Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-26

Shakespeare agus Rotha Mór an Ghrá

Nílim ceanúil ar Shakespeare. Bhí orm staidéir a dheánamh ar Julius Caesar agus The Merchant of Venice ar scoil, maille roinnt dá shoinéid. Sa mhullach ar sin, measaim gur bolscaire i seirbhís na Túdarach a bhí ann, a rinne clúmhilleadh ar an Rí dlisteanach de réir gnás na Gaeil, Mac an Bheatha, i measc daoine eile.

Mar sin féin níl gar ar bith a shéanadh gur fhág sé lorg ar an mbéarla, atá breac le nathanna a mhúnlaigh sé. Tá seanjóc ann faoi seanbhean a bheith ag clamhsán nach raibh i Hamlet ach tagairtí.

Ag eascair as plé ar an ábhar le hAmy Tober ar Twitter, chuir mé fios ón leabharlann ar aistriúchán Muiris Sionóid ar na soinéid. Leabhar i bhfad níos toirtiúla a bhí ann ná mar a shíl mé.

Seachas díreach an rud a fuair sé roimhe a aistriú, is amhlaidh go bhfuil grinn staidéir déanta aige ar na dánta, agus iad curtha in ord nua, a insíonn roinnt scéalta dar leis.

Tá a chuir chuige molta go mór i réamhrá ag Máire Mhac an tSaoi.

Chloígh sé go dlúth leis an meadaracht peintiméadar iambach. D'fhág sin go raibh ar a fhoclóir a ransú, leaganacha liteartha nó canúnacha a tharraingt chuige féin, agus scaití béim neamhghnách a chuir in iúl le líne faoi siolla. Ar ndóigh bhain Shakespeare feidhm as gutaí fada chun na críche céanna.

Tá nóta mínithe, an chéad líne Béarla agus gluais le gach dán.

Chuir sé crobhaing de na dánta is cáiliúla i gcaibidil ar leith, roimh díriú isteach ar an rannú atá ceaptha aige leis na scéalta grá agus cairdeas a léiriú.

Ón leabharlann a fuair mé an leabhar. Admhaím nár léigh mé ó thús deireadh é. Tá idir foclóir agus filíocht dúshlánach, agus dáiríre seo an cineál leabhar atá ceaptha bheith ar leabhragán, a tharraingeofá chughat anois is arís d'fhonn dán nó dhó a bhlaiseadh.

Is cinnte gur scoláireacht fiúntach atá ann, agus aclú agus fairsingiú intleachta agus teangan.

Rotha Mór an Ghrá
Muiris Sionóid 2006
ISBN 0953765199

Soinéid Shakespeare.