30 August 2016

An Uain Bheo

Nod ó Iarla a chuir sa tóir ar an úrscéal seo le Diarmuid Ó Suilleabháin mé.
Fuair mé i leabharlann Mullach Íde é. Sna seascaidí a scríobhadh é. Níl aon cheist ach gur máistir ar a cheird agus ar a theanga an Súilleabhánach. Mar sin féin, bhí mé ag streachailt leis an leabhar. Go bunúsach ní raibh bá agam le, ná spéis agam i, príomh phearsa an leabhar. Louis Stein: mac léinn drabhlásach drúisiúil den uas mheán aicme. Mhothaigh mé go raibh sé ró féin lárnaithe, agus go deimhin ag cuir an dallamullóg air féin.
B'fhéidir, dá mbeadh an úrscéal léite agam agus mé sna fichidí, go mbeadh tuiscint agam dó. Ach anois is súil athair- a bhfuil beirt mhac ar an ollscoil- atá agam ar á chás. Agus níl suáilce na foighne ró láidir ionam.

Cé go raibh dua ag baint leis an leabhar seo dom, tá fonn orm breis le Diarmuid Ó Suilleabháin a léamh- údar atáim nach mór iomlán aineolach air.

Bhí an reacaireachta cumhachtach, inchreidte. Friotal shaibhir, oiriúnach do mheon na pearsain - agus carachtair láidir inchreidte, na pearsain tánaisteacha  léirithe go láidir freisin.

Úr-sceal i bhfad ón ársaíocht gaelach ar an bportach. Saol mic léinn cathrach.

Blas a ré air, ach gan é bheith as dáta.

29 August 2016

Óige sa Ghearmáin

Buntáiste amháin a bhaineann le Kindle ná go bhfuil lear leabhair ar a bhfuil an cóipcheart imithe i léig ar fáil saor in aisce nó ar bheagán airgid. Tá slam saothair le Heinrich Heine, Kurt Tucholsky agus GK Chesterton curtha agam air mo cheannsa.

Ach tá saothair eile a bheadh deacracht agam teacht orthu sa ghnáthshlí le fáil anois agam.

Fadó riamh a léigh mé 'San Iarthar, faic nua',  úrscéal cháiliúil Remarque faoin gcéad cogadh bharbartha. Le déanaí tháinig mé ar aiste a luaigh dírbheathaisnéis Ernst Toller  'Eine Jugend in Deutschland' mar shaothar a bhí suntasach freisin.

Bhí sliocht as luaite:

Chonaic mé duine marbh.
Ní Gearmánach marbh.
Ní Francach marbh
Duine marbh.

Chuaigh mé sa tóir air dá réir. Rugadh Toller sa Phrúis Thoir- ball de mheánaicme a labhair Gearmáinis in áit a raibh na bochtán agus an locht oibre ag labhairt Polainnis. Ba Giúdach é, agus cé go raibh Giúdaigh lárnach i saol cultúrtha lucht labhartha na Gearmáinise, bhíodar freisin imeallaithe ag doicheall agus amhras na n-údarás.

Tá ana chuir síos ar a óige, a chairdeas le gasúr Polannach den aicme oibre, a chliseann agus iad ag fás aníos. Géarchéim creidimh agus iarrachtaí comhshamhlú leis na Críostaithe, ach é ag fáil droim láimhe.

Scolaíocht agus iarrachtaí luath iriseoireachta a tharraingíonn achrann agus ard na n-údarás.

Ollscoil ansin. Bhí sé sa Fhrainc, in ainm is a bheith ag staidéar ach ar an drabhlás dáiríre nuair a bhris an cogadh amach. Mhothaigh sé an fuath a ghin an cogadh ann. D'éirigh leis filleadh ar an nGearmáin, go München. De bhrí go raibh éadaí de chuid na Fraince air, bhí ar dul i muinín na bpéas chun é a tharrtháil ó ghreadadh ón daoscarshlua a bhí ag coipeadh de bharr an cogadh.

Ní raibh sé féin saor ón fiabhras náisiúnaíoch agus chuaigh sé le reisimint áitiúil airtléire. Bhí flosc chun an fronta air, agus bhodhraigh sé a chuid oifigeach go dtí go bhfuair sé a mhian.

Tá léargas ar uafás an chogaidh sa leabhar, ach tá níos mó. Cliseann ar a shláinte; faoin am seo tá sé ina shíochánaí, bréan de bhréag geallúint lucht údarás. Tarraingíonn a chuid iriseoireachta frith chogaidh fraoch na n-údarás agus cuirtear géibhinn air. Go deimhin, déanann a mháthair iarracht é chuir faoi choimeád i dteach na ngealt - síleann sí gur cliseadh meabhrach an t-aon míniú ar a athrú meoin.

