10 June 2017

Rosc catha na Spideoige

Comhluadar ag ithe lóin. Spideoga craosacha inár measc go dána ag piocadh na grabhróga. Ach tagann cat fear an tí i láthair. Crobhingneach, starrfhiaclach, seangchruthach, lúth. Teitheann na héin. Ó na géaga áfach cromann siad ar phort cáinteach. Nótaí gairide géara láidre. Arís is arís eile.

1 comment:

Mise Áine said...

Go deas, mar radharc agus mar scéal, a chara.

Focail nua foghlamatha agam uait...crobhaingeach, starrfhiaclach, seangchruthach...grma!

Maidir le starrfhiaclach, meas tú an dtagann an bhfuil an focal 'gob' ann mar gheall ar na fiacla sin a bhíonns ag 'gobadh' amach?