Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-11-24

Tae

San eagrán is déanaí de Chluasraon bhí Natalia ag trácht ar thae, agus an réimse leathan deochanna te a chuimsíonn sin di.

Agus mise a fás aníos b'annamh fáil ar rud ar bith seachas tae dubh, málaí nó duilleoga. Lyons nó Barry's. Is cuimhin liom mo mháthair ag ól tae duilleoga sú craobh, ach bhí sé deacair teacht air.

Nuair a chuaigh mé chun na Gearmáine i dtosach, agus go deimhin fad a bhí mé ann, bhíodh málaí tae Lyons á bhreith anall agam liom. Tá cara liom atá ann le breis is scór bliain fós á dhéanamh, seachas gur do Barry's atá sé siúd dílis.

Níor tháinig mé ar tae thall a bhí blasta le bainne ann, cé go dtagann Ostfriesisentee gar dó.

Ach tá saibhreas tae thall, idir dubh, glas agus luibheanna agus siopaí ar a dtugtar Teeladen orthu fairsing ar teampaill tae iad.

D'ól mé go leor tae dubh gan rud ar bith a chuir leis. (D'éirigh mé as siúcra i mo chuid tae Carghas éigin is mé sna fichidí, níor ól le siúcra tae ná caife ó shin).

Tae dubh le seasmain abair. Táim fós ceanúil ar Earl Grey, tae dubh le hola beirgeamat abair, a bhfuil fáil éasca air abhus.

Bhíodh an samhraidh te thall, agus bhí faoiseamh le fáil ó tae luibheanna, fiú agus é te.

Bhíodh cumaisc iontacha de tae na sceiche rua le fáil, le lusanna agus seacláid fiú. Tá rooibos sách leadránach ann féin ach go maith i gcoinne tart. Ní thuigim áfach an nós abhus bainne (fiú bainne cnó) a chuir ann.

Is maith liom tae torthaí, mórgóir ach go háirithe, nuair atá slaghdán orm. Agus tá tae cearbhas gránna le n-ól ach ana mhaith do ghoile corraithe.

Tá réimse níos leithne tae sna hollmhargaí anois, agus siopa tae nó dhó sa chathair a fhágann rogha deas tae abhus, cé nach bhfuil sé inchurtha fós le Teeläden na Gearmáine.

Tae le tae....

Q

Danny Brown a chuir an t-úrscéal spéisiúil seo faoi mo bhráid. Scríobh cnuasach údar iodálacha ainm chleite Luther Blissett é. Wu Ming (gan ainm) a thugann na comhúdair orthu féin anois agus is óna suíomh a fuair mé leagan PDF béarla, leagan a bhí sách soléite ar Kindle.

Úrscéal stairiúil atá i gceist, ó ré an corraíl san Eoraip de bharr an athrú creideamh.

Tá beirt i gceist, reacaire céad pearsan atá ina mhac léinn i Wittenberg Luther, spreagtha ag an saoirse nua a fheiceann sé de bharr an creideamh nua. Déantar ceannairceach agus trodaí de diaidh ar ndiaidh, in Éirí Amach na Scológ i dtosach, agus ansin sna gluaiseachtaí athbhaistíocha. Ainrialaí foréigneach.

Tríd litreacha a chuirtear an pearsa eile in iúl. Gníomhaire rúnda de chuid cairdinéal sa Róimh, ag brú na gluaiseachtaí nua trí bhreabaireacht agus tionchar a imirt san treo is fearr a fheileann don streachailt polaitíochta idir Impire, Rí na Fraince, agus an Eaglais Rómhánach.

Q (ó  Cóheilit an bhíobla) a ainm cleite siúd a thug teideal an úrscéil.

Scéal eachtraíochta den scoth atá ann, fite fuaite le stair agus go leor pearsana stairiúla ann. An dá phearsa an ghar do gluaiseacht na staire, iad i gcomhluadar na pearsain a raibh tionchar acu.

Boladh na mire agus na fola a scuab an Eoraip ar na leathanaigh, na cogaí is na cúistiúin. Polaitíocht agus airgead, cumhacht na baincéireachta.

Ní mór dom a rá go raibh sé níos fusa dom Q a thuiscint seachas an fear eile a thug a ghrá do saoirse don pobal bheith sáite in dúnmharú agus ár.

Ach is dócha go bhfuilim ró ghéilliúil d'údarás le ainriail a thuiscint.

Léamh den scoth, agus go leor ábhar machnaimh i ré corraitheach eile.

