22 September 2017

Thatchers of the Acropolis: Seisiún Múscraí

Anocht Oíche Chultúir. Seachnaím sluaite go hiondúil, ach mheall ceolchoirm grúpa Mharcuis amach mé. Thapaigh mé an deis freastal ar rud nó dhó eile, ach is ar Seisiún Múscraí in Áras Uiscebhealaí Éireann a bhí mé dírithe. (Ionad atá rud beag imeallach cibé, ag Dug na Canálach Móire).

Bhí roinnt sean taifead de chuid Thatchers of the Acropolis cloiste agam, cionn is gur fhoilsigh Marcus iad roinnt blianta ó shin ar a bhlag.

Ach foireann nua a bhí i gceist, Marcus agus a mhac Naoise, Rónán agus a mhac siúd Sulán i mbun ceol is canadh, agus Naoise eile i mbun draíocht leictreach le píosaí réamh thaifeadta cainte is ceol.

Taibhe snasta a bhí i gceist, amhráin Cór Chúl Aodha pósta le filíocht de chuid Mharcuis agus file eile (Dónal Ó Liatháin má thug mé a ainm i gceart liom). Cros pailniú éifeachtach idir cantaireacht binn agus uirlisí idir leictreonach agus acustach. Bhain Rónán ceolta sí as harmonium lámh oibrithe, agus bhí cnaga láidre á mhealladh as drumaí, ina measc droma a raibh cuma bosca air - cajon.

Bhí draíocht leictreach i gceist freisin le Naoise ag ríomhaire glúine agus le réimse gléasanna.

Ba cumasc idir mairgní d'athair Rónáin agus ceiliúradh ar Mhúscraí a bhí i gceist.

A bhuí le Féile Imbolc taithím féin Músgraí uair sa bhliain agus éistim aifreann le Cór Chúl Aodha. Bhí an fhuaim suntasach sin ceaptha ag na hoirfidigh ach a gcasadh féin bainte as. Mhothaigh mé mé féin ardaithe siar ó dheas, chonaic na radhairc.

D'fhéadfainn an ceol a shamhlú mar thionlacan d'fhíseán den ceantar. Bhí sé éachtach.

Rinne siad é chuir i láthair faoi dhó, agus d'fhán mé don dara léiriú. Beidh súil in airde agam do bhreis uathu!

Go deimhin, idir eatarthu bhí léiriú damhsa ó Sibéal Davitt agus chuir sí daoine ag damhsa (shleamhnaigh mise amach, tá mo chosa amscaí!)

Chan Naoise Mharcuis amhrán (dá chuid féin?) a léirigh nach fada ón gcrann a thiteann an úll.

Togra le faire air!

20 September 2017

Comhdháil Meanmanra: Sceideal

Dé Sathairn, an 28 Deireadh Fómhair, 2017

Campas na Naomh Uile, DCU, B.Á.C.

Am: 10:00-17:30

Páirceáil ar fáil saor in aisce ar an gcampas. 
Rochtain le Bus Átha Cliath - 1, 11, 13, 16, 33, 41, 41a,b,c, 44, 126
Bóthar Sord (Stop # 21/45)

Twitter: @Meanmanra
Ríomhphost: meanmanra@gmail.com


10.00 Oscailt na comhdhála leis an Ollamh Ciarán Mac Murchaidh

10.15 Dr. Liam Mac Amhlaigh: ‘An tAthair Colmán Ó hUallacháin agus Foclóir Fealsaimh (1958)’
            Cathaoirleach: Caitríona Ní Chléirichín

10.50: Róisín Ó Baoill: ‘An tSíocanailís sa lá atá inniu ann’
            Cathaoirleach: Caitríona Ní Chléirichín

Sos: 11.30 – 12.00


12.00: Dr. Floarea Virban: ‘Wittgenstein – verso una rifondazione trans-mentale della     filosofia. Grovigli filosofici, crampi mentali e la parola redime’ | ‘Wittgenstein – i     dtreo athmhúnlú trasmheabhrach na fealsúnachta. Snaidhmeanna fealsúnta, crampaí     meoin agus saoirse focail’ (aistriúchán Gaeilge comhuaineach ar fáil)
            Cathaoirleach: Andrea Palandri

Lón: 12.40

13.20: Seoladh Meanmanra 2016 leis an Dr. Éamonn Ó hÓgáin

14.00: Cormac Chambers: Anailís ar na hAthruithe i bPolasaí Seachtrach na Rúise Idir     2000 agus 2013 Trí Scagaire na hIompraíochta Oiriúnaithí
            Cathaoirleach: Seanán Mac Aoidh  

14.40: Dr. Fionnbarra Ó Brolcháin: ‘Dúthaigh Anama’ agus Geilleagar na hÉireann
            Cathaoirleach: Seanán Mac Aoidh


Sos: 15.20 – 15.40

15.40: Diarmuid Ó Lúing: An Blascaod Mór, John Moriarty agus an Fiantas
            Cathaoirleach: Séamus Barra Ó Súilleabháin

16.20: Dr. Breandán Ó Cíobháin: Eoin Scot Ériughein, Scoth Sua Iarthar Domhain
            Cathaoirleach: Séamus Barra Ó Súilleabháin
 

18 September 2017

Stefan Zweig

Ní raibh iomrá cloiste agam ar Stefan Zweig sula bhfaca mé an scannán sách osréalach Grand Hotel Budapest atá ceaptha a bheith bainteach lena shaothar. Phrioc sin m'fhiosracht ach ní dhearna faic faoi mar ní raibh fonn orm aistriúchán a léamh agus níl teacht éasca agam ar leabharlann Gearmáinise. Ansin agus mé ag treabhadh tríd saothair Adalbert Stifter ar an Kindle tháinig mé ar an réamhrá a scríobh sé do eagrán de Witiko. Chuaigh an friotal agus an smaointeoireacht i bhfeidhm orm.

Chuir Zweig lámh ina bhás féin sna daichidí, é ar deoraíocht de bharr na Naitsithe. Fágann sin a shaothar as cóipcheart agus saor dá réir ar an Kindle. Admhaím go bhfuil sé rud beag aisteach a bheith ag teacht i dtír ar uafás an ré úd chun cuir le mo leabharlann leictreonach, ach sin mar atá!

Tá dornán dá shaothar léite anois agam, ina measc a thuairisc dírbheathaisnéise Die Welt von Gestern - Erinnerungen eines Europäers (Saol an lae inné - cuimhní cinn Eorpaigh). Ba den buirgéiseacht Víneach é, sách rachmasach. An Giúdachas ligthe le sruth ainneoin a chairdeas le Theodor Herzl a chuir saothair luatha leis i gcló i nuachtán mór le rá. Ach an Eorpachas go smior ann, meas aige ar aosdána thoir is thall. Chuir sé de a phrintíseacht ag staidéar agus ag aistriú filí de chuid na Fraince agus na Beilge, agus ag saothrú le cuir lena gcliú i dtíortha na Gearmáinise.

Tubaiste dá réir dó ab ea an chéad cogadh domhanda. Cogadh a réab naisc áirithe agus a chuir deireadh le cairdis, ach a neartaigh agus bhuanaigh cairdis eile agus a neartaigh an síochánaí ann.

Faoi anáil an chogaidh agus lena linn scríobh sé leagan drámatúil de shaoil an fháidh Irimia, agus titim Iarúsailéim.

Tugadh deis dó é a chuir ar stáitse san Eilvéis agus éalú dá réir ón gcogadh. Bhí scata dá chairde liteartha ann roimhe, iad i mbun iarrachta tarrtháil a dheánamh ar shibhialtacht na hEorpa coitinne. Ghlac sé páirt gníomhach san iarracht.

Níor fhill sé ar (a raibh fágtha) den Ostair go dtí deireadh an chogaidh. Agus é ag filleadh  bhuail sé le traein an impire deireadh ag dul san treo eile, bailchríoch míle bliain staire....

Bhí ráchairt mhór ar a scríobhnóireacht sna fichidí agus tríochaidí idir ficsean agus beathaisnéis. Bhí lámh aige i bhforbairt an teach foilsiúcháin Inselverlag  a bhain clú amach as feabhas a dtáirgí (clú a lean tar éis an dara chogadh mór)

Tháinig deireadh tubaisteach leis sin agus bhí a leabhair i measc na saothair a dódh ag Naitsithe.

Feasta ba theifeach é agus a theanga, a uirnéis oibre, faoi théir de dheasca na hainghníomhartha a rinneadh inti. Ghoill sin go mór air, agus ainneoin an fháilte a chuir údaráis na Brasaíle roimhe ghéill sé don éadóchas. (Léigh mé réamhrá a shaothar ar an mBrasaíl, naomhsheanchas geall leis. Shíl sé gur parrthas iar chiníoch a bhí ann.)

Tá an scannán Grand Hotel Budapest lán de aicsean agus go deimhin de fhoréigin gáifeach. Ní mar sin atá ficsean Zweig. Ach tá macallaí ann.

Sna scéalta a léigh mé is minic aige an cuir chuige faoistiniúil. Sé sin, insítear scéal don údar mar dhea agus cuireann seisean go discréideach ós comhair an phobail é. Bhí macasamhail Zweig mar reacaire san scannán, ag éisteacht le scéal na laethanta a bhí.

Tá úrscéal nár chríochnaigh sé féin Rausch der Verwandlung (meisce an chlaochlaithe) a bhfuil codanna tábhachtacha de lonnaithe in óstán de chuid an uasaicme san Eilvéis. Bean óg a bhfuil a teaghlach íos meánaicmeach bánaithe de bharr an cogadh an laoch. Post aice de bharr fabhar gaol in oifig poist tuaithe. Cúram máthair i ndrochshláinte uirthi, iad beo ó lámh go béal i lóistín suarach. Gach unsa geana is sonas glanta aisti ag an gcruatan fhada.

Tugann a haint cuireadh dá máthair cuairt a thabhairt uirthi san Eilvéis, áit a bhfuil sí ar saoire lena fear agus fortún gnóthaithe acu araon. Éilíonn an máthair, a thuigeann an bail atá fágtha uirthi ag an cogadh, go rachaidh a hiníon. Téann, agus bláthaíonn ar feadh seal, feistithe agus coirithe ag a haint. Pléasctar a haisling ag bean formadach, agus díbríonn a haint í, eagla uirthi go nochtadh breis tochailt a scannal féin, an scannal a bhfuil a fear dall air ach a thug an cnapshuim di ar a bhfuil a saibhreas bunaithe.

Níl an dara suí sa bhuaile aici ach filleadh ar oifig an phoist. Tá a máthair éagtha ó shin, ach tá sí fós i ngéibheann. Toisc an spleodar agus saibhreas a bheith blaiste aici níl ar cumas filleadh ar a patuaire agus tá sí lán feirge is corrthónachta.

Cuireann sí aithne air, agus tugann grá d'fhear atá féin as alt san saol iarchogaidh. Fillte mall ón gcogadh, de bharr bheith sáinnithe sa Rúis tar éis na réabhlóide. Méar leis briste agus gan leigheas ceart i dtimpiste fánach. A áit dhúchais anois san Iodáil. Maoin a theaghlaigh scriosta ag an boilsciú. Gan cúnaimh le fáil ón Stáit. Ag braith ar phoist faoina chumas, agus a fhágann sa bhfaopach é.

Ceal airgid níl só i ndán dóibh ná bláthú grá. Socraíonn siad lámh a chuir ina mbás féin - ach tagann ar malairt intinne nuair a ritheann leis go bhfuil airgead mór in oifig an phoist agus go bhfeadfaí é chreachadh.

Tagann deireadh leis an úrscéal ag an bpointe go bhfuil an beart leagtha amach aige di, agus í tar éis glacadh leis.

Úrscéal iomlán amháin a d'fhág Zweig a foilsíodh lena linn: Ungeduld des Herzens (mífhoighne croí). Oifigeach macra ar bheagán maoine a thagann i dteagmháil le teaghlach shaibhir. I ngan fhios dó féin maslaíonn sé iníon an tí - cuireadh chun dinnéar faighte aige, mall de bharr cúrsaí oifige. Ní chuirtear in aithne i gceart é don gcomhluadar dá bharr. Bál iar proinn. Ar ball iarrainn sé amach ag damhsa iníon an tí - ní thuigeann sé gur bacach í. Níor a thuigeann sé a bhotún teitheann sé le teann náire. Ach déanann iarracht an lá dar gcionn leorghníomh a dheánamh. Téann an caidreamh i ndoimhneacht de dheasca a atrua di. Fágann a galar thuas seal thíos seal í. Réabtar eisean idir atrua agus mí fhoighne na hóige (agus brú piara freisin). Is léir faoi dheireadh go bhfuil sí i ngrá leis, ach de bharr a mheatacht seisean bíonn deireadh tragóideach leis an scéal.

Tá na scéalta atá léite agam láidir corraitheach. Níl gach rud léite fós agam, go háirithe a chuid saothair bheathaisnéise.

Tá mé thar a bheith sásta gur casadh i mo threo é. Tá lón marana ina saothair a chíorann an anam daonna go domhain.

17 September 2017

Aduantas aicme

Innealtóir ag taisteal do chruinniú. Eitleán. Traein. Traein eile. Dornán glaoch. Taxi faoi dheireadh. Óstán. Château. Ársa. Costasach. Ocrach. Proinnteach fós oscailte? Tá. An-chostasach. Fíor ghalánta. Cúinne ciúin. Iasc. Cloigeann fós air. Fíon geal. As áit i measc aos na gcultacha. Sáith ite.


11 September 2017

Cás aduain an Dochtúir Jekyll agus Mhr Hyde

Phléigh mé an t-aistriúchán seo le hIan Ó Caoimh ar phodchraoladh Club Leabhar. Sé Seán Ó Catháin a bhí sa chathaoir.

Leabhar spéisiúil. Léigh mé an bunleagan fadó agus mé sna déaga luatha, ach bhain mé i bhfad níos mó tairbhe as anois.

Tá léaráidí Mathew Staunton speisialta freisin.

Cás aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde

Robert Louis Stevenson, aistrithe ag Conall Ceárnach
Léaráidí le Mathew Staunton.
In eagar ag Roibeard Ó Conaing.
Cathair na Mart:
Evertype.
ISBN 978-1-78201-075-3 (bog),

08 September 2017

An Mine

Díolaim cuimhneacháin lán eolais is filíochta atá sa leabhar seo. Tugtar an cúlra an cheantair as ar tháinig na fir a scuab mianach a tháinig i dtír den saoil iad i 1917, chomh maith le foinsí na linne agus ó shin ar an eachtra, agallamh leis an t-aon fear a tháinig slán san áireamh.

Tá a stíl agus a dhearcadh féin le léamh ar gach tuairisc acu, a nochtann breis eolais faoi am a scríofa.

Tá dinnseanchas agus filíocht ann.

Tá lear mór grianghraf agus léaráidí.

B'é an mír is mór a fuair mise blas air na athinsint dhrámatúil Ruaidhrí Uí Flaithbhearta (ainm cleite is cosúil) a foilsíodh i Scéala Éireann i 1937.

Tá saibhreas eolais, saibhreas teangan agus staire sna míreanna éagsúla. Foinse luachmhar do staraithe agus lucht éigse.

Tréaslaím a saothar leis an bhfoireann a chuir in eagar é faoi stiúir Lochlainn Uí Thuairisg. Saothar ómóis agus grá cúramach agus scolártha.

An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige
Eag. Lochlainn Ó Tuairisg

Tagairt: 9781784441647 

Ár nÚll laethúil tabhair dúinn inniu

Tá crann úll i ngairdín mo thuismitheoirí, agus bíonn ualach úlla air go hiondúil. Scaití bíonn siad faoi léigear ag bolb an choidlín. Is lú na húlla na úllaí siopa. Bhíodar searbh scaití.
Ach d'itheamar iad, rinne muid pióga as an méid nach raibh creimthe. Rinneamar iarracht bliain amháin subh a dhéanamh, ach is cosúla le mil úll a bhí an toradh. Bhí blas iontu.

Tá sé de nós agam úll in aghaidh an lae a ithe, laethanta oibre ach go háirithe.

Úlla siopa is mó. Is minic díomá orm. Uisciúil. Leamh. Nó bog brúite de bharr easpa cúram. Nó dromchla foirfe agus eithne lofa.

Ach le déanaí chonaic mo nuachar go raibh úlla ar fáil sa Siopa Polannach. (Tá muid ceanúil ar bhianna áirithe ó lár na hEorpa).

Cheannaigh sí slam acu. Táim fíor shásta leo! Úlla atá iontu dáiríre. Blas orthu. Cinnte, is dócha go dtáinig siad thar lear. Ach is annamh úlla na hÉireann ar fáil san ollmhargadh cibé. Agus ní annamh gan ach úlla ón Nua Shéalainn nó ón Meiriceá Theas ar fáil.

Beidh súil in airde agam.

Smailc!

03 September 2017

Marterl

Tá an leac cuimhneacháin seo ar imeall cosáin sa Bhaváir le beagnach céad bliain.
Is as cloch an Biber é, measaim, cnoc a bhfuil déantús ar leith ann, gaineamh agus clocha beaga bruite ina glaoch buan ag an oighear.
Chonaic in áit eile go ndéantaí bró muilne as.
Cuimhneacháin atá anseo ar bheith fear feirme a bhain timpiste dóibh - duine acu sa choill, an fear eile ag baint an fhéir.
Is léir go ndéantar cothabháil ar an leac.
Tá na pictiúir glan glé, peannaireacht cuanna sa scríbhinn.
Is deas go bhfuil a gcuimhne buan. Go rabhadar suaimhneach faoi scáth na Maighdine, mar a ghuítear ar an leac.

01 September 2017

Tubaiste ar an Titanic

Bhí Lá leis na Lochlannaigh ceannaithe agam agus léite le m'iníon, mar sin nuair a chonaic mé an scéal seo a tháinig roimhe croch mé liom ón leabharlann é.

An uair seo nuair a osclaíonn Brídín agus Cormac an doras draíochta (don gcéad uair) aimsíonn siad iad féin ar long mhór ghalánta. Buaileann siad le himirceach óg as Éirinn atá faoin deic, san tríú grád. Is féidir leis na páistí na doirse glasáilte a oscailt, agus bíonn an triúr acu ag baint lán na súil as cuannacht an chéad agus an dara grád.

Diaidh ar ndiaidh áfach tagann siad ar an dtuiscint go bhfuil siad ar an Titanic - agus níos measa fós, go bhfuil briseadh na loinge ar tí tarlú.

Éiríonn leo máthair agus deartháir an chailín ar bhuail siad leo a tharrtháil chomh maith leis an gcailín féin - murach iad bheadh siad féin faoi ghlas!

Agus an teaghlach beag slán ar bhád, cromann siad ar an ndoras draíochta a lorg athuair- agus práinn leis toisc go bhfuil an long ag dul go tóin poill.

Éiríonn leo sa deireadh (ar ndóigh!)

Insint beoga drámatúil, lán sonraí. Lón léitheoireachta!

Tubaiste ar an Titanic
Máire Zepf
Cló Mhaigh Eo