Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-12-30

Blianstad

Chuir aicíd ghránna éigin na crúba go domhain ionam roinnt seachtainí ó shin. Slaghdán bhuan de shaghas éigin a d'fhág mé faonlag gan fonn, gan flosc, gan brí - gan goile fiú. Ba mhór an feall bheith gan goile ó tharla gur chaith mé seachtain den tréimhse i Darmstadt na Gearmáine. Bhíos ag súil roimh ré le súp a bhaint as dea leann agus togha na bia ann, ach ní bhfuair mé blas dá laghad ar rud ar bith agus mé ann. Ní chabhraigh sé go raibh seomra do lucht caite tobac agam ar mo chéad oíche ann. Bhí sé mall go leor nuair a tháinig mé chomh fada leis an óstán de bharr moill a bheith curtha ag ceo ar m'eitilt. D'oscail mé doras an tseomra agus tháinig rabhartha de bholadh breain tobac fuair im threo. Thar nais liom ag fiosrú an scéil leis an fáilteoir. Dúirt sé liom nach raibh a mhalairt de sheomra ann de bharr an óstán a bheith lán. Ní raibh an dara luí agam mar sin ach dul thar nais. Ansin chonac go raibh luaithreadán lán fós sa seomra, agus an cuma air nach raibh an leaba cóirithe. Thar nais liom arís, agus mé corraithe go maith. Bhí áiféala ar an bhfear bocht ach ní d'fheadfadh sé ach an leaba a chóiriú. Níor chabhraigh oíche chorraithe agus an fhuinneog ar oscailt le'm stáid. Ar amharaí an tsaoil fuair mé malairt seomra ar maidin dar gcionn.

Ach pé scéal é, ní háil liom tuarais gnó agus seomraí óstáin, fiú agus mé i mbarr mo shláinte.

Is leor sin den olágón anocht. Táim beagnach ar mo sheanléim arís, agus carn mór d'abhár leitheoireachta i ngaeilge faighte agam um Nollaig. Rud a spreagfaidh mír nó dhó níos taitneamhaí agus fiúntaí anseo, le cúnamh Dé agus na núdair - Séamas s'againne ina measc! Cá bhfios nach mbeidh sé ina Chogadh Dhearg eadrainn de bharr mo léamh ar a úrscéal?