Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-12-18

Tintin sa Tibéid

Tá dhá leabhair curtha leis an sraith Tintin i nGaeilge ag Dalen Éireann -
An tOileán Dubh agus Tintin sa Tibéid

Bhain mé agus m'iníon an sult as na leabhair Asterix agus Tintin a foilsíodh cúpla bliain ó shin, agus cheannaigh mé Tintin sa Tibéid di.

Tá cáil le fada ar leabhair Hergé agus éiríonn go hiontach le Gabriel Rosenstock an ghreann agus an imeartas focail a thabhairt leis, sruthanna mallachtaí chomrádaí Tintin, an Captaen Haileabó san áireamh.

Scéal eachtraíochta faoi cara óg Síneach le Tintin atá ar iarraidh i sléibhte na Tibéide tar éis timpiste atá ann, agus téann Tintin i ngleic le dúshlán na sléibhte is na haimsire chun teacht i dtarrtháil air. Leis an arracht sneachta fiú!

Pléisiúr ann d'óg agus aosta, toisc go n-oibríonn an ghreann ar chúpla leibhéal.

Tá an obair á dhéanamh ag Dalen, agus cloisim go bhfuil roinnt imleabhar Asterix beagnach réidh!

2017-12-16

Tost agus Allagar

Is fada spéis agam i bhfilíocht Ailbhe Ní Ghearbhuigh ach ar chúis amháin nó cúis eile ní raibh aon chnuasach léi agam. (Tá sí le clos ag reic a dánta ar lyrikline, agus chuala beo ag cúpla ócáid de chuid IMRAM í)

Pé scéal é, tamall siar cheannaigh mé an cnuasach 'Tost agus Allagar' mar féirín dom féin.

Teanga agus cumarsáid an téama tríd síos, cumarsáid sa chiall is leithne.

Tá áilleacht, oscailt do chultúir na cruinne, agus lón marana sna dánta.

Dán áirithe léiríonn an cumarsáid gan focail idir deirfiúracha.

Dánta eile faoi teangacha drumaí na dufaire nó feadaíl lucht sléibhe; teangacha atá imithe i léig ó shin.

Táim sásta le m'fhéirín!