Forbraíonn a dhearcadh de bharr léitheoireachta agus déantar ainrialaí de chomh maith le síochánaí. Tagann sé chun cinn i bpáirtí neamhspleách na sóisialaigh daonlathacha (USPD) agus nuair a thagann an réabhlóid ag deireadh an chogaidh sa Ghearmáin, bíonn sé ar cheannairí Poblacht na nDáil (Räterepublik) na Baváire. Níl faoi smacht acu ach cathair München agus achar beag thart air. Tar éis tamaill glacann na cumannaigh seilbh ar an rialtas, agus bíonn Toller - ainneoin a phrionsabal síochánta- ina cheannasaí sa gharda dearg sa cogadh cathartha fuilteach a leanann.

Chlis ar an bpoblacht, agus tar éis tamaill ar a sheachaint gabhtar é. Bhí sé ag súil- de bharr an méid a bhí ag tarlú thart air- le pionós an bháis; ach is tréimhse fada géibhinn a ghearrtar air.

Tá cuir síos láidir ar chuinsí géibhinn sa dírbheathaisnéis, agus críoch an leabhar é bheith saortha ach díbeartha ón mBaváir in aois a tríocha dó.

Cáipéis corraitheach staire atá ann, a léiríonn go soiléir tionchar imeachtaí ar mheoin- agus freisin na fórsaí a thugann ar dhaoine gníomhú ar bealach áirithe a thagann salach ar a bprionsabal.

Luann sé roinnt dá shaothair liteartha ann, agus tá an dráma Masse Mensch, léamh ealaíonta ar Poblacht na nDáil agus ról a leithéidí de bhuirgéisigh ann, léite freisin agam.

Tá cumhacht ag baint leo; agus ceachtanna don ré seo ann freisin, áit a bhfuil roinnt de na fórsaí a scoilt an Eoraip fadó ag athmhúscailt.

14 August 2016

An Piarsach agus 1916

Sheol Cló Iar Chonnachta cóip den leabhar seo chugam chun léirmheas a dhéanamh air. Is beag mo scil i cúrsaí staire, ach feictear dom go bhfuil slacht ar an saothar seo. As sraith léachtaí ar Raidió na Gaeltachta, sraith a mhol Micheál Ó Conghaile a eascraíonn an leabhar. Chuala mé codanna de chuid de na leachtaí, agus threisigh léamh an leabhar mo thuairim go raibh saineolas agus staidéar curtha isteach sna léachtaí, ag plé le gnéithe éagsúla de shaol agus saothar an Phiarsaigh. Cé nach dócha go bhfuil an t-aitheantas a bhronntar air mar cheannaire an Rialtas Sealadaigh ag teacht leis an ról a bhí aige - bhí Ó Cléirigh agus Mac Diarmada níos tábhachtaí don Éirí Amach dar liom - níl aon cheist ach go raibh sé ceannródaíoch i gcúrsaí Conradh na Gaeilge, litríocht na Gaeilge agus san oideachas; agus faigheann gach gné acu sin a cheart san leabhar seo.
Cuirtear clabhsúr leis an leabhair le léirmheas Gearóid Ó Tuathaigh ar na beathaisnéis éagsúla a rinneadh ar an bPiarsach thar na blianta, an taighde a spreag iad agus meon an phobail agus na n-údair ina leith.
Saothar téagartha atá ann, agus mar is dual dá leithéid, tá tagairtí ag deireadh gach léachta do na foinsí a luaitear chun go bhfeadfadh léitheoir sciliúil an scéal a chíoradh níos faide.

Tá go leor le foghlaim ón leabhar seo! Tá breis sonraí maidir le húdair agus ábhair na léachtaí ar shuíomh Chló Iar Chonnacht.


Imbolc 2016

Mar is iondúil, d'fhreastail mé ar Imbolc i Mí Feabhra na bliana seo, ach idir é bheith díreach roimh an Charghas agus nithe eile ní raibh faill agam go dtí seo tuairisc ar bith a thabhairt. (Bhí tuairisc ag Tuairisc, áfach). D'fhoghlaim mé freisin go bhfuil tionchar éigin ag mo thuairiscí anseo - mheall siad Donncha ó Daltaí na Gaeilge ó Nua Eabhrac go Baile Bhuirne. Ar an drochuair, de bharr go raibh an Muileann Plódaithe ag lucht rothair ghluaiste, bhíomar scaipthe ar lóistín éagsúla is ní raibh deis agam comhrá ceart a bheith agam le Donncha. (Fuair cuid againn bheith istigh sa Mhuileann)

In ionad ceolchoirm, is éard a bhí san Ionad Cultúrtha an oíche roimh ré i mbliana ná seo aonair Diarmuid de Faoite - Pádraig Ó Conaire. (Tá súil ag Diarmuid an taibhe a thabhairt chuig BÁC san Fómhair - bhí sé chomh maith sin go mbeadh fonn orm freastal ar arís). Chuir Diarmuid ina aonair na dosaen carachtar inár láthair as Gaeilge agus as Béarla - Pádraig Ó Conaire féin, ar ndóigh - ach a ghaolta, agus go leor daoine a bhuail leis ar feadh a shaol - Micheál Ó Coileán ina measc. B'é Diarmuid freisin a chuir clabhsúr le cainteanna Imbolc freisin. Níor labhair sé mórán faoi féin - seachas sin lig sé dá ealaíon caint ar a shon. Reic sé a aistriúchán féin ar scéal taibhseach Ella Young a samhlaigh cruthú na hÉireann ag Brighid agus pearsan eile ó chliar Tuatha de Danann. 

