Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-02-12

Imbolc 2018

Gach bliain ag tús an Earraigh ardaíonn mé féin agus cúpla cara liom na seolta chun aghaidh a thabhairt ar Bhaile Bhúirne agus Féile Imbolc. Rinneamar amhlaidh i mbliana, ag fágáil Bhaile Átha Cliatha san iarnóin agus ag tiomáint ó dheas.
Bhíomar rud beag níos moille ag fágáil na cathrach i mbliana ach bhíomar in am do cheolchoirm White Raven san Ionad Cultúrtha. Buanchuid d'fhéile Imbolc ceolchoirm na hAoine agus tosaíonn an allagar sa Mhuileann, áit a rabhamar ag cuir fúinn, ina dhiaidh. Bhí ceol sa Mhuileann freisin agus leann blasta áitiúil. Tá réimse beorach ag an ngrúdlann 9 White Deer (tagairt do naomhsheanchas Gobnait). I mbliana bhlais mé den Leann Dubh agus den Kolsch acu a bhí araon blasta.

Tar éis bricfeasta mór thugamar aghaidh ar na cainteanna- tá súil agam blagáil faoi na cainteanna éagsúla ach a bhfillfidh mé ar an gcrannóg seo tar éis tost an Charghais. Bhí siad ilghnéitheach eolgaiseach agus lón machnamh iontu. Déantar taifeadadh físe ar na cainteanna agus beidh siad le feiceáil ar shuíomh Imbolc amach anseo.

Ach sa bhreis ar na cainteanna bíonn an cuir is cúiteamh, an t-allagar idir chainteoirí agus lucht éisteachta thar tae, um lóin agus istoíche sa Mhuileann. Bíonn béile mhór in éineacht againn sa Mhuileann. Caint gaoiseach leis an bproinn.

Maidin Domhnaigh is nós linn Aifreann a éisteacht i gCúl Aodha agus tionlacan an Cóir cháiliúil ina n-áit dúchais. Taithí ar leith. Féile Ghobnatan a bhí ann inné agus roinn Peadar Ó Ceallaigh a chuid eolais linn ag a tobar agus a reilig.

Mo bhuíochas ó chroí le Bernice agus Tomás as deireadh seachtaine den scoth a chuir ar fáil dúinn arís eile. Gurab fada buan iad, agus Féile Imbolc.