2017-12-14

Nnedi Okorafor

Nasc a scaip Neil Gaiman d'alt a spreag mo shuim i Nnedi Okorafor. Bhí a scríobhnóireacht samhlaíoch molta san alt aige agus ag Ursula le Guin, beirt a bhfuil ana mheas ar a shaothar agam.
Scríobh mé anseo cheana faoi Binti, an chéad leabhar a léigh mé. A bhuí le córas iontach na leabharlanna, tá an dara imleabhar léite freisin agam (agus an tríú réamh cheannaithe don Kindle). Tá trí leabhar eile léite freisin agam.
I Lagoon tagann eachtardhomhandaigh go farraigí Nairobi ag cuir corr suntasach i saol na tíre sin; corr a fheicimid tríd súile triúr a thugann na eachtardhomhandaigh le chéile d'fhonn idirghabháil a dheánamh dóibh.
Baineann The Book of Phoenix le todhchaí ina bhfuil comhlacht príobháideach i mbun innealtóireacht ar dhaoine, ag cruthú neacha le hollchumhachtaí. Is bean de bhunadh na hAfraice í Phoenix, níl sí saolaithe ach dhá bhliain ach de bharr an t-innealtóireacht uirthi tá cuma daichead bliain uirthi. Déanann sí, agus roinnt eile do na neacha atá curtha as a riocht muirthéacht. Tá go leor breise sa scéal ach tá drogall orm é a mhilleadh!
Úrscéal cumhachtach pianmhar is ea Who fears death? Ewu (baolach i Yoruba) í laoch an scéal, Onyesonwu (igbo ar 'cé air a bhfuil eagla roimh an bás?').  Gineadh í nuair a éignigh fear Nuru (Arabach) a máthair Okeke (Afracach). I domhain iar apacailipteach tá creideamh ann gurb iad na hOkeke atá ciontach as, agus gur dual do na Nuru sclábhaithe a dheánamh daoibh. Tá col agus eagla roimh Ewu fearacht Onyesonwu. Diaidh ar ndiaidh tuigeann sí gur asarlaí í, cumhacht aici a cruth a athrú. Tugann sí aghaidh ar a hathair chun an sean reacht a scrios agus a gceart a bhaint amach do Okeke.
Tá na scéalta ar fad báite i mbéaloideas agus creidimh na hAfraice. Pléitear caidreamh idir ciníocha, idir baill teaghlaigh, miangas na mban is na bhfear, foréigean agus fuath. Tá gearradh baill ghiniúna bainteach le scéal Onyesonwu.
Fearacht an damháin alla agus na hasarlaithe fáisceann Nnedi Okorafor as pian agus fuinneamh an tsaoil as fíonn scéal láidir ar lón machnamh é.
Is cosúil go raibh a dhá oiread scríofa aici faoi Onyesonwu, scéal a d'eascair as bás a hathair féin agus freisin as léamh faoi éigniú mná Afracacha ag Janjaweed an Súdáin, iarracht comhfhiosach pobail a scriosadh. Rinne sí dian eagarthóireacht ar an scéal chun é a laghdú go toirt leabhar amháin. Ar an mórgóir d'éirigh léi- ach is dóigh liom go raibh deireadh agus buaic an scéil ró thobann dá bharr.
Tá sraith eile leabhar scríofa aici nach bhfuil teacht agam orthu tríd na leabharlanna - Akata Witch agus Akata Warrior. Asarlaíocht agus bean óg de dhúchas na Nigéire a rugadh i Meiriceá ach a d'fhill. Í ina hailbíneach agus mar sin imeallaithe faoi dhó.
De bhunadh Igbo í Nnedi Okorafor féin, agus í tógtha i Meiriceá ach ag filleadh go minic ar fód a sinsir. Naijamerican an cuir síos aici uirthi féin. Fágann sin tuiscint ar an Afraic agus deighilt a thugann deis di é úsáid mar ábhar scéalaíochta aici. Bhí sí ag díriú ar saol aclaíochta go dtí gur chuir scolóis corr ina chinniúint.
Tá samhlaíocht agus spreagadh sna scéalta, léargas neamhghnách i bhficsean eolaíochta agus fantaisíochta. Ábhar machnaimh freisin gan a bheith ag seanmóireacht. Mná láidre a laochra, gan a bheith foirfe - iontach daonna.
Beidh mé ar thóir tuilleadh!

Aguisín, 2018-01-21

Cheannaigh mé an tríú leabhair Binti - The Night Maskerade le teann mífoighne. Cheannaigh mé é sular foilsíodh é ach seoladh chuig mo Kindle i rith na seachtaine é. Tá sé níos faide agus níos cumhachtaí arís ná an dá imleabhar eile, agus an cuma air gur tubaiste atá i ndán do Bhinti agus a cairde - cairde atá scaipthe thar cine éagsúla agus pobail éagsúla daonna anseo.

Tá lón marana iontach ann san dóigh a théann sí i ngleic leis an tubaiste; go síochánta, ag iarraidh a gairm mar "harmoniser" - réiteoir a chuir i gcrích.

Níl sé éasca mórán a rá gan an scéal a mhilleadh - ach a rá go bhfuil casadh agus corr iontacha ann don léitheoir.

Anois caithfidh mé teacht ar Akata Witch agus Akata Warrior - ar chúis nach dtuigim níl ceachtar ar fáil sa leabharlann ná don Kindle.

2017-12-13

Amhrán Eibhreach


Bhrostaigh mé trasna lár na cathrach aréir ó seoladh Táin Bhó Cuailgne Leabhar Breac (scéal do mhír eile, nuair atá an leabhar léite agam) go dtí an IFI chun Song of Granite, scannán beathaisnéise Pat Collins ar Joe Éinniú a fheiceáil.

Theastaigh uaim é fheiceáil in ionad a dhiongbhála seachas fanacht ar an léiriú amach anseo ar TG4. Bhí tuairim agam (bunaithe i measc rudaí eile ar an scannán Silence) go mbeadh eachtra ar leith romham ós comhair scáileán airgead - agus bhí an ceart agam.

Scannán dubh agus bán ar leith; agus draíocht éigin á imirt le go mbeadh na carachtar géar soiléir agus an cúlra doiléir, mar a bheadh as fócas scaití. Ligtear do na hamhráin, seanchas agus na híomhánna an scéal a insint, agus is minic tost sa scannán - is fíor bheagán dialóg atá ann.

