02 May 2017

I bPríosún Chill Mhaighneann

A bhuí le Caitlín bhí deis agam agus m'iníon freastal ar thuras trí Ghaeilge ar phríosúin Chill Mhaighneann ar an Domhnach. Bhí mé féin ann cheana, ach fadó, fadó.

Ó shin tá iarsmalann curtha leis, agus athchóiriú déanta ar an dteach cúirte béal dorais freisin.

Is san teach cúirte sin a chuir Diarmuid Tóibín, ár dtreoraí tús leis an dturas. Grúpa beag a bhí ionann. Thug sé chomh fada leis an tséipéil i dtosach muid, áit ar pósadh Grace Gifford agus Joseph Mary Plunkett an oíche sular maraíodh eisean.

Ach tá an géibheann ann ó 1796, agus is iomaí scéal corraitheach atá feicthe aige.

Bhí daoine áirithe i Sasana i gcónaí ag iarraidh feabhas a chuir ar cúrsaí príosúin, béim acu ar athleasú seachas pionós. Bhí tionchar ach go háirithe ag baill Cumann na gCarad sna hiarrachtaí. Tógadh an príosún le deá intinn, cill in aghaidh an phríosúnaigh. Níorbh fhada áfach gur thosaigh an fhadhb atá fós linn - róphlódú. Bhíomar ag seasamh i ndorchla íseal gruama agus Diarmuid ag cuir síos ar thuairisc cigire na bpríosún, ag trácht ar ainniseoirí bhochta, fir mná agus leanaí, ina luí ar tuí sna dorchlaí céanna. Gan amhras, dá ainnise iadsan b'fhearr bheith istigh le linn an ghorta ná amuigh. Bhí bia éigin le fáil istigh.

Cúig bliana d'aois a bhí an bhraighdeanach is óige, faoi ghlas as giota de shlabhra a ghoid.

Mar sin féin, is de bharr ceannairí 1916 atá an príosún neadaithe i samhlaíocht na ndaoine agus mothúchán thar a bheith sollúnta a bhí ann seasamh san dorchla ar a raibh na cillíní inár chaith siad an oíche roimh a mbású. Na deartháireacha Mac Piarais béal dorais óna chéile, An Cléireach agus an Cuntaois Markiewicz (a tháinig slán) trasna uathu. Fógra beaga ó 1966 os cionn na dóirse. Michael Mallin ina measc. Mac leis fós beo, ina shagart i Hong Cong. Tugadh ar chuairt ar a athair é sular básaíodh eisean.

Baineann sciathán oirthearach an phríosúin le hiarrachta eile athleasaithe. É níos oscailte agus díon gloine ag tabhairt níos mó solais. Ach radharc ag na hoifigigh ar gach cillín, gan ealú ag príosúnaigh ón siar faire. Is anseo a bhí cillíní Eamonn de Valera i 1916. Bhí sé ann arís le linn Cogadh na gCarad. Faoi 1966 agus an oscailt mar iarsmalann, bhí sé ina Uachtarán. Lámh lena chillín siúd bhí Ned Daly, duine den seachtar dearmadta, iadsan a básaíodh ach nach raibh a ainmneacha ar an bhforógra. Tá stáisiún traenach ainmnithe astu, ar ndóigh. (Bré ina chás siúd). Ach nílid chomh soiléir i gcuimhne an bpobal.

Is anseo freisin a cuireadh Grace Gifford i ngéibheann le linn an chogadh cathardha, as imní faoi thionchar a ealaíne. D'fhág sí a lorg ar a cillín, íomhá de Mhuire agus a leanbh ar an mballa.

Ba mhór idir na cillíní beaga agus an seomra le tinteán a cuireadh ar fáil do Charles Stewart Parnell, a chaith ocht mí faoi ghlas, seachas tréimhse sa Fhrainc ag freastal ar shochraid a nia. Ach ba fear le tionchar agus gustal eisean, agus é faoi ghlas gan triail de bharr a óráidíochta le linn cogadh na talún.

Trasna uaidh atá cillín Roibeard Emmet. Bhí sin iata, obair athchóirithe fós ag dul ar aghaidh.

Amach faoin fhearthainn linn ansin go gclos na mbristeoirí cloch. Golgotha lucht éirí amach, an Conghaileach ceangailte de chathaoir ina measc. Básaithe a chuir corr i stair na hÉireann. Monuar lean básaithe eile le linn cogadh na gcarad.

Chríochnaigh an turas ós comhair sean doras an phríosúin, áit a bhfuil cúig nathair greanta. Seasann siad don gcúig coir a raibh an chroch mar éiric orthu. Is ós cionn an geata sin a chrochtaí na coirpigh go poiblí fadó.

Tá cnuasach bhreá cáipéisí agus nithe arbh le géibhinnigh san iarsmalann.  Ní raibh mórán ama againn féachaint orthu, ó tharla go raibh am scoir buailte linn. B'fhiú tréimhse níos faide a chaitheamh ann.

Tá an turas trí Ghaeilge ar fáil, ach réamhshocrú a dhéanamh tríd rphost a chuir chuig an lucht eagair. Tá na sonraí ar shuíomh oifig na n-oibreacha poiblí.

Áit báite i stair. Is fiú an turas.

No comments: