09 January 2017

Lig sin i gCathú

Léigh mé úrscéal seo Bhreandáin Uí Eithir blianta fadó ó shin. Ach um Nollaig fuair mé bronntanas den gcéad eagrán a d'aimsigh mac liom i siopa dara láimhe, agus léigh mé arís é.

Tá an scéal lonnaithe i nGaillimh (cé go dtugtar Baile an Chaisil air) ar deireadh seachtaine na Cásca 1949, agus Rialtas Fhine Ghaeil ar tí Poblacht a fhógairt, fé thionchar Seán Mac Giolla Bhríde. Céim a raibh go leor conspóide ag baint leis, agus créachta an chogadh cathardha fós nimhneach.

Mac le laoch de chuid chogadh na saoirse an príomhphearsa, ach is mac léann éidreorach atá ann. Tá a athair ag saothrú an bháis, agus caidreamh a thuismitheoirí in anchaoi lena shaoil.

Tá sé tagtha ag pointe ina shaol ar gá do cinntí crua a dhéanamh lán é féin a tharraingt as an bhfaopach ina bhfuil sé fágtha de bharr a éidreoir.

Tá imeachtaí na deireadh seachtaine, agus tionchar an chléir - deartháir an phríomhphearsa ina measc - mar chúlra don scéal.

Faightear léargas ar pholaitíocht logánta agus náisiúnta, iomrascáil cathair is tuath, drabhlás is cráifeacht.

Seo uilig i gcaint shaibhir chréúil le greann agus gean.

Tá an úrscéal leantach Sionnach ar mo dhuán léite freisin agam, ach measaim go ndeachaigh an údar ar strae ansin sa raibiléaracht.

Tá beathaisnéis Liam Mac Con Iomaire ag bailiú deannaigh ar mo leabhragán le blianta. B'fhéidir gur mithid dom é léamh anois agus mo spéis athmhúscailte!

No comments: