11 May 2017

Mná rialta, mná ainrialta

Tá corraíl ó tháinig sé chun solais go bhfuil an tOispeadéal Náisiúnta Máithreachais (atá sáinnithe i bhfoirgneamh míchuí faoi láthair) le bogadh chuig suíomh ag Oispidéal San Uinsionn. Is le fondúireacht faoi smacht Siúracha na Carthanachta San Uinsionn. Cé gur le hairgead stáit a thógfar an oispidéal nua, is ag an fondúireacht a bheidh úinéireacht.

Luaitear ról na mná rialta i scéal náireach le neachtlanna Magdalena mar cúis cuir i gcoinne an margadh. Ach i bhfírinne is ginmhilleadh atá ag croí na ceiste. Tá imní ar an dream atá ar son fáil fairsing a bheith ar ginmhilleadh, fiú má éiríonn leo leasú a bhaint amach ar an dlí, nach mbeadh oispidéal chaitliceach sásta ginmhilleadh a chuir ar fáil.

Tá, dar ndóigh, bunús leis an imní.

Is bior i mbeo lucht scaipthe ginmhilleadh diúltú ar bhonn coinsiasa bheith páirteach ann. I dtíortha eile tá feidhm bainte as an dlí le mná glúine, nach bhfuil toilteanach bheith páirteach i nginmhilleadh, a briseadh as a bpost. Nó go deimhin a leithéidí a chosc ó dul leis an ngairm sa chéad dul síos, tríd é dhéanamh mar chuid riachtanach de chúrsa oiliúna.

Tá go leor dochtúir ag éirí as a bheith ag cuir ginmhilleadh ar fáil, mar go léiríonn dul chun cinn na heolaíochta - scrúdú ultrafhuaime, an dul chun cinn i leigheas roimh breith - gur neach daonna atá á mharú.

Gan brú dleathach ar oispidéil agus lucht leighis bheadh constaic roimh fáil fairsing ar ginmhilleadh.

Níl aon cheist ach go bhfuil teagasc na hEaglaise faoin gcollaíocht ina dhúshlán do go leor. Níl aon cheist ach an oiread gur tharla rudaí náireacha san am atá caite, nuair ba mhó tionchar an chliarlathas, do mhná a tháinig salach ar an dteagasc sin.

Tá sé ró éasca áfach an milleán ar fad a leagan orthu siúd le gairm cráibheadh.

Is fíor gurbh mná rialta a reachtáil na neachtlanna. Is fíor gurb é teagasc na hEaglaise gur peaca tromchúiseach táth - caidreamh collaí lasmuigh den bpósadh.
Agus go ndeachaigh an Eaglais Chaitliceach in Éirinn bealach piúratánach ar leith ar an gceist.

Ach ní don eaglais amháin, ná do lucht creideamh, atá an tuiscint gur fadhb páiste lasmuigh de chaidreamh buan an phósta.

Eascraíonn an gluaiseacht ar son fairsingiú ginmhilleadh as an dtuiscint gur gá líon na leanaí ag tuismitheoirí míchuí a theorannú. Tá gné aicmeach agus go deimhin ciníoch ann ó thús. Agus dea-ghinic i gceist freisin.

Feictear dom go mbaineann agus gur bhain go leor den col le leanaí lasmuigh den bpósadh le ceisteanna maoine. Tá sé dúshlánach leanbh a thógáil, tá gá le teaghlach seasmhach buan. Is bagairt an páiste gréine a eascraíonn as caidreamh fánach do shocracht daoine eile. Déantar iarracht fáil réidh leis.

Tá go leor cainte tarraingthe ag scéal Tuama. Ionad do leanaí a rugadh lasmuigh den bpósadh, faoi údarás an chomhairle contae ach á reachtáil ag mná rialta. Bhí an ráta báis leanaí in ionad dá leithéidí i bhfad níos airde ná sa phobal i gcoitinne.

Bhain roinnt de sin le heaspa cúraim, agus dhún dochtúir stáit áras eile dá leithéidí ar an mbonn sin.

Ach bhain go leor de le ró phlódú de bharr easpa acmhainní. Ní i ngan fhios don bpobal a tharla seo. Tháinig scéal Tuama chun cinn de bharr ciontacht pearsanta staraí, bean ar chuimhin le drochshampla patuaire na mná rialta i leith páistí an tí contae. Patuaire a d'fhág na leanaí ina sprioc do spochadh gránna ó leanaí eile, ar ghlac sí féin páirt ann.

