Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-09-22

An Trodaí

Ní léitheoir minic filíochta mé. Tá dosaen éigin leabhair filíochta, roinnt díolaim ina measc, ar mo leabhragáin. Seanfhondúirí den chuid is mó. Ó Ríordáin, Ó Direáin, ┐araile. (Níl cnuasach ceart de chuid Mhac an tSaoi i leabhar agam. Bearna). Corr chnuasach nua, go minic toisc go raibh mé ag seoladh.

Anois is arís buaileann taghd mé is léim dán nó trí.

Is don gcluas filíocht áfach, agus tá leathdosaen file agus a ndánta á reic acu  ar mo sheinnteoir ceol, ag giorrú mo thurais dom nuair a bhíonn an fonn sin orm.

Mar sin féin, tá Dairena Ní Chinnéide cloiste agam cúpla uair ag imeachtaí de chuid IMRAM agus chuaigh a fuinneamh i bhfeidhm orm. Croch mé liom a saothar dhá theangach An Trodaí  dá réir nuair a tháinig mé air i measc an beagán leabhair Gaeilge atá i leabharlann Mullach Íde.

Toisc gur ar iasacht a bhí sé agam, rinne mé iarracht é léamh ó chlúdach go clúdach- bun os cionn le mo ghnáth nós i leith filíochta.

Ní raibh pioc díomá orm. Tá na dánta láidir, lán de mórtas áite agus cine ainneoin an file bheith ag iomrascáil lena saol agus a cuid deamhain, neacha nach bhfuil éinne saor orthu.

Réabann grá máthair ach freisin na dúshláin a bhíonn roimh tuismitheoir ar bith as na dánta a luann a mac.

Tá Iarthar Dhuibhneach ina phearsa geal leis sna dánta, an tírdhreach as ar fáisceadh an file is a muintir.

Tarlaíonn sé go bhfuil go leor den talamh úd, atá beannaithe ag béaloideas na glúinte, siúlta agam, mar atá Reilig agus Tobar Ghobnatan atá luaite i ndán. (Níor leag mé cos ar na Blascaod fós, ach sin scéal eile).

Mhúscail na dánta macallaí i mo shamhlaíocht agus smaointe. Buíochas le Dia níl na deacrachtaí i mbím féin i ngleic leo ach íseal. Níor bhlais mé mar sin ach macallaí faon de na gnéithe sin sa bhfilíocht.

Ba bhreá liom taifead de Dhairena a léamh na saothair a bheith i'm chnuasach agam.

(Saothar dhátheangach atá anseo ach níor fhéach mé ar na leaganacha Béarla, is annamh a teagmhaíonn filíocht béarla le mo chroí)

2016-09-21

Bróga Johnny Thómais

Thaitin 'Aileach' agus 'An Mianadóir' go mór liom agus croch mé liom 'Bróga Johnny Thómais' ón leabharlann le déanaí. Gearrscéalta atá ann, ach n'fheadar an bhfuil an cuir síos sin cruinn. Tá go leor den inseacht laistigh de chloigne na carachtair. Scéalta deireadh saoil go leor acu. Daoine ag scagadh a saoil, buaicphointí agus íosphointí á mheabhrú arís acu. Tá greann dorcha agus gaois saoil go láidir sna sleachta. Rinneadh gearrscannán bunaithe ar scéal amháin acu - scéal áiféise Cúilín Dualach faoi leanbh a rugtar agus a chloigeann droim ar ais air.  (Tá teacht air ar Vimeo)

Tá pléisiúr le baint as insint máistriúil Mhic Dhonncha agus síolta go leoir chun machnamh a spreagadh.

Beidh mé ag coinneál súil in airde do bhreis uaidh.

2016-09-14

An tábla peiriadach

Ní cuimhin liom go baileach cad a chas saothair Primo Levi i mo chosán an chéad lá. Tá tuairim agam gur tháinig mé ar a dhírbheathaisnéis féna thréimhse in Auschwitz i siopa leabhair go gairid tar éis dom féin cuaird a thabhairt air. An leagan Gearmánach- Ist das ein Mensch-
a léigh mé, bhí mé i mBeirlín san am, sna 1990í.

