Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-01-10

Bodach an Chóta Lachna

Scríobh mé píosa ar Gobblefunked faoin dá leabhar eile san sraith Fiannaíochta seo le Leabhar Breac.
Bhí deacrachtaí agam teacht ar chóip de Bodach an Chóta Lachtna, agus suim ag m'iníon ann. Táim buíoch de Darach mar sin as cóip a sheoladh chugam mar féirín.

Tá léaráidí Chaomhán Ó Scolaí go hálainn, agus athinsint iontach soléite ar an seanscéal. Rud a chuir beagán iontas orm nár luadh gurbh é Manannán Mac Lir i mbréagriocht é an Bodach. Is trua sin.

Mar sin féin, tá súil agam go mbeidh na leabhair seo ar fáil go fairsing i leabharlanna scoile le go mbeidh teacht ag an aos óg ar leaganacha tarraingteacha a rachaidh i bhfeidhm ar a samhlaíocht idir focail agus íomhánna. (Bhí an dá leabhar eile léite ag m'iníon sula bhfuair mé iad, toisc iad a bheith sa leabharlann scoile)

Tá nasc leis an gcluiche Ardrí freisin, mar go bhfuil an obair ealaíne céanna i gceist.

Cuireann eolas ar na scéalta leis an spraoi sa chluiche. Súil agam nach fada go mbeidh teacht againn ar dhá scéal a bhfuil tagairtí dóibh sa chluiche ach nach bhfuil- go bhfios dom- foilsithe fós. Eachtra an Ghiolla Deacair, agus an uair a bhí Fionn gafa i síbhrú.

Ba mhaith liom féin scéalta eile a fheiceáil freisin- breith Oisín, abair agus scéalta eile fearacht scéalta Bhrain agus Sceolaing nach bhfuil teacht chomh héasca sin orthu.

Bail ó Dhia ar obair Leabhar Breac!

Bodach an Chóta Lachna
Darach Ó Scolaí
€7.50

40 lch; clúdach bog;
ISBN 978-0-898332-60-5