Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-13

Béarla agus ríomhchlárú

Bhí mé ag éisteacht leis an mír de Motherfoclóir le Neal Ó Riain inné. Luaigh siad sa phlé go bhfuil mórán gach teanga ríomhaireachta bunaithe ar an mBéarla, fiú nuair is Ísiltíreach (Python Guido van Rossum) nó Seapánach (Ruby Yukihiro Matsumoto) a cheap. Is fíor gur labhair Grace Hopper ar oideachas a chuir ar ríomhaire, agus is cosúla an teanga rathúil COBOL  a chum sí le béarla nádúrtha ná teanga ar bith roimhe ná ó shin.
Ach tá sé míchruinn smaoineamh ar theanga daonna mar samhail ar theanga códaithe. Nodaireacht caol le brí cinnte le gach siombal is ea teanga ríomhchláraithe. Is fíor go mbíonn na heochairfhocail ina bhfocail béarla, nó cosúil leo. Ach is cúinge i bhfad an brí leo agus an séimeantaic agus comhréir atá bhailí. Eochairfhocail C atá sa pictiúr thíos, tógtha as an leabhar a bhí agam agus an teanga á fhoghlaim agam sna 1990í. Leabhar atá as Gearmáinis, ó tharla gurb ansin a bhí mé ag obair. As Bell Labs i Meiriceá a tháinig C, forbartha ar ríomhaire DEC PDP 7. Tá alt ar a stair, scríofa ag an dream a cheap, anseo. Is C cnámh droma na ríomhaireachta. D'fhorbair an meitheal céanna an córas oibriúcháin UNIX, agus is iad an dís sin atá laistiar de mórán chuile córas ríomhaireachta. Tá teangacha fearacht Python nó Java ag braith ar innill eile, atá scríofa i C.
Buntáiste C na go mbíonn, go hiondúil, tiomsaitheoir ar fáil do mórán chuile lár aonad próiseála (LAP). Sin eithne gach ríomhaire. Ar ndóigh bíonn a chód dénártha féin ag gach aonad acu sin. Ag tús ré na ríomhaireachta is na huimhreacha sin a bhí le cuir isteach ag an ríomhchláraitheoir. An chéad céim chun teibíochta ab ea  teanga dhíolama rud a chuir ar cumas an ríomhchláraitheora leagan measartha soléite dá chlár a scríobh, le neamónach ag seasamh don cód d'ordú, ADD mara shampla do suimiú. Arís is bunaithe ar Béarla atá na giorrúchán seo. Déanann díolamóir, clár ríomhaire ar leith, é seo a iompú go uimhreacha don ríomhaire.
Tá leibhéal teibíochta eile ann, C agus COBOL agus a leithéid. Bíonn tiomsaitheoir de dhíth chun iadsan a iompú, go hiondúil tríd céim i teanga dhíolama, go cód meaisín.
Bíonn na nodaireachtaí seo níos fusa a léamh agus a phlé, buntáiste mhór d'innealtóirí bogearraí.
Is minic laincisí ar leith ar teangacha ríomhchláraithe a bhaineann leis an timpeallacht a forbraíodh iontu iad.
Ba i FORTRAN a rinne mise mo chuid oibre ar an ollscoil. Níor úsáid mé féin cárta pollta riamh, ach bhí tráth ann gurb ar cártaí pollta a cuireadh ríomhchlár ar fáil don ríomhaire a rinne tiomsú orthu. Iarsma de sin ná nach bhfuil líne cód FORTRAN bailí mura dtosaíonn sé ag colún 7!
Ar ndóigh, díreach toisc go bhfuil na heochairfhocail i mBéarla, ní chiallaíonn sin gur gá d'ainmneacha athróga ná feidhmeanna a bheith as Béarla.
Ag tús mo ghairm mar innealtóirí bogearraí, bhí mé ag obair leis an teanga PL/M. Bhí na heochairfhocail i mBéarla, ach bhí ainmneacha athróga agus feidhmeanna bunaithe ar bhéarlagair theicniúil na cuideachta - as Gearmáinis. Tháinig an béarlagair sin slán cuid mhór nuair a d'iompaigh muid ar C, agus bhí an cuir síos fós as Gearmáinis freisin.