Fuair sé greim orm. Chuaigh mé sa tóir ar saothair eile dá chuid. Taitníonn a chnuasach 'An Tábla Peiriadach' go mór liom, é léite agus athléite agam (as Béarla). Cnuasach próis atá ann, cumasc de fhicsean agus cuimhní cinn a shaol roimh agus i ndiaidh Auschwitz. Cúis an teidil ná go bhfuil gach sliocht ainmnithe as dúil - ceimiceoir ab ea Levi agus baineann go leor de na scéalta lena ghairm agus an intinn daonna i ngleic leis na dúil. Bíonn gaois uilíoch le feiceáil sna heachtraí, streachailt an oibrí intinne le daoine agus dúlra. Stíl éadrom, mar a bheadh sé ag comhrá leat, a chleachtann sé. D'fhéadfá tú féin a shamhlú ina chomhluadar, béile breá ite, ag babhtáil scéalta thar gloine fíona.

Bhí áthas orm nuair a chonaic mé go raibh leagan Gaeilge le foilsiú, aistrithe ag Matt Hussey. Eolaí eile a bhfuil obair na gcapall déanta aige le heolaíocht a chuir ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Iris 'An Eolaí' curtha amach aige ar feadh na blianta, dhá ciclipéid- An Gasaitéar Eolaíochta agus Fréamh an Eolais (codanna móra de  sin ar fáil ar an Vicipéid). Leabhar ar an Fortheamh Domhanda freisin.

Bhí sé le tuiscint gur on Iodáilis a bhí an aistriú le tarlú.

Bhí breall agus díomá orm áfach.

Ar an gcéad dul síos, lig an foilsitheoir- Coiscéim- síos an aistritheoir agus an léitheoir. Níl profléamh déanta ar an leabhar, tá sé breac le botúin cló. Tá gach fleiscín nach mór in easnamh. Cuireann a leithéidí as go mór don léitheoireacht.

Tá sé soiléir freisin go bhfuil Gaeilge ró litriúil curtha ar nathanna Béarla- leithéidí ráiteas ceithearnaigh nuair a ghabhtar é:  'ró olc do mo chrómasóim'. Tharlódh go bhfuil nath mar é san Iodáilis dar ndóigh, tá ' tant pis' sa bhFraincis. Ach in áit eile is teideal béarla a tugtar ar a dhírbheathaisnéis.

Is mór an trua é. Molaim saothar Levi a léamh, tá gearrscéalta agus eachtraí lán gaois is daonnacht scríofa aige. Faraor, ní féidir liom an tiontú seo a mholadh. Is mór an feall nár caitheadh an dua cuí le heagarthóireacht chun a gceart a thabhairt don aistritheoir agus don údar araon.

2016-09-11

IMRAM 2016

Féile Litríochta Gaeilge

Deireadh Fómhair 6-16th


Tá áthas an domhain ar IMRAM - Féile Litríochta Gaeilge - sonraí fhéile 2016 a fhógairt. Tá an-éagsúlacht ag baint le clár na bliana seo agus i measc na bpríomhimeachtaí beidh Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie sa Pavilion i nDún Laoghaire. Beidh an fhéile ar siúl in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ón 6 - 16 Deireadh Fómhair, féile a chuimsíonn litríocht, ceol, drámaíocht, filíocht, léamhanna, cainteanna, comhphlé agus ceardlanna.

'Bíonn aistear i gceist i gcónaí le IMRAM agus ba mhaith linn fáilte ó chroí a chur roimh lucht éisteachta is lucht féachana ar bord chun blaiseadh arís i mbliana de shaibhreas agus d'éagsúlacht iontach na nualitríochta Gaeilge! Táimid mórtasach as an seó a léireofar ar an Aoine, 21 Deireadh Fómhair, is é sin Réaltneach/Starman, liricí David Bowie traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus tá an-sciobadh ar na ticéid cheana féin. Beidh seónna ilmheánacha eile ann,' a d'fhógair Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, ' ina mbeidh míreanna filíochta, ceoil agus físe a dhíreoidh ar fhilí mar Chaitlín Maude agus Eoghan Ó Tuairisc; gan trácht ar Chluiche na Corónach i nGaeilge ina mbeidh ceol meánaoiseach á chur i láthair ag Caitríona O'Leary.

