Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-05-04

Is maith an scáthán súil carad

Tá "léirmheas ag comhchéimithe" lárnach in aon saothar innealtóireachta nó eolaíochta.

Tá sé thar a bheith luachmhar in innealtóireacht bhogearraí. Tugtar "Cigireacht Fagan" ar an gcur chuige chórasach scrúdú a dhéanamh air cáipéisí, samhail nó an cód féin a bhaineann le saothar bogearra. Nuair a bhí Michael Fagan ag obair le IBM sna 1970í rinne sé cuir síos cuimsitheach ar an modh cheart leis an tairbhe is fearr a bhaint as cigireacht mar seo. (Tá a pháipéir ar fáil anseo).

Modh thar a bheith luachmhar atá ann. Is eol d'aoinne a scríobhann go minic go bhfuil botúin ann nach bhfeiceann siad féin. Tá "spotaí caocha" againn ar fad, agus is mór an chabhair é súil chomhghleacaí a theacht i gcabhair orainn. (Tá sé d'ádh ormsa maidir le scríobh theicniúil ghairmiúil go bhfuil riarthóir againn a níonn iniúchadh ghéar ar aon cháipéis a chuireann muid ar aghaidh. Ceistíonn sí rud ar bith nach dtuigeann sí, agus is minic barr feabhais ar cháipéis dá bharr).

Go deimhin, tá modhanna oibre ann ina bhfuil cigireacht mar seo lárnach - "Ríomhchlárú Beirte" a tugtar ar an gcur chuige nuair a bhíonn duine amháin ag clóscríobh, agus duine eile ag faire air. Foghlaimíonn an bheirt as seo, agus seachnaítear botúin.

Tá deacrachtaí ann freisin. Ní mian l'aoinne admháil go níonn siad botúin! Agus tá sé rí thábhachtach nach bhfeicfí cigireacht (agus lochtú) saothar mar fogha phearsanta faoin údar. Nó, níos measa fós, go mbainfí feidhm as an eolas a bhaintear as cigireacht chun measúnú a dhéanamh ar dul chun cinn nó tuarastal oibrí. Bheadh a leithéidí baolach d'ionracas agus fiúntas an chórais.

Tá sé ag dul rite orm anois tagairt a fháil, ach tá prionsabal ann a léiríonn go n-athraíonn iompar daoine de réir mar a thomhaistear é, agus bíonn tionchar ag an feidhm a bhaintear as an eolas an an athrú sin. Ní mór súil a choimeád ar an ngné sin freisin.

Tá ceachtanna anseo don bhlagadóireacht freisin, gan amhras....