Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-02

Ibrahim Halawa

Saoránach de chuid na hÉireann ach de bhunadh na hÉigipte é Ibrahim Halawa. Gabhadh é féin agus a dheirfiúracha i measc slua mór daoine i Mosc i ndiaidh agóid ar son uachtarán na hÉigipte a toghadh go daonlathach ach a cuireadh as oifig ag an arm. Uachtarán a bhí ina bhall den bráithreachas Moslamach, eagraíocht idirnáisiúnta polaitíochta.

Tá athair Ibrahim Halawa ina cheannaire Moslamach san tír seo, agus é de réir gach cosúlacht, báidhiúil don  mbráithreachais (ar a laghad).

Saoradh na deirfiúracha ar bhannaí agus scaoileadh abhaile iad. Le ceithre bliana bhí Ibrahim Halawa i ngéibheann agus an olltriail a raibh sé páirteach ann á chuir ar athló arís is arís. Fuarthas neamhchiontach é ar na mallaibh, agus a dheirfiúracha freisin. Ach de bharr páipéarachais tá sé fós faoi ghlas.

D'eagraigh na deirfiúracha feachtas láidir chun a chas a choinneáil i súile an phobail. Ní cosúil go raibh mórán toradh air, ach tá taidhleoireacht i gcásanna mar seo casta. Níl mé cinnte ach measaim go raibh údarás na hÉigipte ag maíomh gurb saoránach dá chuid é. Cuireann sin dris chosáin dleathach roimh taidhleoireacht. (Tá suas le cúigear saoránach Gearmánach de bhunadh na Tuirce faoi ghlas sa Tuirc faoi láthair ainneoin dícheall Rialtas na Gearmáine)

Le linn an fheachtais sin agus go háirithe tar éis an bhreith go raibh siad neamhchiontach bhí go leor atá gránna á rá agus á scaipeadh ar líne acu siúd a bhfuil tuiscint chúng ciníoch acu ar cad is Éireannach ann.

Tuiscint atá mícheart dar liom, agus bunoscionn leis an stair chomh maith.

Tá inimirce ó thíortha éagsúla ag fás gan amhras ó dheireadh an chéid seo chaite. Ach ní raibh an tír seo riamh chomh scoite amach ná chomh íon is a shilfeá ón mbladar acu.

Mar sin féin, ag féachaint ar an méid atá ag tarlú ar fud na hEorpa, ní mór a rá gur cúis dlisteanach imní an Ioslam pholaitiúil. Go háirithe an tionchar atá á imirt aige ar sliocht imircigh nach raibh glacadh leo sna pobail ina raibh siad ina saoránaigh.

Ar feadh seal bhí dóchas agam go bhforbródh AKP na Tuirce leagan daonlathach Ioslamach. Faraor faoi Erdogan tá siadsan freisin bogtha i dtreo leagan eisiach éadulangach. Agus maraon le tíortha antoisceacha fearacht an Araib Shádach, tá siad ag gríosadh fuatha i measc ógánaigh a mhothaíonn nach bhfuil glacadh leo sna tíortha a bhfuil saoránacht acu. Is liosta le háireamh na sléachta atá tionscnaithe ag ógánaigh éadóchasacha a tháinig faoi thionchar fuathghríosóirí a theagascann leagan chúng éadulangach Ioslam.

Tá deis agus priacal ag baint le filleadh Ibrahim Halawa (ach a bhfillfidh sé). De bharr an fheachtais, tá a phríobháideachas caillte aige, agus ní dócha gur féidir sin a thabhairt ar ais dó.

Tá ceithre bliana caite i mbraighdeanas aige, agus ní fios cé na tionchar a imríodh air. Is cosúil go raibh easláinte ag cuir as dó.

Tá sé riachtanach go bhfaigheadh sé deis a oideachas, a réabadh de bharr an tréimhse príosúin, a chríochnú. Tá sé riachtanach go bhfaigheadh sé deis ceart imeascadh (níos fearr ná a athair nach dtig leis labhairt le pobal na tíre ach tríd ateangaire!).

Caithfear iarracht coinsiasach a dheánamh Ibrahim Halawa agus ógánaigh mar é a cheangail isteach sa phobal. Tá cearta ag dul le saoránacht. Ach tá dualgais freisin agus is gá féachaint chuge go bhfuil saoránaigh idir nua agus sean ag cloí leis an dlí.

Ní mór dúinn foghlaim as taithí na hEorpa agus bheith airdeallach faoi fórsaí ó laistigh nó lasmuigh atá ag scaipeadh síol an easaontais agus fuatha.

Is féidir iarracht imeasctha a éileamh ar saoránaigh ó chúlra eile agus go deimhin ar inimircigh nach bhfuil saoránacht bainte amach acu, ná fonn orthu sin a dheánamh.

Ach is gá doirse a oscailt freisin.

Deis atá i filleadh Ibrahim Halawa le léiriú go ndéanfaidh an stáit cúram de shaoránach atá tar éis fulaingt. Tapaítear é!