Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-06-26

Úire na Staire

Bhí aitheasc a thug Breandán Ó Doibhlin agus é ag seoladh dhá úrscéal le Séamus de Napier (faoin ainm chleite ALEC BÁN MAC CONAILL) i gcló i Lá Nua dé Chéadaoin beag seo.

Is é is bua don úrscéal staire an léitheoir a bheith beo beathach sa saol réamhchóilíneach, san “Éirinn a bhí anallód ann”, mar a dúirt an file, chan ionann agus “Éirinn lucht Béarla agus anstró Gall”.
Is é sin, is leigheas é ar an bhriseadh comhfheasa a tharla dúinn, nasc nua chun slabhra an traidisiúin a cheangal ina chéile arís, chun leanúnacht féiniúlachta na nGael a shlánú arís.
Aontaím leis an méid a scríobh sé - go láidir. Sa bhreis ar sin, is breá liom úrscéalta staire, i nGaeilge nó i dteanga ar bith eile. Tá Fontenoy agus An Cléireach leite agam, dar ndóigh. Tá rud nó dhó le Ó Tuairisc léite agam, ach ní dóigh liom go bhfuil L'Attaque. Tá sin, agus an dá leabhar atá luaite san aitheasc - 1260 AD agus Seilbh na Coróine - ar mo liosta agam anois pé scéal é.

Is cosúil go bhfuil 1260 AD - nó ar a laghad leagan de - ar líne anseo.

Mar a deirim, is aoibhinn liom úrscéalta staire. Is iontach an chaitheamh aimsire iad, agus is féidir stair a fhoghlaim astu gan mórán dua (cé go gcaithfear scagadh a dhéanamh air, gan amhras).

Tá cnuasach agam de leabhair le Lion Feuchtwanger agus thaitin úrscéal Adalbert Stifter faoi bhunú ríocht na Boihéime - Witiko - go mór liom.

Anois, murach ceal L-Spáis....