2017-11-20

Coinneal in aghaidh deamhain an aineolais

Léigh mé leabhair le Carl Sagan le déanaí,  The demon haunted world - science as a candle in the dark.

Duine é Sagan a raibh sé de bhua aige smaointe eolaíochta a roinnt leis an ghnáth phobail. Scríobh sé an leabhar seo sna 1990í  toisc go m'bhfacthas dó go raibh bréag eolaíocht agus teoiricí comhcheilge ag fáil seilbh ar mheoin an phobail, agus go raibh litearthacht eolaíochta ag trá, agus aineolas, imní agus piseogacht ag scaipeadh.

Sin imní atá orm féin. Ar ndóigh is ábharaí ab ea Sagan agus is creidmheach mé féin. Mar sin féin (rud a aithníonn Sagan sa leabhar) is buanchuid den smaointeoireacht Chaitliceach gur féidir an réasún a úsáid chun tuiscint a fháil ar an Chruinne, gur cruthaitheacht Dia a fheidhmíonn de réir réasún atá ann.

Níl, mar sin, aon choimhlint buan idir mo chreideamh agus eolaíocht (cé gur líonmhar na hachrainn idir pearsain san dá réimse - polaitíocht agus míthuiscintí a mbunús go hiondúil).

Pléann go leor den leabhair le scéalta daoine a chreideann go ndearna eachtardhomhandaigh iad a fhuadach. Léiríonn Sagan an dóigh go mbíonn tionchar ag cultúr coiteann ar na sonraí a tuairiscítear thar am. Na gnéithe atá comhthreomhar le scéalta faoi deamhain agus sióga ag fuadach daoine. An baol atá ann (i gcásanna mí úsáid agus 'cuimhní folaithe' freisin) go mbeadh tionchar ag síceolaí ar an méid a shíleann an duine gur cuimhin leis. Go bhfuil sé suntasach go mbíonn an fáthmheas ar an gcúis le hanró anama ag teacht beagnach i gcónaí le réimse spéise an teiripeora, pé acu ionsaí mígheanasach nó eachtardhomhandach atá i gceist. Agus go bhfuil sé cruthaithe i gcásanna ar leith gur chuir an teiripeoir síol na smaointe i ngan fhios dó féin.

Uirlis thábhachtach intinne is ea amhras an eolaí.

Cúis imní easpa oiliúna ann agus scaipeadh piseoga. Tá an saol ag braith ar theicneolaíocht agus tuiscintí eolaíochta. Tá sé baolach mura bhfuil tuiscint forleathan ann ar a mbunús chun go mbeadh ar ár gcumas i ndaonlathas breith stuama a dheánamh chun ár leasa.

Meabhraítear sliocht i Screwtape Letters Lewis dom ina ndeir Screwtape gurb é sprioc reatha na ndeamhan ná ábharachas lámh ar lámh le creideamh misteach i bhfórsaí a scaipeadh - asarlaithe ábharaíocha a ghineadh.

Tá a leithéid ann.

2017-11-18

Cnocadóirí cois chósta Ceredigion

Coire mara! Bhí an cuar á scaipeadh
ar an ngaoth go barr na haille.
An Brú i dTresaith
Ar an deireadh seachtaine fhada ag deireadh Mí Deireadh Fómhair thug fiche éigin ball de na Cnocadóirí aghaidh ar an mBreatain Bheag. Thaisteal muid ar an mbád Farantóireachta ó Ros Láir go hAbergwaun (Fishguard) tráthnóna Aoine.

Bhí bus áitiúil ag fanacht chun muid a thabhairt ag ár gceanncheathrú don deireadh seachtaine - Brú i Tresaith.
 
Bhí an brú agus na hárasáin saoire fúinn féin rud a d'fhág muid ar ár gcompord. Baile beag turasóireachta cois cósta is ea Tresaith agus é ciúin go maith ag deireadh an séasúir; ach bhí teach tábhairne ann - an Ship Inn. (Ainm thar a bheith coitianta ar thábhairne sa Bhreatain Bhig is cosúil).

Ar an Satharn thug an bus muid chuig New Quay agus shiúil muid ar ais cois cósta go Tresaith. Cuid de chonair cósta Ceredigion atá i gceist - tá cuir síos ar anseo: Bhí 19km i gceist leis an siúlóid a rinne muid: ach bhí go leor dreapadh suas is síos i gceist - bhí 1000 m ina iomláine dreaptha againn roimh deireadh lae agus muid tuirseach dá réir! 

Bhí dúshláin áirithe ann do ghrúpa mór - bhí an cosáin ana chaol agus casta; rud a d'fhág daoine ag súil duine ar dhuine nó ina mbeirteanna agus é éasca radharc a chailleadh ar daoine eile sa ghrúpa mar go raibh an cosán ag casadh agus ag titim is éirí. Bhí na háiteanna go bhfeadfadh an grúpa bailiú agus teacht le chéile arís sách fada óna chéile. 

Coinníonn saorálaithe ana chuí ar an gcosán, cé go raibh sé ina phuiteach scaití, agus tá droichid agus geataí ann go minic, agus ar an mórgóir fógraí thar a bheith soiléire, agus na logainmneacha áitiúla orthu.

Bhí an aimsir tirim gan a bheith te, an-oiriúnach chun siúl.  Ach bhí muid tuirseach go maith ag deireadh lae. Ba dheas cith, agus ba dheise pionta leanna san Ship Inn. Bhí an ghrúpa ró mhór chun béile a fháil san tábhairne ag deireadh an séasúir, ach bhí roinnt daoine cróga a réitigh béile dúinn ón mbia a bhí orduithe ó siopa áitiúil ag ár treoraí agus maistrí ceathrúin - Sean Ó Fearghail agus a bhean Gwyn. Bhí lasagní le téamh (le agus gan feoil) agus rinneadh lear mór sailéid agus prátaí agus glasraí. Bhíomar subhach sách sásta! Óladh cúpla deoch ina dhiaidh ....

Aneas a shúil muid ar an Domhnach - ó Gwbert thar Mwnt agus Aberporth go Tresaith. 15.2 km agus dreapadh de 540 m i gceist; rud beag níos éasca ná an Satharn. Bhí an lá thar a bheith gaofar áfach!

Bhí béile an tráthnóna socruithe in Aberporth (i Ship Inn eile) agus thug bus ann agus ar ais muid.

Bhí an bád farantóireachta abhaile sách luath ar an Luain, mar sin ní raibh am againn aon siúlóid eile a dhéanamh: chuir muid cuí ar an mbrú agus bhuail bóthair ar an mbus.

Taobh tíre sceirdiúil atá ann, agus radharcanna iontacha mara agus tíre fán gcósta. Chonaiceamar roinnt deilf agus seabhaic. Ar na cosáin féin bhí ana shuaimhneas agus ciúnas - ach ba léir ó na páirceanna móra carbháin a bhí thart ar gach baile ag trá gur áit mór turasóireachta atá i gceist. Shamhlóinn go mbeadh sé ana phlódaithe san samhraidh. 

Bhí mórchuid na fógraí bóithre i mBreatnais amháin, agus bhí Breatnais ag lucht an bhus (tá roinnt ag Seán). Níor chuala mé féin á labhairt í seachas sin - ach measaim gur turasóirí formhór na ndaoine a chonaic is a chuala mé!

Turas gairid taitneamhach deá eagraithe i ndeá chomhluadar. Mo bhuíochas arís le Seán agus Gwyn a rinne éachtaí eagraithe!

Ceann den iliomad droichead deá chóirithei
Radharc ar an gcósta

Trá Tresaith



Eas Tresaith

Sos gairid i Mwnt

LEABHARLANN NA bhFUAIMEANNA CAILLTE NÓ IAD AG DUL I LÉIG

DÉ SATHAIRN 2 NOLLAIG
3.00 in
Amharclann Cúirt an Phaoraigh
Urlár bairr, Tí cathrach Cúirt an Phaoraigh
Sráid Liam Theas, BÁC 2
Cead isteach: €10
Áirithintí: https://www.eventbrite.ie/e/leabharlann-na-bhfuaimeanna-cailltethe-library-of-lost-sounds-tickets-39868470669?aff=erellivmlt

Cleatar sean-chlóscríobháin láimhe;cnagarnach statach agus teilifíseán á dhúiseacht; bús gutháin á dhiailiú; daoine ag feadaíl; barr buidéil alúmanaim ag cnagaireacht; crónán ón bhflóta bainne - níl ansin ach cuid de na fuaimeanna atá ag dul i léig. Sa tionscadal léifidh ceathrar filí - Marcus MacConghail, Doireann Ní Ghríofa, Proinsias Mac A' Bhaird agus Máire Dinny Wren dánta nua mar gheall ar fhuaimeanna nach gcloistear níos mó agus cloisfear fuaimrian ón gceoltóir agus dealbhóir fuaime Fergus Kelly.