Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-12-14

Nnedi Okorafor

Nasc a scaip Neil Gaiman d'alt a spreag mo shuim i Nnedi Okorafor. Bhí a scríobhnóireacht samhlaíoch molta san alt aige agus ag Ursula le Guin, beirt a bhfuil ana mheas ar a shaothar agam.
Scríobh mé anseo cheana faoi Binti, an chéad leabhar a léigh mé. A bhuí le córas iontach na leabharlanna, tá an dara imleabhar léite freisin agam (agus an tríú réamh cheannaithe don Kindle). Tá trí leabhar eile léite freisin agam.
I Lagoon tagann eachtardhomhandaigh go farraigí Nairobi ag cuir corr suntasach i saol na tíre sin; corr a fheicimid tríd súile triúr a thugann na eachtardhomhandaigh le chéile d'fhonn idirghabháil a dheánamh dóibh.
Baineann The Book of Phoenix le todhchaí ina bhfuil comhlacht príobháideach i mbun innealtóireacht ar dhaoine, ag cruthú neacha le hollchumhachtaí. Is bean de bhunadh na hAfraice í Phoenix, níl sí saolaithe ach dhá bhliain ach de bharr an t-innealtóireacht uirthi tá cuma daichead bliain uirthi. Déanann sí, agus roinnt eile do na neacha atá curtha as a riocht muirthéacht. Tá go leor breise sa scéal ach tá drogall orm é a mhilleadh!
Úrscéal cumhachtach pianmhar is ea Who fears death? Ewu (baolach i Yoruba) í laoch an scéal, Onyesonwu (igbo ar 'cé air a bhfuil eagla roimh an bás?').  Gineadh í nuair a éignigh fear Nuru (Arabach) a máthair Okeke (Afracach). I domhain iar apacailipteach tá creideamh ann gurb iad na hOkeke atá ciontach as, agus gur dual do na Nuru sclábhaithe a dheánamh daoibh. Tá col agus eagla roimh Ewu fearacht Onyesonwu. Diaidh ar ndiaidh tuigeann sí gur asarlaí í, cumhacht aici a cruth a athrú. Tugann sí aghaidh ar a hathair chun an sean reacht a scrios agus a gceart a bhaint amach do Okeke.
Tá na scéalta ar fad báite i mbéaloideas agus creidimh na hAfraice. Pléitear caidreamh idir ciníocha, idir baill teaghlaigh, miangas na mban is na bhfear, foréigean agus fuath. Tá gearradh baill ghiniúna bainteach le scéal Onyesonwu.
Fearacht an damháin alla agus na hasarlaithe fáisceann Nnedi Okorafor as pian agus fuinneamh an tsaoil as fíonn scéal láidir ar lón machnamh é.
Is cosúil go raibh a dhá oiread scríofa aici faoi Onyesonwu, scéal a d'eascair as bás a hathair féin agus freisin as léamh faoi éigniú mná Afracacha ag Janjaweed an Súdáin, iarracht comhfhiosach pobail a scriosadh. Rinne sí dian eagarthóireacht ar an scéal chun é a laghdú go toirt leabhar amháin. Ar an mórgóir d'éirigh léi- ach is dóigh liom go raibh deireadh agus buaic an scéil ró thobann dá bharr.
Tá sraith eile leabhar scríofa aici nach bhfuil teacht agam orthu tríd na leabharlanna - Akata Witch agus Akata Warrior. Asarlaíocht agus bean óg de dhúchas na Nigéire a rugadh i Meiriceá ach a d'fhill. Í ina hailbíneach agus mar sin imeallaithe faoi dhó.
De bhunadh Igbo í Nnedi Okorafor féin, agus í tógtha i Meiriceá ach ag filleadh go minic ar fód a sinsir. Naijamerican an cuir síos aici uirthi féin. Fágann sin tuiscint ar an Afraic agus deighilt a thugann deis di é úsáid mar ábhar scéalaíochta aici. Bhí sí ag díriú ar saol aclaíochta go dtí gur chuir scolóis corr ina chinniúint.
Tá samhlaíocht agus spreagadh sna scéalta, léargas neamhghnách i bhficsean eolaíochta agus fantaisíochta. Ábhar machnaimh freisin gan a bheith ag seanmóireacht. Mná láidre a laochra, gan a bheith foirfe - iontach daonna.
Beidh mé ar thóir tuilleadh!

Aguisín, 2018-01-21

Cheannaigh mé an tríú leabhair Binti - The Night Maskerade le teann mífoighne. Cheannaigh mé é sular foilsíodh é ach seoladh chuig mo Kindle i rith na seachtaine é. Tá sé níos faide agus níos cumhachtaí arís ná an dá imleabhar eile, agus an cuma air gur tubaiste atá i ndán do Bhinti agus a cairde - cairde atá scaipthe thar cine éagsúla agus pobail éagsúla daonna anseo.

Tá lón marana iontach ann san dóigh a théann sí i ngleic leis an tubaiste; go síochánta, ag iarraidh a gairm mar "harmoniser" - réiteoir a chuir i gcrích.

Níl sé éasca mórán a rá gan an scéal a mhilleadh - ach a rá go bhfuil casadh agus corr iontacha ann don léitheoir.

Anois caithfidh mé teacht ar Akata Witch agus Akata Warrior - ar chúis nach dtuigim níl ceachtar ar fáil sa leabharlann ná don Kindle.