Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-01-26

Aodh Ó Domhnaill, cloch ar chairn

Ar a bhean Mairéad a chuir mé aithne ar dtús, is í a bhí ina stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar nuair a rugadh mo mhic, agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh. Agus muid fós sa Ghearmáin fuair muid tacaíocht luachmhar uirthi, agus bhí a saothar tábhachtach agus muid fillte.

Ní cuimhin liom go beacht cathain ar chuir mé aithne ar Aodh, ach bhí sé fós ag obair sa Bhanc Ceannais. Bhuailfinn leis scaití ar an DART, agus bhíodh comhrá spéisiúil éirimiúil againn.

Is minic a chonaic mé ar stáitse é, agus níos minice fós chonaic mé saothar dá chuid ar stáitse. Tá tuairiscí ar cuid dá bhfaca mé thall is abhus ar an mblag.

Réimse dochreidte a bhí aige, ó fiodmhagadh sna geamaireachtaí go dáiríreacht. Agus ard ealaín.

Luaigh Micheál Ó Gruagáin Mac a'Stanley, traschruthú Aoidh ar Dreigroschenoper Brecht agus Weill. Bhí mé i láthair aige, saothar ceolmhar láidir athphlandaithe in ithir Gaelach agus faoi bhláth.

1915, claonamharc ar 1916 lán gean agus grinn.

Laredo, Western ar leith.

Biffo Béar,  a chíor cliseadh an Tíogar Cheiltigh.

Agus seoda ceolmhara nach iad a sholáthraigh siamsaíocht agus ábhar machnaimh.

Tá súil agam go mbuanófar iad idir clúdaigh leabhar.

Is tráthúil gur thaifid TG4 agallamh beirte dá chuid ag an Oireachtas anuraidh.

Cuimhneoidh mé i bhfad ar bheocht a aghaidh ar stáitse agus i gcomhrá, ar a ghreann, a ghean, a ghaois.

Déanaim comhbhrón ó chroí lena nuachar Mairéad, a clann agus a chomrádaithe in Aisteoirí Bhulfin.

Chrothnófar é.

Leaba i measc na naoimh aige, agus go bhfaighe Mairéad agus a chlann sólás.