Léirigh a iniúchadh iarratas lucht eagar an tí contae ar bhreis acmhainní le dul i ngleic leis an ró phlódú. Tugadh an eiteachas dóibh. An gné a tharraing aird ná gur cuireadh na leanaí i seomra faoi thalamh a bhí tráth ina chuid de chóras séarachas an tí. Rinne na ceannlínte gáifeacha 'umar séarachais' as sin. Is dócha gurbh iarracht a bhí ann bheith tíosach le hacmhainní gann.

Ní mór a chuimhneamh go ndearna mná rialta íobairtí le dul sna mná rialta. Cinnte bhí sciar éigin acu a bhain mí fheidhm as a gcumhacht. Agus bhíodar gan amhras múnlaithe ag an sochaí céanna a d'fhág gur chuir teaghlaigh a iníonacha torracha as radharc go háras dá leithéidí, agus a d'fhág gur scríobh a comharsana gustalacha litreacha ag moladh don sagart paróiste go gcoinneofaí ann iad ar mhaithe le drochshampla a sheachaint.

Léiríodh an meon seo go cumhachtach i litríocht na hama, ag leithéidí Mary Lavin agus Walter Macken. Rún oscailte a bhí ann.

Riamh anall tá sé ina bhaol don Eaglais agus don Stáit iad a bheith fite fuaite. Sna meánaoiseanna sa Ghearmáin bhí nath acu

Zwei Schwerter in einer Scheide
Werden schartig beide

Bearnach araon a fhágfar dhá chlaíomh in aon truaill.

Ach tar éis uafáis an Chogadh Cathardha ghlac an meánaicme gustalach Caitliceach seilbh ar an stáit; gluaiseacht a thosaigh i bhfad roimhe le Dónaill Ó Conaill. Ba den aicme céanna na hEaspaig, agus ba uirlis fónta iad. Bhain na dochtúirí feidhm as doicheall na hEaspaig roimh cumannachais chun scéim máthair agus linbh Noel Browne a chosc. Bheadh an scéim chéanna tar éis baint dá rachmas. Riamh ó shin tá dhá chóras sláinte againn, agus an córas príobháideach ag baint leas as acmhainní poiblí. Mothaíonn éinne a bhfuil gustal ar bith acu gur gá dóibh íoc as a sláinte féin. Agus léiríonn na torthaí gur fíor dóibh.

Ós rud é gur chlis ar chliarlathas na hEaglaise ar mórán bealaí, go háirithe sna scannail mí úsáid gnéas, ní fónann siad níos mó mar uirlis smachtaithe. Ach tá siad úsáideach fós mar sceilpín gabhair do teip an am a chuaigh thart. Tá sin compordach agus ní gá dúinn mar phobal féachaint go géar orainn féin.

Tá na rúin oscailte fós linn áfach, agus níl lámh ag an eaglais iontu, cé go bhfuil iarrachtaí ar bun ag cléirigh is mná rialta aonair dul i ngleic leo.

Díthreabh. Meabharghalar. Soláthar dhíreach do theifigh. Glaine sna otharlanna.

Ní creideamh is cúis leo sin, ach saint.

Tá tús éigin curtha le athleasú san Eaglais. Is mithid a mhacasamhail a dhéanamh san stáit. Go radacach, i. Ag díriú ar fréamh na faidhbe seachas ag lorg sceilpíní gabhair  - na Sasanaigh, an Eaglais, na Gearmánaigh, an Aontas Eorpach.

Tá stáit daonlathach síochánta againn ó 1922. Tháinig muid slán ó uafáis an fichiú céad san Eoraip. Tá na huirlisí againn.

Agus sin mo racht go nuige seo.

2 comments:

ormondo said...

Nuair a bhí mé ag freastal ar an ollscoil i gCorcaigh ag deireadh na seachtóidí agus mé ag baint fúm in árasán i dTobar Rí an Domhnaigh bhí radharc breá againn ó fhuinneog na cistine isteach ar chlós Chlochar an Aoire Mhaith. Ach ní bheadh an radharc sin de dhíth ar dhuine chun go mbeadh a fhios aige go raibh sé ann. Cé go raibh foirgneamh ollmhór an chlochair so-fheicthe ón ollscoil ar an taobh eile den abhainn níor chuala mé riamh fiú is focal tráchta faoi. Beinn ag déanamh iontais de dá mbeadh mo chomh mhic léinn ar na daoine atá ag ligean orthu anois nach raibh tuairim faoin spéir acu a leithéid a bheith ann.

ormondo said...

*Bheinn*