Hiondúchas, abair. Feictear dom gur rud sonrach Chríostaí atá ann gur leanaí aon athair sin uilig. (Cé gur minic go ndearna agus go ndéanann Críostaithe féin dearmad nó faillí sa bhfíric sin)

Maidir le saoirse, tá saoirse ó rudaí agus chun rudaí ann, ach tá an saoirse fréamhaithe i ndínit an duine, agus ó tharla gaol ag gach duine le  - ar a laghad - náisiún amháin is cuid de shaoirse an duine saoirse an náisiún chun a dhínit a bhaint amach.

Rinne sé géar cháineadh ar an dtuairim - a chloistear sách minic ós íseal nó ós ard faoi láthair - gur botún ab ea Éirí Amach 1916 agus go mbeadh muid níos fearr inár ngéillsinigh de chuid na Ríochta seachas inár saoránaigh de chuid an Stáit seo ainneoin a neamhfhoirfe is atá an Stáit.

Mháigh sé go léiríonn comparáidí idir stáit nach mbeadh muid níos fearr as faoin Ríocht; go bhfuilimid go hiondúil i measc na tíortha is fearr ar Domhan sna hinnéacs úd fearacht an Innéacs Forbartha Daonna, níos fear de ghnáth ná an RA.

Thar aon rud eile tá síocháin i réim san dlínse seo ó lár na 1920í, agus táimid ar na dlínsí is fada ina bhfuil daonlathas i réim san Eoraip. Níl fir óga Éireannacha seolta thar lear le mic náisiún eile a mharú nó a bheith maraithe acu.

Is fada muid ó Mac Morris agus an séanadh ar a náisiúin a chuir bolscaire na dTudor, Shakespeare, ar a bheola.

Tá cúis mórtais againn agus spreagadh le saoirse an náisiúin agus dínit na daoine inti a fhoirfiú.

26 May 2016

Sa Bhearna Bhaoil

Sheol Cló Iar Chonnacht cóip léirmheastóireachta den leabhar seo chugam tamall siar.  Ní staraí mé, agus dáiríre is annamh a léim saothair neamhfhicsean, mar sin ní mé léirmheastóir a dhiongbhála.

Tá léirmheas ana bhreá déanta i Tuairisc ag Seosamh Ó Cuaig atá i bhfad níos eolaí ar an gceist ná mé. 

Tarlaíonn sé go bhfuil Mise le Ó Gaora léite agam, agus roinnt dírbheathaisnéis eile ón ré úd. Bhí comhthéacs éigin agam don léitheoireacht mar sin.

An rud atá déanta ag Ó Comhraí anseo ná na fíricí uilig a chnuasach de réir an tréimhse, agus cúlra na himeachtaí a léiriú tríothu. Tá cartlann an dá thaobh ransaithe aige agus é ar a chumas mar sin pictiúr níos iomláine a tharraingt ná mar atá san beathaisnéisí, agus aird a tharraingt ar gnéithe eile a raibh tionchar acu ar na himeachtaí - achrainn áitiúla a bhain le talamh mar shampla.

Mar a deirim léitheoir tuata mise san réimse seo, agus mhothaigh mé báite scaití sna mionsonraí. 

Ach mar is dual do staraí, tá foinsí tugtha do na tagairtí ar fad, agus pictiúr curtha ar fáil. Feictear dom go mbeidh staraithe áitiúla agus náisiúnta ag tarraingt ar an saothar seo; agus cá bhfios nach mbeadh sé ina chúnamh do chorr úrscéalaí freisin!

Cormac Ó Comhraí
Cló Iar Chonnacht

25 May 2016

Íde na Tine

Bhí mé in amharclann Smock Alley aréir don Tionscadal is déanaí de chuid IMRAM - Íde Na Tine: Tionscadal Joni Mitchell

Ní bheadh sí ar na hoirfidigh a éistim go minic leo, mar sin ní raibh mé ag teacht chuig an taibhe ag dréim le haon rud faoi leith. Gan amhras bhí roinnt de na leaganacha trascruthaithe ag Gabriel feicthe agam agus mé á chuir ar an mblag. Na leaganacha sin maille leaganacha le Liam Ó Muirthile a cuireadh i láthair, amhráin faoi chastacht an ghrá agus saol an cheoil.

Caitríona O'Leary a bhí ag canadh, le tionlacan ó Dick Farrelly (giotár), Nick Roth (saxophone), Dave Redmond (dord) agus Graham Hopkins (drumaí). Níl locht ar bith agam ar an cuir i láthair ó thaobh na teicnice de; bhí sé glan, slachtmhar agus tá guth álainn aici. Bhí an tionlacan snasta, ag treisiú a cuid amhránaíochta gan é a bhá, agus deis an na hoirfidgh a scil a léiriú in aonaráin nuair ba chuí. Bhí léiriú físe Margaret Lonergan fite go cumasach as íomhánna de Joni Mitchell í féin agus íomhánna láidre eile, idir grianghraif agus ealaíon.

Ach bhí splanc éigin ar lár. Níor labhair Caitríona focal ón ardán seachas an méid a chan sí; níor cuireadh na hamhráin i láthair; deis caillte a bhí ansin atmaisféar a chruthú. Níor cabhraigh sé go raibh go leor suíocháin folamh ar gach taobh den ardán.

Bhí an cuir i láthair ró íon b'fhéidir - ní raibh an ceol ag teacht go hiomlán le fiántas an mothúcháin sna liricí. 

Tá mé fós sásta go raibh mé i láthair; ach níor croitheadh mé mar a rinneadh ag tionscadail eile - Marley nó Cohen ach go háirithe.

18 May 2016

ÍDE NA TINE: Tionscadal Joni Mitchell le CAITRÍONA O'LEARY

8.00 pm Dé Máirt 24 Bealtaine 2016 in Smock Alley - IMRAM ag International Literature Festival, Dublin

Duine de na cumadóirí amhrán is mó a bhí riamh ann í Joni Mitchell dar le Rolling Stone. Sna liricí sárfhileata aici, pléitear téamaí an ghrá -  an tnúth, an cumha, an ríméad, an domlas -  chomh maith le ceisteanna móra sóisialta agus timpeallachta. Cuimsíonn a stíleanna ceoil an ceol tíre fuaimiúil, ceol rithim agus gormacha, popcheol agus turgnaimh chasta snagcheoil.

Léireoidh Tionscadal Joni Mitchell an chuid is fearr dá cuid amhrán ó Big Yellow Taxi, Woodstock is Both Sides Now go dtí The Jungle Line agus God Must Be a Boogie Man. Is iad na filí Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge bhinn bhlasta i mbéal Joni agus is í Caitríona O'Leary a chanfaidh. I dteannta Chaitríona beidh Dick Farrelly (giotáir), Nick Roth (sacs), Dave Redmond (dord) agus Graham Hopkins(drumaí). Teilgfidh Margaret Lonergan na liricí ar scáileán móide íomhánna draíochtúla.


Ticéid le fáil ag an nasc seo: http://ilfdublin.com/event/ide-na-tine-tionscadal-joni-mitchell-sweet-fire-the-joni-mitchell-project/

Tuilleadh eolais: Liam Carson fón 087-2912797

07 May 2016

Gráinne Mhaol Ní Mháille

Bhí an leabhar seo ar an liosta agam freisin don Foras. Bhí sé feicthe agam cúpla uair cheana. Tá úrscéal ghrafach Cló Mhaigh Eo againn le tamaill, mar a phlé mé anseo.

Dírithe ar léitheoirí idir 10 - 14 atá na leabhar san sraith agus ó thaobh eolais de agus teanga sroicheann na leabhair an sprioc sin.

Botún is ea foirm na leabhair áfach - tá siad ar aon mhéid agus dealramh le leabhra Ladybird. Shamhlóinn go gcuirfeadh sin roinnt mhaith léitheoirí den aoisghrúpa sin ó dhoras.

Is trua freisin nach bhfuil an leabhar roinnt ina chaibidil. (Bhí mé á léamh le'm iníon thar cúpla oíche agus bhí sé deacair áit a roghnú chun stop)

Tá an dúrud eolas sa leabhar, agus léaráidí fiúntacha. Ach bhraith mé go gcuirfeadh amlíne leis; agus de bhrí go raibh caint faoi chleamhnais éagsúla agus leanaí a d'eascair astu, bheadh crann ginealaigh nó dhó an-úsáideach chun cabhrú an t-eolas a shealbhú.

Mar sin féin is breá an rud an sraith seo a bheith ann - tá go leor, leor eolais sa leabhar.

Gráinne Mhaol Ní Mháille
€4.95 (crua), 48 lch; ISBN 978-0-898332-17-7
Beathaisnéis staire don aoisghrúpa 10-14 bliana.

Litir ó mo Mháthair Altrama

Seo leabhar eile atá ar mo mhianliosta le tamall ach ar chúis amháin nó cúis eile ní raibh sé faighte agam. Thapaigh mé an deis é a chuir ar an liosta leabhair a rinne an Foras a bhronnadh orm.

