Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-08-28

Saol Daoine Eile

D'éirigh linn, ar deireadh Saol Daoine Eile a fheiceáil. An scannán úd faoi péas rúnda na Gearmáine Thoir. In amharclann an Mermaid a chonaic muid é, agus an áit lán go doras. (Bhí ceannaire gníomhach an lucht oibre ann. N'fheadar cad a cheap sise faoi na sáiteáin faoi shóisialaigh san scannán...)

Thaitin an scannán go mór linn araon. Bhí na carachtair uilig inchreidte. Seanscéal an fhir cumhachtaigh a santaíonn bean fir atá faoina smacht. An t-ealaíontóir atá dall ar an saol toisc go bhfuil sé mar ghrian ina chóras fithis fhéin. An fear ionraic a chreideann gur leas an phobail atá á dhéanamh aige, agus é gan trócaire dá bharr. Go dtí go gcreimtear an creideamh sin idir daonnacht a íobartaigh agus fimíneacht a lucht ceannais. An sárachán gan trócaire ná meas ar duine ar bith, ach ar a leas fhéin. An banaisteoir a bhfuil a muinín á neartú aici le drugaí.

Bristear ise. Bristear an póilín rúnda ar shlí freisin, ach go dtugann sé a féinmheas slán. Sleamhnaíonn an chuid eile tríd.

Mhair mo bhean tríd an tréimhse san i mBeirlín, agus bhí sí i dteagmháil le scáta ealaíontóirí. Bhuail mé fhéin le roinnt acu. Cheapamar araon gur thug an scannán léargas maith ar an cos istigh, cos amuigh a bhain le h-aos dána an DDR.

An t-aon locht a bhí aici air ná go raibh na sráid-dreacha níos duairce ná mar ba cheart dó lár an n-ochtódaí - Trabis amháin le feiscint, cé go raibh Skoda agus rl ann san fíor saol.

Sár scannán. Nach méanar dúinn nár mhair faoi chuing péas rúnda riamh? Gur amhlaidh a bhéas amach anseo freisin.

Dóibh siad a mhair tríd, tá an cneasú fós ar siúl, agus oifig airithe ann chun cabhrú leo teacht ar pé fírinne is féidir.