Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-01-31

Fiacha Fola

Bhí fhios agam Celia de Fréine a bheith ann, agus í feicthe agus cloiste agam ag ócáidí liteartha éagsúla. Ach ní raibh aon saothar léi léite agam.

Bhí fhios agam freisin go raibh sí ina íospartach de chuid scannal na fola abhus, a d'fhág galar saoil ar mná a fuair táirgí fola le linn toirchis nó luí seoil. Bhí sé olc go leor gur tharla an faillí sa chéad áit, ach baineadh feidhm as cumhacht an stáit agus an córas dlí leis an fhírinne a cheilt. B'éigean, mar a tharla i cásanna eile, do dhaoine tinne troid fadálach a fhearadh leis an fírinne agus faoiseamh áirithe a aimsiú. Mná don mórchuid, cé go raibh fir, haemaifiliaigh ach go háirithe buailte freisin.

Bhí fhios agam an cnuasach seo Fiacha Fola a bheith ann, agus a ábhar. Nuair a bhí mé san siopa leabhar le déanaí, chonaic mé ar seilf é. Chroch mé liom é. Léigh mé ar mo thuras traenach ar maidin é. Léigh mé, rud is annamh liom, réamhrá Mháire Mhac an tSaoi.

Ach siad na dánta a fuair greim orm, ag dul go smior ionam.

Is geal le scéinséir an cnuasach. Dán ar dhán, eachtra ar eachtra nochtar dúinn an scéal a scrios a saol agus an Via Dolorosa fada a bhí le siúl sula bhfuair sí scéal fíor agus fáthmheas beacht, seachas buillí faoi thuairim, sop in áit na scuaibe agus cuir ó dhoras.

Tá lorg an tinnis agus an bpian ar gach leathanach. Ach tá neart agus grá ann freisin, grá nuachair agus máithreach. Dóchas gníomhach ag streachailt ainneoin gach constaic.

Cáipéis staire is ea an leabhair seo.

Is fada ó léigh mé prós ná filíocht a chroith chomh domhain mé.

Is mithid a léamh. Agus foghlaim as.