Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-01-23

Colm Breathnach

Prós is mó a léim. Ach tá cnuasach sách mór leabhra filíochta Gaeilge ar mo leabhragáin, agus nuair a bhuaileann an taom mé léim dán nó dhó.

Is minic Colm Breathnach molta ag Caitlín Nic Íomhair ar Twitter,  ach ní raibh aon chuimhne agam ar aon rud dá chuid bheith léite agam. Fuair mé dán dá chuid ar líne An Ghrá a chuir le m'fhiosracht. Mar sin, chuir mé fios ar an gcnuasach Rogha Dánta ón leabharlann.

Rogha as na cnuasaigh atá foilsithe go n-uige seo aige, maille réamhrá le Máirín Nic Eoin. (Seachnaím réamhrá go hiondúil, ach is fiú léargas Mháirín a bhlaiseadh).

Ós rud é gurbh ón leabharlann a fuair mé é, chrom mé ar a léamh ó chlúdach go clúdach. Cuir chuige nach bhfuil inmholta le filíocht dáiríre, agus go deimhin is minic a leag mé uaim an leabhar tar éis dornán dán a léamh d'fhonn póit filíochta a sheachaint.

Tá foclóir shaibhir ag an mBreathnach (a bhí ag plé le téarmaíocht agus aistriúchán go gairmiúil roimh dul ar luathscor chun díriú ar scríobh). Tá an eolas freisin aige ar an litríocht agus tagairtí don Fhiannaíocht agus Rúraíocht (agus gach seans rudaí eile a bhfuil mise dall orthu) sna dánta.

Dánta grá agus gaoil, grá agus achrann athair is mic, grá máthar is mic, grá leannáin, grá áite, grá teangan (dosheachanta d'fhile, file Gaeilge ach go háirithe). Dánta saibhre a spreagann mothúcháin agus machnamh araon.

Tá rún agam b'fhéidir amach anseo cnuasach nó dhó leis a chuir ar mo leabhragáin chun tarraingt astu ar mo chaothúlacht.

Táim buíoch do Chaitlín as é a chuir in aithne dom!