Ba le reacaireacht agus filíocht i ré an Idirlín a bhain caint Ciara Ní Éanacháin freisin -  foilsíodh leagan dá cuid cainte ar Meon Eile. Bhí rudaí spéisiúla le rá aici, ach dáiríre fanann an cheist buan - Cia a cheannódh Dán? Tá bealaí nua an scéal a scaipeadh agus filíocht a dháileadh - ach tá sé níos deacra ná riamh bheith beo ar ealaíon a bhraitheann ar an teanga.

Tá cúinní airithe ann, ar ndóigh, san acadúlacht agus san teilifís - labhair Feena Toibín ar a cuid taighde ar Dhubhghlas de hÍde, bunaithe ar a chuid dialanna a léiríonn ní hamháin an forbairt ina eolas ar an nGaeilge ach freisin an saol teaghlaigh sách casta aige sa bhaile, agus freisin na cúinsí sóisialta a bhí ann le linn a óige. Labhair David Stifter faoin dtogra Chronologicon Hibernicum in Ollscoil Má Nuad atá ag plé le bealaí chun iniúchadh a dhéanamh ar fhocail chun fráma tagartha dátaí a chuir ar fáil do théacsanna.

Ní raibh an teanga lárnach i ngnó beirt eile a labhair - Tomás Mac Uidhir a labhair faoi cainteanna aeráide Pháráis, agus Antóin Ó Lachtnáin a labhair faoi (easpa) príobháid ar líne - dhá ghné den saol a mbeidh tionchar acu orainn ar fad.

Labhair Síle Nic Chonaonaigh faoin cuid oibre le Garraí Glas, agus anois Dúiche - obair teilifíse a seolann ó ceann ceann na tíre í, ag mealladh caint agus eolas ó dhaoine spéisiúla - gairm a éilíonn cumas maith éisteachta is machnaimh!

Is le healaíona (dallach) dubh a bhíonn Rua ag plé - draoi a léirigh a chumas mearbhall a chuir ar an intinn daonna le scileanna. Caithfidh mé a ra gur chuir a chuid cleasaíochta - agus bhí sé ana shoiléir gur cleasaíocht a bhí ann, cé nár mhínigh sé iad - sceon orm, ar a shimplí - nó sin an cuma a bhí air - a bhí sé air daoine  a léamh agus a mhealladh. (Lean sé air istoíche sa Mhuileann lena chleasa)

Tríd is tríd bhí go leor eolas agus inspioráid ar fáil ar feadh an lae, agus go leor ábhar cainte istoíche sa Mhuileann ag an dinnéar iar-Imboilc.

Beidh na físeáin ar an suíomh amach anseo ar ndóigh agus tá leagan de Imbolc le bheith ag an Picnic Leictreach - mar sin féin tá taithí ar leith ag baint le bheith i láthair i mBaile Bhurine agus inspioráid ag baint leis an allagar timpeall ar na cainteanna agus istoíche sa mhuileann chomh maith leis na cainteanna iad féin!

RÉALTNEACH: TIONSCADAL DAVID BOWIE

'Táimid ann sa mhóimint dhraíochtach seo
Sin é an stuif as a bhfitear brionglóidí...'

É féin a athchruthú de shíor, ba é sin misean is stampa David Bowie. I measc na bpearsan stáitse a chruthaigh sé bhí Ziggy Stardust - ba de stuif na réaltaí riamh é - agus Aladdin Sane. Chuimsigh a chuid stíleanna ceoil sól plaisteach na Young Americans; ceol draíochta na n-uirlisí ag Low; pop glan Let's Dance agus an léim sa dorchadas a bhí san albam deireanach dá chuid, Blackstar.
Leaganacha Gaeilge atá againn in RÉALTNEACH den chuid is fearr d'amhráin Bowie, traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus á gcur i láthair ag Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra. Beidh íomhánna á dteilgean ar scáileán ag Margaret Lonergan i gcaitheamh an tseó.

Bígí linn ar aistear chun na réaltaí.





DÉ hAOINE 21 DEIREADH FÓMHAIR 8.00 pm
Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Cead isteach €21/18
Ticéid (01) 231 2929 nó ar líne ag www.paviliontheatre.ie