27 February 2017

Scoil Cheoil an Earraigh

Níl nóta ceoil agam féin. Ar ámharaí an tsaoil is le mo bhean, a bhfuil féith láidir an cheoil inti, a chuaigh ár gclann. Rinne, agus déanann, sí cúram ar leith dá n-oiliúint agus iad bainteach le Comhaltas Ceoltóirí le fada. Bíonn sí ag taisteal leo freisin.
Tá mac linn ina phíobaire agus ag dul do chéim sa cheoil.
Tá iníon linn, atá deich mbliana d'aois, ag dul don bhfidil le roinnt blianta. Le déanaí thug sí faoin mbosca ceoil.

Bhíodar siúd ar an mBuailtín cúpla uair cheana, ag Scoil Cheoil an Earraigh, ach ní raibh mise leo. I mbliana áfach bhí fonn orm cúpla lá faoin dtor a chaitheamh. Chuaigh an triúr againn - mo nuachar, m'iníon is mé féin, siar ó dheas dá réir de Céadaoin beag seo.

Bhí tig saoire ar chíos againn i bpáirt le teaghlach eile ar Bhaile an Éanaigh, cúpla nóiméad sa charr agus thart ar leathuair coisíochta ón mBuailtín.

Bhíomar ann faoi lár an tráthnóna ar an gcéadaoin, am againn dinnéar a réiteach ar ár suaimhneas roimh aghaidh a thabhairt ar an Ionad Gaeilge agus Gaeltachta, foirgneamh breá nua atá tógtha le cúpla bliain anuas ag an gComharchumann ar imeall an sráidbhaile.

Bhí slua maith cruinnithe don oscailt oifigiúil, áit a raibh beagán cainte (as Gaoluinn, aistrithe go comhuaineach go Béarla) agus móráin ceoil. Ceoltóirí de chuid na háite - lena n-áirítear Steve Cooney agus Breandán Ó Beaglaoich. Ach bhí daltaí scoile agus meánscoile ann freisin. Fear siúlach é Breandán Ó Beaglaoich, agus is cosúil go gcnuasaíonn sé ceoltóirí ar a shiúlta. Bhí triúr ceoltóir mná ón Eastóin ann ar feadh na seachtaine, agus beirt ó Asturies a casadh ar Bhreandáin agus a chomrádaithe agus iad ar Chamino na Sáile.

Bhí m'iníon tuirseach, mar sin níor fhan muid go raibh deireadh ceolta ná ní dheachaigh mé síos an bhaile - ach shamhlóinn go raibh oíche go maidin ag roinnt agus fraitheacha tábhairní an Bhuailtín á ardú ag ceol.

Bhí m'iníon ag freastal ar ranganna bosca ceoil ar maidin ó Déardaoin go Satharn. Ranganna a bhí faoi stiúr Bhreandáin Ó Beaglaoich. Bhí ceol le clos as gach cúinne de fhoirgnimh an Chomharchumainn, as Scoil Náisiúnta Baile an Fheirtéaraigh, agus as cúinní eile ar fud an Bhuailtín. Chuala go raibh 200 idir óg agus aosta cláraithe sna ranganna éagsúla, réimse leathan uirlisí agus gan amhras amhránaíocht clúdaithe. Ceoltóirí móra le rá na hoidí - Steve Cooney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Eithne Ní Chatháin, Paidí Mharthain Mac Gearailt agus daoine nach iad.

Seachas bheith iomlán díomhaoin chaith mise na maidneacha ag ciorcal comhrá faoi stiúr Danny Sheehy. Bhí meascán spéisiúil daoine ann, idir nuachainteóirí líofa, foghlaimeoirí agus roinnt de mhuintir na háite. Bhí allagar spéisiúil ann.

Rinne mé roinnt siúl freisin, ach seans go mbeidh blagmhír dá chuid féin aige sin.

Tráthnóna Déardaoin seoladh CD de chuid Saileog Ní Cheannabháin, meascán amhrán is ceoil Tí Bhric. Díreach sna sála ar sin bhí seisiúin amhránaíochta. Bhí go leor páistí is daoine óga páirteach ann, mná na hEastóine ina measc.

Istoíche bhí ceolchoirm in ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin. Ar ámharaí an tsaoil bhí ticéid curtha in áirithint againn, mar bhíothas ag cuir daoine ó dhoras.

Bhí ceoltóirí éagsúla ar stáitse. Cuisle láidir ceoil Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breandán Ó Beaglaoich. Ceol ar an bpianó ó Saileog Ní Cheannabháin. Cláirseach uasal Laoise Kelly. Bosca ceoil bhríomhar Danny O'Mahony, le tionlacan phianó ó Patsy Broderick.

Dé hAoine chraol An Saol ó Dheas ó ionad an chomharchumainn, agus bhí mé i láthair. Féasta eile ceoil a bhí ansin agus na ceoltóirí áitiúla agus ó i bhfad i gcéin páirteach.

Ina dhiaidh sin thug mé aghaidh ar Thig Áine sa Ghráig. Bhí an teach ag cur thar maoil le ceoltóirí óga - páistí don gcuid is mó, i mbun seisiún faoi stiúir éadrom cúramach ag Breandán Ó Beaglaoich. Casadh go leor amhráin, cuid acu ag leanaí a shilfeá nach raibh caint acu ró fhada! Ardú croí ab ea é.

Ghlac muide oíche Aoine saor, ach bhí an teaghlach eile in ionad an Bhlascaoid ag ceolchoirm a bhí tiomnaithe don bpíobaireacht. Píb uilleann, agus píob mhór Asturias agus na hEastóine. Bhaineadar sult as an dtaispeántas.

Tar éis na ranganna maidin Satharn líonadh sáipéal an Bhuailtín le ceoltóirí do cheolchoirm na ndaltaí. Bhí gach rang faoi seach sna binsí, agus sheinn siad port nó dhó; idir eatarthu sheinn duine de na hoidí roinnt ceoil agus cuireadh clabhsúr leis le sciar maith de na ranganna ag seinm le chéile.

Chuaigh mé féin ar siúlóid oidhreachta feadh trá Béal Bán go Dún an Óir faoi stiúir Danny Sheehy arís fad is a bhí m'iníon ag glacadh páirt i máistir cheacht ar an bhfidil le Iarla Ó Domhnaill.

Oíche Satharn bhí Halla na Feothanaí lán do cheolchoirm inár sheinn go leor de na múinteoirí. Bhí sé deacair spás a thabhairt don réimse leathan tallainne ó Claisceadal na Pobalscoile go Steve Cooney. Chuir mná na hEastóine sciar den lucht féachana ag rince i nathair fada tríd an halla. Faraor de bhrí go raibh sé ag éirí déanach bhí orainn imeacht gan deis a fháil muintir Asturias a chlos.

Maidin Domhnaigh d'éist mé aifreann le tionlacan Cór Chúil Aodha, leibhéal eile ceoil.

Ardú croí ab ea an turas ar fad dom, idir tírdhreach, ceol agus go háirithe an líon mór daoine óga a bhí ag foghlaim agus ag ceol agus ag amhrán.

Measaim go mbeimid ar ais!

No comments: