Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-08-02

East Side Gallery

Bhí an brú ina raibh mé ag cuir fúm i Kreuzberg an-ghar don áit a mbíodh balla Bheirlín. Breis agus fiche cúig bliain níos déanaí tá obair fós ar bun ag tabhairt bonneagar iompar phoiblí na cathrach go dtí an staid réamh chogaidh.

Ba é Warschauer Straße atá i mBeirlín Thoir an stáisiún S Bahn is gaire. Láthair tógála atá ann le mo chuimhne, ach é ag feidhmiú freisin agus go leor trácht tríd.

Chun teacht air bhí orm abhainn an Spree a thrasnú ar an Oberbaumbrücke. Structúr cuanna bríce dearg a tógadh ag deireadh na naoú aoise déag. Bóthar thíos, cosán faoi dhíon agus an U Bahn (atá os cionn talún scata áit i mBeirlín) ós cionn cloigne na gcoisithe.

Tá an droichead atógtha le fada, agus an U Bahn ag feidhmiú arís. (Chuaigh mé air babhta amháin ach níorbh fiú dáiríre do stáisiún amháin).

Ar bhruach thoir an abhainn tá giotaí de Bhalla Bheirlín fágtha. Nuair a tháinig mé go Beirlín i dtosach i Deireadh Fómhair 1990, trí lá roimh athaontú na tíre, bhí go leor leor den mballa (balla dúbailte don gcuid is mó) ina sheasamh thart ar Bheirlín. Bhí riamh go leor ealaíona agus graifítí ar an taobh thiar.

Ach níorbh fhada go raibh sé scuabtha chun siúl ag na Mauerspecht ( cnagairí balla) a bhris píosa as mar cuimhneacháin dóibh féin nó le díol le turasóirí. Agus ag an gcomhairle cathrach. (Tá amhras orm faoi na giotaí daite stroighne a díoltar le turasóirí - shamhlóinn go bhfuil i bhfad níos mó díolta ná bhí riamh sa bhalla).

Go deimhin, baineadh preab as daoine a ghasta is a d'imigh an balla as. B'éigean atógáil a dhéanamh ar stráice de ag Bornholmer Straße  - an balla dúbailte, túr faire, na bobghaistí - le go mbeadh cuimhneacháin ceart ar an uafás.

San eadarlúid idir oscailt an bhalla agus athaontú na Gearmáine ghabh ealaíontóirí ó ar fud na cruinne seilbh ar an stráice cois Spree lámh leis an Oberbaumbrücke agus chruthaigh dánlann faoin aer. Fuair go leor de na híomhánna stádas íocónach go gasta - an Bhráthairphóg idir Brezhnev agus Honecker, nó Trabant ag réabadh a bhealach go saoirse tríd an balla.

Bhí cuid den ealaíon síonchaite go maith, agus rinneadh é athnuachan roinnt blianta ó shin.

Ó tharla mé lámh leis, shiúl mé an balla. Tá stáisiún Ostbahnhof ag an deireadh eile.

Tá saothair áille meafaracha le feiceáil ann. Chuir sé ionadh orm áfach a smeartha le graifítí gan dealraimh atá codanna de.

Is fiú roinnt ama a chaitheamh ann ar do mharana. Tá go leor teachtaireachtaí sna múrphictúir éagsúla.

Tagairtí sa cheann thíos do na Wendehälse, i. Iadsan a d'athraigh tuairimí go gasta leis an athaontú. Bhí go leor a chreid san eadarlúid go bhfeadfaí sóisialachas daonlathach daonna a bhunú san DDR tar éis titim an bhalla agus a shíl gur díoladh amach iad. Siombal agus tróip an banana d'earraí tomhaltais a bhí gann san Oirthear.