Bhí ceann nó dhó de na gearrscéalta léite agam sna hirisí. Nil fhios agam go baileach cén cuir síos a dhéanfá go cruinn orthu - réalachas osréalach seans. Sé sin le rá, tá na scéalta inchreidte agus tú á léamh, ach níl na heachtraí iontu inchreidte dáiríre. Ní fantaisíocht atá i gceist ach oiread áfach - ní draíocht ná a leithéidí.

Tá teannas agus éirim sna scéalta, agus pléisiúr sa léitheoireacht. Agus spreagadh machnaimh. Beidh mé ag filleadh orthu, sílim go mbeidh adhmaid le baint as an athléamh.

Tá dhá léirmheas ag daoine níos oilte ná mé ar an cheird le léamh ar shuíomh Móinín, a d'fhoilsigh.

Litir ó mo Mháthair Altrama
agus scéalta eile
Fionntán de Brún
Clúdach bog, 109 lch.
ISBN 0-9532777-7-1
Praghas €8

Goya sa Phrado

Goya, leis féin.
Bhí mé i Maidrid le déanaí. Gnó a thug ann mé, ach shocraigh mé fanacht ann do cóineartú mo neacht a bhí le bheith ann an lá dar gcionn. D'fhág sin roinnt am saor agam le bheith im thurasóir, maidin Aoine.

Mhol scata duine ar Twitter dom aghaidh a thabhairt ar an bPrado.

Thuig mé go maith nach raibh bealach ar bith ann go bhfeadfainn fiú spléachadh a chaitheamh ar gach a bhfuil ann. Shocraigh mé díriú ar roinnt beag ealaíontóirí.

De bharr úrscéal le Lion Feuchtwanger faoi a bheith léite agam, bhí sé i gceist agam ach go háirithe saothair Goya a lorg.

D'aimsigh mé na cinn sorcha i dtosach - pictiúir den uasaicme. Thug mé suntas don dóigh a bhí beatha sna aghaidheanna aige - fiú sna sceitseanna ullmhúcháin a raibh scata acu ann, an cúlra fágtha gan sonraí. Bhí carachtar  ar leith gach duine acu le léamh ann. Bhí mionphictúir cumhachtach ann - méid A4 seans - de Duchessa Alba in achrann lena searbhónta mná. Beag ná chloisfeá an sciolladh agus an eascainí agus iad i ngreim le chéile!

Bhí gan amhras an Maja ann - idir nocht is gléasta. (San úrscéal sí Alba atá ceaptha bheith san dá ceann, agus í i gcaidreamh le Goya. N'fheadar an bhfuil fírinne ar bith ansin).

Bhí fhios agam an Goya eile a bheith ann, agus d'iarr mé treoir chuig na Pinturas Negras - na Pictiúr Dubha. Múrphictúir a bhí iontu seo i dtosach i dteach de chuid Goya, ach baineadh de na fallaí iad agus cuireadh ar chanbhás iad. Mar a deir an ainm, tá siad i bhfad níos dorcha na na cinn eile - radharcanna den drochshaol, nó den mhiotaseolaíocht - ceann cáiliúil de Satarn ag ithe a mhac, abair.

De réir mo thuisceana bhí Goya ag streachailt le gruaim agus na saothair seo á chruthú aige; ainneoin sin ní raibh aon easpa ar a mháistreacht agus thug mé suntas arís don carachtar sna gnúiseanna, fiú agus iad curtha as a riocht beagán ag an drochshaol nó na deamhain.

Tá dhá mhórpictúir eile dá chuid ann a eascraíonn as an cogadh i gcoinne Napoleon - an Dara agus an Tríú Bealtaine 1808. Radharc catha ceann acu, radharc lámhach príosúnaigh an cheann eile. Cé go bhfuil iarracht den síolteagasc tírghrách iontu fós féin is éamh i gcoinne cogaidh iad.

Chaith mé tamall eile ag fánaíocht tríd na seomraí - ag tabhairt aird ar leith ar El Greco, Dürer, Fra Angelico agus duine nó dhó eile. Bhí treoirleabhar chuimsitheach ar fáil ar 9€ in éineacht leis an ticéad 14€ agus táim breá sásta gur roghnaigh mé é chrochadh liom.

Tar éis cúpla uair a chloig a chaitheamh ann, braith mé go raibh póit péintéireachta orm, agus go mbeidh mo chloigeann agus mo shamhlaíocht á scagadh agus cíoradh go ceann i bhfad.