Muirníonn an cheamara tírdhreach agus muirdhreach Chonamara as ar fáisceadh Joe; feicimid Joe óg cúthail (Colm Seoighe) ag siúl agus ag tabhairt faoi deara, ag éisteacht go hairdeallach le hamhráin agus scéalta a mhuintir; agus an ómós a léiríonn lucht scoile agus cnuasach béaloideas dóibh.

Feicimid Joe ina fhear fásta (Micheál Ó Confhaola), aonarán corr i nGlaschú agus i Meiriceá; spleách ar postanna suaracha ainneoin a cháil mar fonnadóir. Léirítear a chaidreamh casta lena bhean agus an chlann a bhronn sí air i mbeagán radharc gan focal; feictear an streachailt idir grá agus mianach an fhánaí - a fuair an lámh in uachtar.

Radharc amháin a fhanfaidh liom ach go háirithe measaim; Joe ina gíománach ar bhloc árasán; ag seasamh ag an ndoras ina éide péacach móide láimhíní bána. Baineann de an láimhín is muirníonn ursain eibhreach an doras; ag dul soir ina smaointe chuig an mórchuid cloch agus gannchuid chré as ar eascair sé.

Is pearsa iontu féin carraigeacha Chonamara san insint seo.

Chímíd Joe ag druidim le deireadh saoil (Macdara Ó Fatharta), tnúthán an dúchais dá ghairm abhaile ainneoin aitheantas ó lucht acadúil i Meiriceá agus aos léinn ag sú a cheoil uaidh; é féin i ngalar na gcás mar go n-éilíonn siad maoithneachas na mbailéad Béarla atá bunoscionn leis na hamhráin atá gar dá chroí.

Idir eatarthu giotaí scannán faisnéise de Joe Heaney féin, é faoi agallamh ag Proinsias Mac Aonghusa nó ar stáitse. Eadarlúid cumhach ina chloistear glór a mhic tréigthe, nó gaol lena bhean tar éis a bhás ag tathant air tríd Liam Clancy filleadh abhaile.

Clabhsúr chumhachtach an scannán radharc samhlaithe fileata, sean Joe agus Joe óg ar dhá thaobh abhainn ag allagar faoi ghaois agus filíocht;

Duine casta, corr, uaigneach ach fial leis an saibhreas ceoil a bhí aige, a fáisceadh as seanchas ársa agus tírdhreach sceirdiúil.

Guth Eoghan Mhic Giolla Bhríde sa chúlra scaití ag reic ón seanchas céanna as ar fáisceadh foinn Joe.

Seod ealaíona. Má tá ag deis agaibh, tapaigh é - ar scáileán mór más féidir in aon chor.

(Agus tá fios curtha anois agam ar bheathaisnéis Liam Mhic Con Iomaire air)

Seoladh leabhair agus léamh sa Siopa Leabhair

BEIDH SEOLADH LEABHAIR LE hAGHAIDH DUAN NA NOLLAG (Charles Dickens aistrithe ag Pádraig Ó Duinnín agus cóirithe ag Maitiú Ó Coimín) @ 6.30 pm SA SIOPA, AGUS AN LÉAMH 'OBAIR IDIR LÁMHA' @ 7.45 pm


Dé Céadaoin 13 Nollaig 7.45pm
An Siopa Leabhar
6 Sráid Fhearchair, BÁC 2
Saorchead isteach

OBAIR IDIR LÁMHA



Anocht beidh triúr scríbhneoirí ag léamh as saothar atá idir lámha acu. Scríbhneoir scripte le Ros na Rún, file agus craoltóir é Cathal Póirtéir a léifidh as úrscéal uaidh, Toil an Tiarna. Suite i nDún na nGall le linn an Ghorta Mhóir, insíonn sé faoin gcoimhlint ghéar a tharla idir tiarna talún Protastúnach agus sagart Caitliceach agus iad ar aon ag iarraidh a bheith i gceannas ar phobal beag. Bhí an-ráchairt ar Céard É English le Lorcán S. Ó Treasaigh agus thaitin sé leis na léirmheastóirí chomh maith leis an ngnáthphobal. Baineann an saothar is déanaí leis Cnoc na Lobhar le seanduine atá ag iarraidh cuimhneamh siar ar shnáitheanna casta a shaoil. Léifidh Réaltán Ní Leannáin as Josefina a leanann scéal mná óige as Málta ón ár i nGallipoli go dtí Trioblóidí na bhFichidí i mBéal Feirste cois cuain.