Ó thaobh an cheoil de, ar chlár IMRAM na bliana seo tá Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie le Liam Ó Maonlaí, The Brad Pitt Light Orchestra agus Hilary Bow, ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar David Bowie, ealaíontóir a bhíodh á shíor-athchruthú féin mar phearsana ar nós Ziggy Stardust agus Aladdin Sane. Comórfar leis ealaíontoirí atá ag teacht chun cinn; i measc na n-ealaíontóirí a ghlacfaidh páirt sa Mhóroíche Cheoil is Filíochta beidh IMLÉ agus a gcéad albam atá lán de dhiabhlaíocht a bhainfidh preab as do dhá chluas agus an file rap nach scanródh an diabhal féin é, Séamas Barra Ó Súilleabháin.

Beidh léiriú speisialta drámaíochta ag IMRAM, Lón Leningrad  in Amharclann Smock Alley Theatre, dráma a iniúchann beirt scríbhneoirí Rúiseacha agus an caidreamh eatarthu le linn Léigear Leningrad.

I gcomhar le Clare Bell agus Brenda Dermody ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tá IMRAM mar choimeádaí ar an dara taispeántas speisialta de théacsanna Gaeilge agus iad curtha i láthair ag na mic léinn deartha ann. Beidh saothar na mac léinn le feiceáil ar chártaí poist agus scaipfear 28,000 díobh ar fud na hardchathrach.

I measc na seónna filíochta beidh léiriú ilmheánach ar Aifreann na Marbh/Mass of the Dead, an dán fada le Eoghan Ó Tuairisc a chaoineann na mairbh in Hiroshima; spléachadh ar shaol agus ar shaothar Raiftearaí file agus i gcomhar le Poetry Ireland/ Éigse Éireann ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Chaitlín Maude, file agus gníomhaí polaitiúil agus cultúrtha.

Mar chruthúnas ar cé chomh hilghnéitheach, dáiríre, is atá  saol cruthaitheach na Gaeilge, tá ríméad ar IMRAM léiriú drámata ilmheánach a chur ar bun, Cluiche na Corónach/ Game of Thrones, aistrithe ag Oisín Ó Muirthile; beidh léacht speisialta ann chun comóradh 75 bliain an leabhair An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, agus Víreas is ea Teanga: Tionscadal na nGearrthóg arna léiriú ag IMRAM agus REIC in Áras na Scríbhneoirí.

I measc na n-ócáidí suaithinseacha eile beidh móroíche dhátheangach de litríocht na Seicise agus na Gaeilge a dhíreoidh ar fhilíocht na Seicise agus ar shleachta as An Dea-Shaighdiúir  Švejk de chuid Hašek i nGaeilge móide sleachta as Cré na Cille agus Cúirt an Mheán-Oíche sa tSeicis. Beidh oíche ómóis ann do Bhreandán Ó Doibhlin, úrscéalaí, drámadóir, file, criticeoir agus, ar ndóigh, aistritheoir den scoth. Déanfar ceiliúradh ilmheánach ar an úrscéal cáiliúil Cuaifeach Mo Londubh Buí de chuid Shéamais Mhic Annaidh agus beidh gurú an ghiotáir, Steve Cooney linn, don ócáid londubhach sin.

Sonraí uile chlár na féile ar: www.imram.ie

FIOSRÚCHÁIN PHOIBLÍOCHTA

(Do lucht an Bhéarla): Kate Bowe PR
Rphost: jennifer.magee@katebowepr.ie; 01 652 0143 nó 086 3750612

Na meáin Ghaeilge@: Robert McMillen, Comhrá Media
Rphost: robert@comhramedia.com, 048-90600737


FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA I dTAOBH IMRAM
Stiúrthóir na Féile: Liam Carson
Rphostl: liamog62@mac.com
Guthán: 087 291 2797