Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-04-24

Michael Kohlhaas

Fuair mé Kindle mar féirín agus an poist deireadh. Is fearr liom fós leabhar ceart, ach tá buntáistí áirithe ag baint le Kindle. Ceann acu ná go bhfuil teacht ar shaothair údair a bhfuil an cóipcheart in éag ar bheagán chostas nó fiú saor in aisce ar fad. Nuair a luaigh Darach ó Leabhar Breac úrscéal gairid Kleist liom i gcomhrá rphost, bhí ar mo chumas é fháil gan stró - agus saor in aisce.

Ní dóigh liom go raibh faic le Kleist léite cheana agam.

Úrscéal chumhachtach atá i Michael Kohlhass, bunaithe ar eachtra stairiúil.
Imríonn ridire éagóir ar cheannaí capaill, séantar a  chearta ós comhair cúirte ar an gceannaí. Tá lucht na cúirte gaolmhar leis an ridire. Tá an éagóir follasach, ach nuair a theipeann ar a iarrachtaí cóir a fháil, agus nuair a mharaítear a bhean mar thoradh ar láimhseáil gharbh a fuair sí, agus í ag iarraidh a chás a chuir faoi bhráid an prionsa, feictear dó nach bhfuil rogha aige ach a cheart a bhaint amach le lámh láidir.

Tá cúlra stairiúil i gceist - tarlaíonn na himeachtaí ar thairseach cinniúnach. Tá ceartas na n-aicmí a bhí i réim sna meánaoiseanna ag géilleadh go mall do forlámhas iomlán stáit ar imeachtaí dlí.

Tá an t-athrú creideamh i gceist freisin, Liútarach diongbháilte é Kohlhaas agus tá eachtra le Liútair féin cinniúnach san scéal. Agus coimhlintí polaitíochta na linne idir prionsaí Brandenburg, Sachsen agus Rí na Polainne. Ról freisin ag cúirt an Impire i Vín leis an gcás.

An léargas atá ann ar iomrascáil fhir cóir le stáit cam.

Cuirtear chun báis de bharr ceannairc é, ach cúitítear san bun éagóir é freisin.

Bhí snáithe amháin sa scéal a bhraith mé bheith as alt - cuireann Kleist scéal púcaí faoi tairngreacht giofóige a nascann Kohlhaas le Prionsa Sacsan. Is féidir gur taibhse a bhean atá i gceist.

Níor mheas mé gur chuir sin leis an scéal, agus is dóigh liom go raibh Kleist ag fónamh d'fhaisean léitheoirí a linne san 19ú aois.

Seachas sin is an-chíoradh atá ann ar cheart, éagóir agus baol cumhachta atá i lámha daoine atá iad féin fite in eangach caidreamh gaoil.

Táim buíoch as Darach as seoid seo litríocht na Gearmáine a chuir faoi mo bhráid.