2017-12-12

An Bhean Istigh

Tá ríomhaithne na mblianta agam, mar chomhbhlagadóir,  ar Áine Durkin. Go deimhin casadh ar a chéile muid cúpla babhta agus Áine abhus san ardchathair. Bhí cuir amach éigin agam uirthi mar fhile, mar gur fhoilsigh sí corr dréacht ar an mblag. Bhí fhios agam freisin baint a bheith aici le cúirt filíochta an oireachtais.

D'fhulaing a muintir roinnt tragóid phoiblí, bás a deirfiúr faoi chúinsí nár soiléiríodh riamh agus í ar dhualgas le arm Mheiriceá san Afganastáin.

Tá taithí fhada sna dánta seo a cnuasaíodh thar scór bliain.

Dánta teaghlaigh, caidrimh, ceana.

Feictear dom gur leor dó féin an sonas, agus gur minice a éadromaíonn croí faoi bhuairt é féin i ndán.

Tá scáil an bhróin, ach freisin an teacht aniar as ar na dánta seo. Ach ní dánta gruama éadóchasach iad. Tá splanc an dóchais is an grá iontu; an anam daonna neartaithe agus maisithe, mar a bheadh ealaín Kintsugi na Seapáine, soitheach briste deisithe le hór.

Tá féin chíoradh agus iniúchadh an scríbhneora le fáil iontu freisin; mórtas agus grá  máthar, deirféar, iníne, gariníne, cara.

Bhí aithne freisin agam ar Nuala Nic Con Iomaire, suaimhneas síoraí uirthi: tugann marbhnaí Áine chun beatha arís í.

Goltraí agus geantraí, grá agus gruaim, gontacht agus greann.

Gura fada buan Áine!

Mise Áine: An Bhean Istigh
Cló Iar Chonnacht

2017-12-11

Intleacht shaorga agus an dara réabhlóid tionsclaíochta

Le tamall anois tá comhrá scaoilte idir Eoin P. Ó Murchú, Tomaí Ó Conghaile agus mé féin faoi intleacht shaorga ar Twitter, muid ag tarraingt aird a chéile ar altanna spéisiúla a thagann muid orthu.

Le déanaí chuir Eoin an alt téagartha seo faoinár mbráid. (Cuid 1, Cuid 2)

Tagaim le go leor den léargas ann. Táim féin i gcampa an amhrais agus imní.

Ní hé an scéal aige faoi IS bradach a dhéanann díothú ar an gcine daonna ar mhaithe le cuir chun cinn a mhisean, eadhon nótaí buíochais foirfe a scríobh is a scaipeadh, atá ag déanamh scime dom.

Dímhorálta, mar a phléitear san alt, atá teicneolaíocht. Ach bíonn baint ag an úsáid a bhaintear as le moráltacht. Agus braitheann an feidhm a bhaintear as ar an dream a bhfuil smacht acu air.

Ainneoin a deirtear san alt faoi theicneolaíocht foinse oscailte a bheith ar fáil do chách, is foirne móra le trealamh chostasach a rinne an dul chun cinn is mó go dtí seo. Agus is iad sonraí eochair na héachtaí ríomhfoghlama. Fágann sin an lámh in uachtar ar na comhlachtaí móra atá i lár an 'chaipitleachais airdill', atá ag cnuasach na sonraí a bhronnann muid orthu ar mhaithe le táirgí atá neadaithe go domhain inár saol. Facebook agus Google.

Comhlachtaí a bhfuil smacht orthu ag líon ana bheag daoine. Meiriceánaigh fireannacha geala don gcuid is mó. Iad go hiondúil an-óg nuair a fuair siad seilbh ar ollshaibhreas. Sceith béil faoi seo go leor comhlachtaí teicneolaíochta maidir le urraim ar mhná agus mionlaigh, nó fiú oibrithe ar scil íseal.

Tá béalghrá faoin daonchairdeas agus liobrálachas coitianta ina measc. Ach liobraíochas an saor mhargadh a n-idéeolaíocht.