Rud coitianta atá anseo. Nuair a bhí mé, traidhfil blianta ó shin, ag féachaint ar na cáipéisí don córas vótáil leictreonach in Éirinn ba ceann de na criticí ná go raibh an bogearra comhairimh 'scríofa in Ísiltíris'. Fírinne an scéil ná go raibh sé i gcanúint den teanga Pascal, Delphi. Ach is comhlacht ón Ísiltír a bhí ina bhun agus béarlagair Ísiltírise in úsáid dá réir.
I mo chás féin, i dtreo deireadh mo thréimhse sa Ghearmáin, bhí mé ag obair ar tograí idirnáisiúnta. Béarla an lingua franca teicneolaíochta, agus dá réir is as béarlagair béarla a eascraíonn ainmneacha athróga agus feidhmeanna.
Is beag togra anois nach bhfuil amhlaidh, agus is tograí foinse oscailte cuid mhór de na bogearraí a scríobhtar anois.
Is é an gné is cumhachtaí faoi na tograí foinse oscailte ná go gcuireann siad leabharlanna saibhre feidhmeanna, atá go hiondúil profa go dian, nó ar a laghad úsáidte ag go leor daoine.
Fágann sin go bhfuil seans maith ann go bhfuil aon bhotúin iontu aimsithe. (Níl sé iomlán foirfe - tamall ó shin aimsíodh fabht tromchúiseach ar a baisteadh Heartbleed in openSSL, leabharlann atá ag croí go leor córais chun teagmháil slán a dheánamh thar an idirlíon).
Fágann teangacha, leabharlanna agus creatlaigh bogearra mar seo go bhfuil ar chumas an ríomhchláraitheoir aonair i bhfad níos mó a bhaint amach.
Le bheith éifeachtach, is gá líon mór úsáideoir a bheith ag na bogearraí. Fágann sin go bhfuil an lingua franca in uachtar ó thaobh béarlagair de. Is fíor go bhfuil tograí ann chun an cáipéisíocht a bhaineann le teangacha agus leabharlanna a chuir ar fáil i dteangacha éagsúla. Ach go bunúsach, tá béarla sách cruinn ina riachtanas do ríomhchláraitheoir.
Tá roinnt nodaireachtaí gan mórán eochairfhocail iontu, ach is tearc iad.
Ag tús ré na ríomhaireachta bhí fear darb ainm Konrad Zuse ag saothrú sa Ghearmáin. D'fhág teip na Gearmáine san dara Cogadh domhanda áfach gur beag tionchar a bhí ag an Ghearmáin feasta sa réimse agus níor scaip a dhearadh siúd, ná an teanga siombalach a dhear sé Plankalkül. Ábhar staidéar fós atá ann mar go raibh a choincheapa cuanna ach tá an lá leis an Anglasféar sa réimse dáiríre.
Agus le C, UNIX agus a gclann, ainneoin go bhfuil go leor saineolaithe den tuairim nach iad an réiteach is fearr. (Tá sraith aistí ar an ábhar ag fear darb ainm Richard Gabriel faoin teideal Worse is Better).
Rud eile (le filleadh ar an tús) a bhí a phlé ag Neal ná an teanga ríomhaireachta Áireamhán atá cumtha aige le eochairfhocail as Gaeilge. Chaith mé súil air, agus is togra spéisiúil atá ann. Shamhlóinn gur fhoghlaim sé féin go leor as - tá dianmhachnamh de dhíth chun coincheap a thuiscint agus saothar mar é a chuir i gcrích. Luaigh sé féin go moltach saothar an Choiste Téarmaíochta agus tearma.ie
Caolseans go mbainfidh mé feidhm as áfach. Is beag úsáid a bhíonn agam d'áireamhán.
Sa bhreis ar sin, tá nodaireacht Polannach in úsáid aige do na hoibreoirí. Tá sin éasca a scagadh le clár ríomhaireachta. Ach tá sé mí nádúrtha don úsáideoir daonna!