Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-08-03

Iomramh Danny

Ó chuir mé aithne air ag Scoil Cheoil an Earraigh, bhí suim spreagtha ionam i scríbhneoireacht Danny Sheehy. Chuir mé fios air, agus léigh a leabhar faoi déanamh naomhóige Fan Inti.

Luath nó mall mar sin bheinn tagtha chomh fada lena thuairisc ar a thuras go hÍoslann is ar ais -
Iomramh Bhréanainn MMXI Ón nDaingean go hÍoslainn

Ach mar gheall ar a bhás tobann ar Chamino na Sáile, chuir mé fios ar an leabhar tríd córas na leabharlanna.

Tugann turas ar luaimh, Ar Seachrán, ón Daingean chun na hÍoslainne agus ar ais creatlach don leabhar. Ach tá i bhfad níos mó i gceist ná tuairisc lom ar imeachtaí an turais. Bhí baill foirne ag teacht agus imeacht, agus caidreamh agus comhluadar ann. Bhuail siad le daoine spéisiúla agus iad ar caladh, scaití agus iad ar foscadh.

Tá codanna den leabhar ar scathán anama Danny iad, sruth chomhfheasa spreagtha ag imeachtaí an lae agus seanchas a mheabhraigh siad dó.

(Tá caint sách minic faoi a chac a bheith air is conas mar a fuair sé faoiseamh!)

Tá cnuasach grianghraf a léiríonn codanna den scéal ag deireadh an leabhair.

Ach is éachtach an cnuasach seachas is deisbhéal, eolas dúlra agus staire, greann agus gean atá idir na clúdaigh.

Leabhar mór téagartha.

Bhí cánóg bhán mar aingeal coimhdeachta ag Danny ar a thuras. Tá súil agam gur thug a aingeal coimhdeachta slán go calafort buan na flaithis í.

Ní bheidh a leithéidí arís ann. Is maith agus is mithid a chuimhne a choinneáil beo, agus is seod a chuid leabhair dá réir.