Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-01-31

Tonn Tuile

De bharr alt i Tuairisc le Pól Mac Uistín a chuir mé fios ar an leabhar seo ón leabharlann. Cé gur foilsíodh i 1974 an cóip a fuair mé, ba mhacasamhail eagrán 1947 a bhí i gceist, sa seanchló.

Scéal cliseadh pósadh, mion eachtra buirgéiseach. Bhí an cúlra agus an atmaisféar spéisiúil, áfach. Blianta an dara chogaidh mhór, teaghlaigh a raibh baint ag an nglúin roimhe le gluaiseacht na saoirse, ar thaobh an Chonartha. Reacaire ó na sé contae. Léargas ar na ciorcail gnó agus siamsaíochta aige, i mBaile Átha Cliath, Tír Chonaill agus sa bhaile sa Dún. Comhráití a thugann stair is meoin sóisialta.

Sruth comhfheasa go pointe, dearcadh an reacaire ar a bhfuil ag titim amach agus coimhthíos ag fás idir é agus an bhean a phós sé.

Bhí macallaí ann de úrscéalta Gearmáinise ón ré atá léite agam, Hans Fallada, abair.

Ní saineolaí mé, ach is dóigh liom gur fíor don maíomh san alt gur rud nua a bhí ann tráth a fhoilsithe.

Níl fhios agam áfach an mórán tóir a bheadh ag léitheoirí Gaeilge na linne air.

Tá Caitlín Nic Íomhair ag tathaint orm le fada Máire Nic Artáin leis a léamh. Tá sé ag luí thart gan léamh agam le tamaill. Cuirfear sin ina cheart go luath!