Chuimhnigh gur teip Mark Zuckerberg bean a mhealladh, agus fraoch dá bharr a chuir síol an togra as ar eascair Facebook.

Tá amhras orm faoin leagan amach ar dhaonchairdeas atá ag an drong shaibhir seo. Níl aon cheist ann ach go gcuirfidh siad aon táirgí intleacht shaorga i bhfeidhm chun cruinne níos fearr a chruthú, de réir a slat tomhais siúd.

Is féidir go mbeadh feabhas áirithe don gnáthdhuine i gceist. Tá an-leas déanta ag teicneolaíocht na faisnéise san Afraic- fóin soghluaiste ag cabhrú le cúrsaí airgeadais agus trádála.

Mar sin féin tá idé-eolaíocht láidir i Meiriceá go háirithe gur gá srian a chuir ar phobail sa chuid eile den domhain ar mhaithe le saol (ró-chaiteach) an iarthar.

Cinnte tá ocras ar domhan. Ach is mó duine atá i mbaol báis de bharr murtall. Agus is cúiseanna cogaidh is polaitíochta is mó atá ag gorta.

Ainneoin sin tá suimeanna móra á chaitheamh ag daonchairde an Iarthar chun frithghiniúint agus ginmhilleadh a bhrú ar an domhain i mbéal forbartha. Dearcadh coilíneach uasal le híseal.

Faoi láthair fónann sé do olagarcacht an Iarthar lucht saothair saor a bheith sna tíortha seo ar féidir teacht i dtír orthu le táirgí saora a chuir ar fáil do íseal aicme an Iarthar.

Ach de réir mar a thagann forbairt ar intleacht shaorga agus innil uathoibríoch beidh níos lú gá le seirbhísí daonna thiar, agus mar sin le déantúsaíocht daonna thoir.

Lean go leor fulaingt daonna an réabhlóid tionsclaíochta abhus.

Cad atá i ndán dúinn sa réabhlóid nua tionsclaíochta? Tá na hollchomhlachtaí níos láidre ná go leor stáit, agus a gcuid maoine á úsáid chun meon an phobail a chúbadh ar mhaithe leo féin.

Tá amhras agus imní orm!

2017-12-05

Ceiliúradh ar Conaire Mór

Ó ghlac Caitlín Nic Íomhair freagracht as an siopa leabhair, tá an spás níos gile agus níos eagraithe. Tá na leabhair eagraithe agus comharthaí soiléire ar na seilfeanna. Agus tá spás cluthar cruthaithe d'imeachtaí litríochta agus ealaíona.

Le déanaí bhí mé ag mion cheolchoirm de chuid IMLÉ ann.

Bhí mé ann arís aréir ag ócáid thar a bheith taitneamhach, agus an duaisleabhar Conaire Mór á sheoladh. Fuair mé féin an leabhar te bruite ó na clódóirí, agus tá mo léirmheas anseo.

Aréir is é Seosamh Ó Murchú, file bisiúil é féin a chuir an leabhar inár láthair, i bpíosa breá cainte ag tarraingt as an leabhar. Thug sé samhail thar a bheith spéisiúil don saothar atá cruthaithe ag Diarmuid Johnson, i. Siansa ceoil agus go leor ornáidíocht ann.

Léirigh Diarmuid Johnson féin, le tionlacan Bríd Harper ar an fidil, oiriúnacht an tsamhail tríd sleachta a léamh as an leabhar go drámatúil. Tháinig guth, insint agus ceol le chéile go paiteanta.

Go deimhin (ar an gcaolseans go bhfuil Alan Esslemont á léamh seo) tá mianach dráma físiúil in athinsint ealaíonta Dhiarmuid ar scéal atá ceilte le fada ar an té, fearacht mise, nach bhfuil sean Ghaeilge aige.

Is dócha áfach go mba ghá an Cartoon Saloon a chuir i mbun oibre chun na carachtar a thabhairt chun beatha...

Seod deartha an leabhar, mar a bhíonn muid ag dréim leis ó Leabhar Breac. Tá leagan Darach Ó Scolaí den Táin ar tí a fhoilsithe, agus cloisim go bhfuil leabhar eile ar na bacáin ag Diarmuid leo.

Bail ó Dhia ar an obair mo ghuí ar Dhiarmuid, ar Dharach agus ar Chaitlín! Gura fada buan iad.