Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-04-30

Go bhfóire Dia orainn! Diamhasla le beith ina choir

Scéal a bhí san Irish Times inné. Tá sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt coir a chruthú san Acht reatha a phléann le clúmhilleadh. Feictear dom go bhfuil an moladh atá aige thar a bheith scaoilte, agus is deacair liom aon bhuntáiste a fheisicint leis an moladh seo. Céard go díreach is brí le "ábhar atá maslach d'aon chreideamh"? Conas a chruthófar gur d'aon ghnó chun "uafás" a spreagadh i creidmhigh a dúradh nó a scríobhadh rud?

Téann creideamh go eithne féiniúlachta an duine a chreideann. Bíonn daoine goilliúnach faoi, agus glactar masla go minic agus go héasca. Ach ní dóigh liom gur féidir leis an dlí dul i ngleic leis seo. Tá dlíthe ann in aghaidh fuathghríosadh, agus is maith sin. Tá dlíthe in aghaidh clúmhilleadh.

Ní fheicim tairbhe san dlí nua seo. Sa bhreis ar an méid atá ag Carol Coulter san anailís seo (a bhfuilim ag aontú a bheag nó a mhór leis), feicim bagairt don saoirse creidimh ann.

Tar éis an tsaoil, is de bharr diamhasla a daoradh Críost! Agus tuigtear dom gur diamhasla i súil Moslamaigh é "Athair" a thabhairt ar Dhia. Is de bharr a gciontaithe i ndiamhasla a cuireadh na mairtírigh chun bás go minic.

Ní fheictear dom go bhfuil an moladh seo stuama. Cuirfidh sé bac ar phlé ionraic maidir le creideamh, agus beidh sé ina fhoinse maoine do dhlíodóirí ar feadh i bhfad!



Aguisín 2009-05-04
Meabhraíonn tagairt Dennis dom gurbh diamhasla an coir a cuireadh i leith Socrates freisin. Bhíos ag smaoineamh go príomha a ceisteanna creidimh. Ach tá gné eile den scéal - cuir in aghaidh Diamhasla mar sciath cosanta ag na húdaráis. Mar a tharla i gcás Chríost agus Socrates. Ba mar chosaint d'Eaglais Bhunaithe Shasana a ritheadh reachtaíocht maidir le diamhasla ar dtús in Éirinn. N'fheadar cén tairbhe a bhainfidh na húdaráis reatha as dlíthe mar seo? Ceist mhaith eile!